Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Boards.ie as Gaeilge?

2»

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Ó eolas a thug Poll Dubh sa fóram 'Development' anseo is léir go bhfuil Foras na Gaeilge ag obair le peoplesrepublicofcork.com chun vbulletin a aistriú go Gaeilge chomh maith.

    Sheolas r-phost chuig Foras inniu go bhfeicfimid cé mar atá ag éirí leo. Táim ag súil go mbeimid in ann an obair a roinnt agus an tionscnamh a chríochnú níos scioptha le cabhair uathu siúd.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ó mo léamhsa ar cad a dúirt Poll Dubh ar an snáithe eile sin, 'seard atá ann ná ní bheidh muid in ann Gaeilge a fheiceáil ar an bpríomhleathanach .i. rudaí ar nós New Thread, replies, views srl

    An bhfuil an ceart agam faoi sin?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá a lán ceannteidil ar an bpríomhleathanach nach bhfuil ar na leathanaigh eile cosúil le 'latest forum posts', 'recent updates'. De réir Cult, ní féidir na ceannteidil siúd a aistriú. Mar thoradh air sin ní bheadh mórán Gaeilge le féiceáil ar an bpríomleathanach den leagan Gaeilge.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC

    Ní úsáidimse an príomh-leathanach ró-mhinic ar aon nós, úsáidimse an 'drop-down menu', ach ní bheimid in ann é sin a aistriú ach oiread toisc gur ainmneacha fóraim atá ann.

    Nuair atá an mór-shuíomh féin aistrithe is féidir linn bogadh ar aghaidh agus smaoineamh faoi dul i ngleic ar bhealach eile an príomh-leathanach a aistriú.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá brón orm faoin ais-éirí seo :P, ach tá nuacht agam daoibh: Duirt mé le Forbairt Boards go bhfuil an aistriúcháin peoplesrepulic críochnaithe, agus an aistriúcháin le fáil anseo.

    Tá súil agam go bhfuil daoine fós ar son an aistriúcháin (go háirithe nuair nach bhfuil obair i gceist!). caithfidh mé a rá go rinne Pól Dubh neart obair ar an aistriúcháin anseo - Ba mhaith liom rá go raibh maith agat faoi sin, agus maith thú.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    smaoineamh iontach é seo

    maith sibh

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Tá brón orm faoin ais-éirí seo :P, ach tá nuacht agam daoibh: Duirt mé le Forbairt Boards go bhfuil an aistriúcháin peoplesrepulic críochnaithe, agus an aistriúcháin le fáil anseo.

    Tá súil agam go bhfuil daoine fós ar son an aistriúcháin (go háirithe nuair nach bhfuil obair i gceist!). caithfidh mé a rá go rinne Pól Dubh neart obair ar an aistriúcháin anseo - Ba mhaith liom rá go raibh maith agat faoi sin, agus maith thú.

    Ní dhearna mé mórán i ndáiríre ach buíochas ar aon chaoi. Ní raibh mó chroí sa togra nuair a fuair mé amach nach mbeadh an príomhleathanach as Gaeilge mar gheall go raibh an leathanach beagnach go léir saincheaptha. Ach má chuireann Boards an paca teanga Gaeilge ón Daonphoblacht ar fáil, b'fhéidir go mbeidh Cult sásta an ríomhchlárú a dhéanamh chun an príomhleathanach a chur as Gaeilge amach as seo.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »

    Rinne tú alán obair air Féach!. Níl a fios agam faoin aistriúcháin ó Daonphoblach - duirt Ronny dom go bhfuil píosaí saghas aisteach ann.

    Déarfainn nach mbeidh fadhb ollmhór leathanach baile eile a chur isteach. Fiú gan an RSS (Ní úsáidim é ar aon nós). Beidh orainn fannacht go dtí go bhfuil freagra ar an fóram 'Forbairt' ar aon nós...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Rinne tú alán obair air Féach!. Níl a fios agam faoin aistriúcháin ó Daonphoblach - duirt Ronny dom go bhfuil píosaí saghas aisteach ann.

    Déarfainn nach mbeidh fadhb ollmhór leathanach baile eile a chur isteach. Fiú gan an RSS (Ní úsáidim é ar aon nós). Beidh orainn fannacht go dtí go bhfuil freagra ar an fóram 'Forbairt' ar aon nós...

    Mar a deir siad i mBéarla - ní raibh ann ach braon san aigéan. Tá áthas orm go bhfuil an jab críochnaithe ag duine eile - is féidir linn na hearráidí a ghlanadh suas. Tá mé ar mo bhealach anois go Forbairt chun mo ghuth a chur leis an bhfeachtas.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ceapaim gur fiú brú amháin eile a chur san tionscnamh seo, agus é a chríochnú!

    D'fhéach mé tríd an aistriúcháin ón Daonphoblacht, nílimse ábalta é a ceartú níos fearr ná atá sé anois - ach níl Gaeilge crinn agam...

    Dar liom an bealach is fearr ná an aistriúcháin seo a úsáid (Is fearr Gaeilge Briste ná Béarla cliste), ach le rogha ceann ceartaithe a chur isteach tar éis leath bhliain má aontaíonn siad le sin. Mar atá tá an tionscnamh tar éis bás a fháil - níl aon obair déanta ar an wiki ó Meitheamh.. beidh sé níos fearr rud beag a fháil ón obair atá déanta.

    Smaointí faoi sin?

Advertisement