Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Seomra a Sé

  • 13-03-2008 10:59am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Ó Lá Nua inniu:
    Smaoineamh aisteach atá ann rud nua a dhéanamh, rud réabhlóideach a dhéanamh, ach rud atá bunaithe ar an seanrud, ar an tseandóigh.
    Sin mar atá Seomra a Sé, sraith nua ceithre chlár drámaíochta a chraolfar beo, thar ceithre oíche, ar TG4.
    Caoga bliain agus breis ó shin, bhíodh gach rud á chraoladh beo. Anois, bíonn gach rud beagnach réamhthaifeadta ó thaobh na drámaíochta de.
    Beidh an chéad chraoladh beo, Fear ar an Stáitse, le Cecilia McAllister, le feiceáil anocht, agus ansin san oíche amárach, feicfear Bróga agus Stocaí, le Jennifer Davidson. Oíche Shathairn, beidh An Tóir, le Siobhán Phinney ar siúl, agus oíche Dhomhnaigh, cuirfear deireadh leis an tsraith le An Coinne, le Liz Nugent.
    Tá na drámaí á stiúradh ag Robert Quinn, Bríd Ó Gallchóir, Niall Ó Sioradáin agus Darch Mac Con Iomaire.
    I measc na n-aisteoirí, tá Peadar Lamb, Tomás Ó Súilleabháin agus Dairine Ní Dhonnchú, Máire Hastings, Sean McDonagh, John Burke, Ned Dennehy agus Lesley Conroy agus Máire Ní Mháille, Darach Ó Dúbháin agus Josef Hrehorow.

    Níor chuala mé aon rud faoin gclár seo?
    Ceithre chlár drámaíochta a chraolfar beo! Dheabhal, beidh an-bhrú ar roinnt daoine anocht!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Is maith liom an smaoineamh taobh thiar de seo. Beidh sé suimiúil é a fheiceáil.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Is maith liom an smaoineamh taobh thiar de seo. Beidh sé suimiúil é a fheiceáil.

    Gan amhras, táim fhéin neirbhíseach dóibh siúd a bheas ag glacadh páirt ann cheana héin.


  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007


    an mbeidh aon substitles as gaeilge ann?

    má subs gaeilge ann , beidh me ag feachaint ar gach lá


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    conor2007 wrote: »
    an mbeidh aon substitles as gaeilge ann?

    má subs gaeilge ann , beidh me ag feachaint ar gach lá

    Ní dhéarfainn go mbeidh. Bheadh sé deacair iad a chlóscríobh chomh tapaidh sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cén fáth nach bhfuair an seó seo poiblíocht ar bith - aisteach.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Fotheidil an Gaeilge ar subtitles.

    (brón orm a GhGN!)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bhí sult maith le baint as an teilifís aréir, idir an clár seo agus In the Name of the Fada.
    Cheap mé go raibh Seomra a Sé thar cionn ar fad, an-chliste agus suimiúil. Éacht eile, ag TG4.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Bhí sult maith le baint as an teilifís aréir, idir an clár seo agus In the Name of the Fada.
    Cheap mé go raibh Seomra a Sé thar cionn ar fad, an-chliste agus suimiúil. Éacht eile, ag TG4.

    Chaill mé Seomra a Sé (bhí cúis maith agam - d'fhreastail mé ar Chlub Cúpla Focal) ach féachfaidh mé ar an gclár an tseachtain seo chugainn, geallaim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Poll Dubh wrote: »
    ach féachfaidh mé ar an gclár an tseachtain seo chugainn, geallaim.

    anocht atá an chéad clár eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    anocht atá an chéad clár eile.

    Abhó, caillfidh mé an ceann seo freisin.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Abhó, caillfidh mé an ceann seo freisin.

    Agus ceann eile anocht freisin sílim.


Advertisement