Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Díospóireacht faoin nGaeilge

  • 02-04-2008 1:55am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭

    Díospóireacht glan, sibhialta faoin nGaeilge, i mBéarla, ag tarlú sa bhfóram AH.

    Le fáil anseo

    http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055266657

    Is féidir libh bhur dtuairimí faoi na ceiste seo, a nochtadh anseo, amach uaidh cáintí na Béarlóirí.:D

Comments

  • Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭JC 2K3

    Tá díoma orm roimh* cúpla duine ón bhfóram seo i ndiadh a tharla.

    Ní aontaím leis an snaithín seo ach an oiread. Cén mhaitheas atá i ndíospóireacht faoin nGaeilge idir labhairtheoirí na teanga, ie. taobh amháín?

    *Réamhfhocal ceart?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    JC 2K3 wrote: »
    Ní aontaím leis an snaithín seo ach an oiread. Cén mhaitheas atá i ndíospóireacht faoin nGaeilge idir labhairtheoirí na teanga, ie. taobh amháín?

    Glacaim leis an seasamh atá agat faoin snáithín seo, ach tá roinnt snáithíní eile feicfidh agam cheanna ag déanamh plé ar an taobh eile den scéal amháin(ní amháin ar Boards.ie).

    Más rud é nach aontaíonn tú leis an snáithín seo, tuigim, ach cheap mé go mbeadh sé suimiúil tuairimí daoine a fháil anseo freisin, "gan cáintí na Béarlóirí" mar a dúirt mé.

    Níor theastaigh uaim tuairimí daoine sa snáithíní eile a bhaint óna chéile, gan deis freagartha a thabhairt dóibh. Ní raibh ann ach gur cheap mé go mbeadh sé suimiúil.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is fearr liom féin m'am a chaitheamh ag caint i nGaeilge seachas faoi Ghaeilge de ghnáth. Is cuma cé mhéid diospóireachtaí atá ann faoi Ghaeilge, ní bheadh aon duine ag tabhairt aon fhiúntas dóibh mura bhfeiceann siad daoine ag úsáid an teanga.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ní féidir díospóireacht ghlan sibhialta a tharlú faoin Ghaeilge, agus ag breathnú air feicim go bhfuil janeybabe, bean a raibh fáilte Uí Cheallaigh roimpi anseo i gcónaí ag rá go bhfuil sí "put off learning Irish by certain posters"! "So I'm off to erase all Irish from my brain. With any luck, I'll have done it in time for the class I'm teaching tomorrow!" Cé chomh neamhaibí is atá an meon sin? Is iomaí daoine ag Dia agus cén fáth go mbunófaí aoinne tuairim ar theanga bunaithe ar thuairim daoine amháin!

    Tá daoine thall ansin ag rá gur daoine ardnósach Gaeilgeoirí! Daoine bródúil atá i gceist acu b'fhéidir.
    Agus i ngeall ar "na daoine ardnósacha" seo tá roinnt daoine á put off learning Irish!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Stollaire wrote: »
    feicim go bhfuil janeybabe, bean a raibh fáilte Uí Cheallaigh roimpi anseo i gcónaí ag rá go bhfuil sí "put off learning Irish by certain posters"! "So I'm off to erase all Irish from my brain. With any luck, I'll have done it in time for the class I'm teaching tomorrow!" Cé chomh neamhaibí is atá an meon sin? Is iomaí daoine ag Dia agus cén fáth go mbunófaí aoinne tuairim ar theanga bunaithe ar thuairim daoine amháin!
    Measaim go bhfuil sí ag magadh, tá níos mó ciall aici ná droim a chasadh i dtreo an teanga tar éis sin. Sílim go raibh sí ag iarraidh a bheith íorónach.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Díospóireacht glan, sibhialta faoin nGaeilge, i mBéarla, ag tarlú sa bhfóram AH.

    Le fáil anseo

    http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055266657

    Is féidir libh bhur dtuairimí faoi na ceiste seo, a nochtadh anseo, amach uaidh cáintí na Béarlóirí.:D

    *Méanfach* An gnáth-chacamas a bhíonn ann i gcónaí. "Ta an Ghaeilge go hiontach!/Tá an Ghaeilge go holc!" :rolleyes:
    Níl mé sásta mo shaol a chur amú ag glacadh páirte sna díospóireachtaí seo a thuilleadh. Níl sibh chun intinn na mBéarlóirí díograiseacha a athrú trí dhíospóireacht. Is fearr díriú ar an tromlach mór atá dearfach i leith na teanga agus tiocfaidh lucht an Bhéarla ina ndiaidh ar deireadh, nuair a fheicfidh siad go bhfuil an taoide ag casadh.
    Is oth liom go bhfuil an cartún seo as Béarla, ach tá pointe maith á dhéanamh ann:

    duty_calls.png

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Is féidir linn áfach na ceisteanna a tagann suas a fhreagairt gan aon argóint faoi beocht an teanga.

    Ar dtús "Níl gá leis an teanga, don todhchaí bhfearr dúinn Gearmáinis/Fraincis/Spáinnis a fhoghlaim chun cumhacht iomlán an AE a fháil." É sin a phlé.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Measaim go bhfuil sí ag magadh, tá níos mó ciall aici ná droim a chasadh i dtreo an teanga tar éis sin. Sílim go raibh sí ag iarraidh a bheith íorónach.

    Ba cheart dhuit é a léamh aríst mar sin.
    http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055266657&page=5
    Is oth liom go bhfuil an cartún seo as Béarla, ach tá pointe maith á dhéanamh ann:

    Cuirfead Gaeilge air mar sin :D

    Untitled+1.jpg

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Ba cheart dhuit é a léamh aríst mar sin.
    http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055266657&page=5

    Cuirfead Gaeilge air mar sin :D

    An bhfuil tú in ann a leithéid a dhéanamh. Ba bhreá liom leagan Gaelach a fháil de, cinnte. Cén chaoi a ndéanann tú a leithéid? Photoshop?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »

    Tá cineál photoshop saor in aisce agam a fuair mé ón idirlíon, tá sé curtha suas agam ansin. Fáilte roimh cheartúcháin agus moltaí.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Stollaire wrote: »
    Ba cheart dhuit é a léamh aríst mar sin.
    http://boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=2055266657&page=5
    Níor léigh mé an darna píosa a bhí scríofa aici go dtí anois. Is trua go bhféadfadh iompar duine amháin ar an idirlíon cur isteach uirthi mar sin.
    Stollaire wrote: »
    Cuirfead Gaeilge air mar sin :D

    Untitled+1.jpg

    Rachainn le 'duine eicínt' seachas 'rud eicínt'.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Tá cineál photoshop saor in aisce agam a fuair mé ón idirlíon

    Céard é?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Rachainn le 'duine eicínt' seachas 'rud eicínt'.

    ó gura maith a'ad. Ceart agat, níor léigh mé an leagan Béarla i gceart. Ní shílim go bhfuilim in ann an cló a fháil, déarfainn go raibh sé scríofa mar sin.
    Céard é?

    PhotoFiltre atá air, níl sé thar mholadh beirte ach oibríonn sé ar a laghad.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Agus Tá OpenOffice as Gaeilge- le saghas paint as Gaeilge

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Untitled+1.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Paint an rud is éasca úsáid le haghaidh obair dá leithéid, ach más Photoshop atá uaibh saor in aisce, bainigí triail as The Gimp, uirlis leis na mílte uirlisí chun obair a dhéanamh ar ghriangrafanna 7rl.

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    is fuath liom daoine , cé nach maith sibh bhur muinteora agus mar sin tá fadhb acu ar ngaeilge

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    conor2007 wrote: »
    is fuath liom daoine , cé nach maith sibh bhur muinteora agus mar sin tá fadhb acu ar ngaeilge

    Ná bac leo. Tá mé ar aon intinn le Múinteoir ar seo. B'fhearr eiseamláir a léiriú trí do Ghaeilge a úsáid go rialta. Tiocfaidh daoine chun a fháil amach cad atá muid ag caint faoi agus tosóidh siad ag úsáid Gaeilge chun páirt a ghlacadh sa chomhrá.

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    ar chuala einne ar a tuairimi ronny drew?

    (béarla)''banned books in irihs should be translated into irish as an incentive for the irish people to learn their own language'' (béarla)

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    Múinteoir wrote: »
    *Méanfach* An gnáth-chacamas a bhíonn ann i gcónaí. "Ta an Ghaeilge go hiontach!/Tá an Ghaeilge go holc!" :rolleyes:
    Níl mé sásta mo shaol a chur amú ag glacadh páirte sna díospóireachtaí seo a thuilleadh. Níl sibh chun intinn na mBéarlóirí díograiseacha a athrú trí dhíospóireacht. Is fearr díriú ar an tromlach mór atá dearfach i leith na teanga agus tiocfaidh lucht an Bhéarla ina ndiaidh ar deireadh, nuair a fheicfidh siad go bhfuil an taoide ag casadh.
    Is oth liom go bhfuil an cartún seo as Béarla, ach tá pointe maith á dhéanamh ann:

    duty_calls.png

    Aontaim - ''tá an réabhlóid teanga anseo'' (mó rúdaí mar sin) - mac an easpaig

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer

    Cuireann argóintí mar sin fearg agus díomá orm... Tá an iomarca fuath ag daoine faoin a dteanga féin.

    Ar aon chaoi, seachnaím AH de ghnáth, bíonn a lán seafóid ann, ní dhéanann sé aon mhaith do mo chroí. Ag deireadh an lae, mar a dúirt Polldubh, is maith le daoine troid ar an idirlíon, ach ní dhéanann sé aon maitheas don teanga (nó don aon rud). B'fhéidir go bhfuil duarcán mé, ach ní dóigh liom go n-athróidh díospóireacht (AH, freisin) ar an idirlíon intinn aon duine.

  • Closed Accounts Posts: 636 ✭✭✭conor2007

    sin firinne ^

    bhi daoine ag caint faoi ''ne beidh me i teach na gealt tar eis sin'' - ni beidh me i after hours tar eis sin

    seafoideach!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    beingfive.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle

    Stollaire wrote: »
    Ní féidir díospóireacht ghlan sibhialta a tharlú faoin Ghaeilge, agus ag breathnú air feicim go bhfuil janeybabe, bean a raibh fáilte Uí Cheallaigh roimpi anseo i gcónaí ag rá go bhfuil sí "put off learning Irish by certain posters"! "So I'm off to erase all Irish from my brain. With any luck, I'll have done it in time for the class I'm teaching tomorrow!" Cé chomh neamhaibí is atá an meon sin? Is iomaí daoine ag Dia agus cén fáth go mbunófaí aoinne tuairim ar theanga bunaithe ar thuairim daoine amháin!

    Tá daoine thall ansin ag rá gur daoine ardnósach Gaeilgeoirí! Daoine bródúil atá i gceist acu b'fhéidir.
    Agus i ngeall ar "na daoine ardnósacha" seo tá roinnt daoine á put off learning Irish!

    Ó tá brón orm faoi sin! Ní raibh mé ach ag magadh! LOL ní raibh a fhios agam go raibh daoine ag caint faoin rud a dúirt mé!

    Sé a bhí a rá agam ná go raibh cúpla duine ag tabhairt íomhá mícheart do dhaoine faoi cad a cheapann na daoine a bhíonn ag caint as Béarla.

    Is breá liom an Gaeilge, ní bheadh mé i mo mhúinteoir muna raibh grá agam don teanga, ach nílim chun a rá go bhfuil éinne mícheart muna bhfuil an teanga acu!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Right, that does it. Thread locked.

    Agus níor thóg sé ach cúig leathanach déag!...:rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá súil agam go mbeadh Conor2007/Conchubar1 ar ais go luath. Chaillfinn mo bhloc i bhfad níos luaithe dá dtógfainn páirt sa díospóireacht sin. Cuireann sé fearg orm nuair a fheicim cé chomh toilteanach atá a lán daoine teanga dhúchasach mhionlach a chur faoi chois.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »
    Tá súil agam go mbeadh Conor2007/Conchubar1 ar ais go luath. Chaillfinn mo bhloc i bhfad níos luaithe dá dtógfainn páirt sa díospóireacht sin. Cuireann sé fearg orm nuair a fheicim cé chomh toilteanach atá a lán daoine teanga dhúchasach mhionlach a chur faoi chois.

    Chaill mé mo ciall ag deireadh ansin. An fadhb ná go bhfuil meon frith-gaelach comh-cinnte acu

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    janeybabe wrote: »
    Ó tá brón orm faoi sin! Ní raibh mé ach ag magadh! LOL ní raibh a fhios agam go raibh daoine ag caint faoin rud a dúirt mé!

    Sé a bhí a rá agam ná go raibh cúpla duine ag tabhairt íomhá mícheart do dhaoine faoi cad a cheapann na daoine a bhíonn ag caint as Béarla.

    Is breá liom an Gaeilge, ní bheadh mé i mo mhúinteoir muna raibh grá agam don teanga, ach nílim chun a rá go bhfuil éinne mícheart muna bhfuil an teanga acu!

    Mo leithscéal a janeybabe, bhí breall orm.

Advertisement