Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Daoine Frith-Ghaelacha ag Caitheamh Anuas ar Ghaelgóirí?

  • 06-04-2008 5:56pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 7,794 ✭✭✭


    Poll Dubh wrote: »
    Sílim féin go bhfuil an rud is fearr faoin bhfóram seo ná go bhfuil mé in ann Gaeilge a úsáid gan daoine frith-ghaelach ag caitheamh anuas orm.

    Caithfidh mé a rá nach raibh fadbh agam riamh le éinne ag caitheamh anuas orm toisc gur féidir liom Gaeilge a labhairt. An dtarlaíonn sé daoibh go minic?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Eh mo ráiteas níos luaithe:
    JC 2K3 wrote: »
    Is maith liom labhairt as Gaeilge, seachas faoin nGaeilge agus ní thaitníonn bheith ag tabhairt amach faoi dhaoine "frith-Ghaelach" liom ar chor ar bith.

    Is féidir comhrá a beidh againn faoi pé rud ba mhian leat, ach is í an Gaeilge saghas "common factor" dúinn.
    JC 2K3 wrote: »
    Ní tháinig mé ar éinne riamh a chaith anuas orm toisc go bhfuil Gaeilge agam. Tuigim agus tá meas agam ar dhearcaigh daoine eile. Déanfaidh mé díospóireacht leo agus cuirfidh mé mo thuairim chun cinn, ach ní cháinfidh mé iad trí mheán nach féidir leo a thuiscint.

    Ag caint faoi Conchubhar?

    Ag an am céanna bhíos fhéin i scoil rugbaí agus bhí an meon frith-gaelach ann. Bhí daoine cinnte go raibh mé páirteach do Óige Sinn Féin, bhí ráflaí láidir ann.

    Déanaim comhrá faoi rudaí, ach má maslaítear mé, nílim chun luí síos.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Am amháin bhí mé ag ceannach Foinse in Easons agus an aghaidh a bhí ar an gcailín... cheapfá go mbeadh mé tar éis kiddyporn nó rud éigin a cheannach.

    Níl aon taithí eile frith-ghaelach agam, áfach. Buaileann tú le daoine agus is fuath leo Gaeilge, ach is cuma leo fad is nach bhfuil orthu í a fhoghlaim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 25,005 ✭✭✭✭Toto Wolfcastle


    Buaileann tú le daoine agus is fuath leo Gaeilge, ach is cuma leo fad is nach bhfuil orthu í a fhoghlaim.

    Cosúil leatsa, ní raibh fadhb ar bith agam riamh. Gan amhras, tá daoine ann agus fadhb acu leis an nGaeilge agus le daoine a labhrann an Gaeilge, ach ní thugaim aon aird orthu.

    Bíonn fadhbanna ann, áfach, nuair a bhíonn daoine ag rá le daoine eile nach ‘Éireannaigh’ iad muna bhfuil suim acu sa Ghaeilge. Is argóint amadach é seo, i mo thuairim.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Is fadhb ollmhór domsa a bhí sna frith-ghaeilgeoirí agus mé ag fás aníos –táim ag ceapadh go bhfuil feabhas tagtha ar an scéal le 2 nó 3 blian anuas, ón am a bhí mé fhéin ar scoil agus go bhfuil meon difriúil ag déagóirí na tíre i leith an teanga anois, ach is cuimhin liom troideanna ag tosnú idir mo scoil fhéin agus scoileanna eile sa cheantar mar gheall nach raibh siad sásta go raibh cumarsáid á dhéanamh againne trí mheán na Gaeilge ar busanna agus a leithéid. Is mór an trua a bhí ann – ach ar slí amháin d’fhás mo ghrá fhéin don teanga dá bharr.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Scéal cosúil go mór le do cheann agamsa. Níor fhreastail mé ar meanscoil Gaelach, ach is cuimhin liom maslú agus a leithéad de dheasca bheith i mbunscoil lán-Gaelach. Nílim ró-dhiúltach faoi anois, míthuiscint a bhí ann.


  • Advertisement
Advertisement