Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Ainmeacha ar Estáit Tithíochta in nGaillimh

  • 17-04-2008 1:26pm
    #1
    Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭


    Ceapaim go bhfuil polasaí i nGaillimh de réir na hainmeacha gur féidir a chuir ar estáit nua tithíochta. Caithfaidh siad bheith i nGaelige. We Gaeilge de shaghas ar aon chaoi!

    Tá ceann faoi láthair sna páipéir darbh ainm "Cóill Dáir".

    Bhí litir mhaith i ceann do na páipéir áitiúl an seachtain seo caite faoi. Anois, domsa agus do scríobhneoir an litir, bíonn dáir ort nuair atá tú ag iarraidh gnéas a bheith agat. Mar shampla "Bhí dáir ceart air i ndiadh Basic Instinct a fheiceál aréir".

    Ní cuimhin liom an aistriú ar cóill ach tá brí éicint leis.

    Táim dearafa gurb Coill Dara / Dair a bhí i gceist acu, ach in ainm Dé, cé chomh deacair is atá sé na rudaí seo a seiceál?

    Cuma liom faoi litríocht agus gramadach don chuid is mó, ach in áiteanna mar seo ba chóir dóimh ar a laghaid ciall a dhéanamh.

    Cúpla sampla eile:

    An Lárnach
    Lus Léana - Lawnlike herbs (??)
    Boireann Beag - B'fhéidir Bóithrín bheag??
    Baile an Choiste - Committee Town
    An Luasán - Cliú dá laghad agam. Luas = speed nach hea?
    Bóthar le Chéile
    Rath Lao

    An bhfuil an polasaí seo in áiteanna eile sa tír?


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Seo an rud atá i gceist agat, is dóigh. Níl an polasaí le fáil in aon áit eile, go bhfios dom. Bhí scéal ann roinnt blianta ó shin go raibh roinnt de na comhairleoirí ag iarraidh deireadh a chur leis an bpolasaí, mar mhaígh siad go raibh na hainmneacha Gaelacha ag cur mearbhaill ar na tiománaithe tacsaí. :rolleyes: Theip ar an iarracht sin, ar an dea-uair. Ach is úafasach an rud é go gceadaítear droch-litriú mar sin. Is fadhb náisiúnta é le comharthaí Gaeilge; is náireach an rud é. Fahdb amháin atá ann, ná nach gclúdaítear comharthaí Ghaeilge in Acht na dTeangacha Oifigiúla.

    Seo alt faoi chomhartha Gaeilge do 'Gaillimh' ar a raibh 'Garnimh' scríofa.

    Seo roinnt samplaí eile de dhroch-litriú ar chomharthaí sráide.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Tá eastáit tithíochta taobh liom i gCaisléan Cnúcha le cómhartha a deireann: "Pháirc Mhór" agus ansin "Na Páirc Mhór" ag an taobh eile. Parkmore an t-ainm a bhí air i mBéarla. Níl aistriuchán níos simplí le fáil sa chathair, agus rinne siad botún.

    Cheap mé go mbeadh an staid níos fearr thall thiar ach níl an cuma sin ar rudaí, ó do phost.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    quote "Lus Léana - Lawnlike herbs (??)
    Boireann Beag - B'fhéidir Bóithrín bheag??

    Lus Léana = Spearmint

    An Bhoireann = The Burren

    Boireann Bheag = Small Rocky Place.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Rinne mé géarán leis an gCoimisinéir Teanga tamall ó shin agus chuir mé mo sheoladh as Gaeilge ar an ngéarán. Sheol oifig an choimisinéara freagairt ar ais chugam ach ní raibh na giniais i m'oifig an phoist áitiúil in ann oibriú amach go gciallaíonn 'Páirc na bhFianna' Deerpark agus sheol siad an fhreagairt ar ais go dtí an Coimisinéir.


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Múinteoir wrote: »

    Bhí mé ag caoineadh gáire ag roinnt dóibh súid níos luaithe, faoi na rudaí a bhí scríofa in aice leo ag an údar don chuid is mó.


  • Advertisement
Advertisement