Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Nathanna Cainte

  • 02-05-2008 12:54pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    An bhfuil aon cheann Gaelach agat, chun ár saibhreas teanga a mhéadú. Ní seanfhocail atá i gceist agam, ach bealaí ar leith chun rud éigin a rá sa Ghaeilge. Is maith liomsa an ceann seo:

    Cuireann sé soir mé. - Cuireann sé as dom go mór/cuireann sé as mo mheabhair mé/cuireann sé fearg orm.

«1

Comments

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,750 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Tá snáithín eile á chruthú agam cheanna anseo: http://www.boards.ie/vbulletin/showthread.php?t=245889.

    Tá a lán nathanna ansin a bhfuil so-úsáidte. D'fhoghlamas iad ó mo shean mhuinteoir i meanscoil. Tá súil agam go mbeidis úsáidte duit.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá píosa iontach á reáchtáil ag Lá Nua le déanaí le nathanna cainte nua sa nuachtán gach lá.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Seo a leanas roinnt de na nathanna ó Lá Nua:

    -Uair sna naoi n-aird Once in a blue moon
    -Ní fiú tráithnín é Its not worth a dam
    -Nuair a thiteann ballaí ifrinn When hell freezes over
    -Bhí uirthi labhairt trína fiacla She had to eat her words

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »

    Tá siad go maith, ach nach bhféadfá iad a mhíniú dúinn as Gaeilge. :(

    Cúpla ceann eile uaimse:

    - Rinne sé magairlí cránach den obair - Rinne sé praiseach den obair.
    Magairlí - ní dóigh liom gur gá an focal seo a mhíniú :D
    - Cráin (t.gin. cránach) = Muc bhaineann.
    - Ar ndóigh ní bheadh magairlí ar chráin, mar sin is léiriú maith é ar an bpraiseach atá déanta.

    - Rinne sé ciolar chiot de - Thug sé léasadh/greadadh maith dó/d'fhág sé leathmharbh é.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Is maith liom an ceann seo a bhí ag Stollaire cúpla mí ó shin:

    chomh marbh le hart

    Is focal eile d'fia é hart. Ciallaíonn an nath go bhfuil deireadh le rud éigin agus níl seans ar bith go mbeidh sé ar ais go deo. I mBéarla deirtear 'dead as a dodo'.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Seo ceann a bhí ag Gufcfan sa snáithe 'An bhfuil Gaeilge maith agat?'

    Tá Gaeilge agam ón gcliabhán.

    Ciallaíonn cliabhán leaba beag do leanbh óg. Duine atá Gaeilge aige ón gcliabhán, bhí a thuismitheoirí ag labhairt Gaeilge leis ó bhí sé an-óg agus tá sé ina chainteoir dúchais .

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ar Luas Lasrach (tuiseal ginideach de 'lasair') - go han-tapaidh ar fad.

    "Bhí an carr á thiomáint ar luas lasrach".

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    uasadaim a lán lán nathanna cainte nuair atá mé ag deanamh scrúdu

    ach, táim ag bull**** nuair atá mé ag scriobh - ach níl mé abalta ag smaoimneamh faoi aon rud nuair atá mé ag caint

    deirim cúpla rud nuair atá mé ag caint as béarla - cosuil le ''sin é, as they say'' - níl fhios agam cén fath ach - deirim

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá an diallait ar an each contráilte agat

    diallait = an rud a chuireann tú ar dhroim capaill nuair atá sé ar intinn agat dul ag marcaíocht.
    each = capall
    contráilte = mícheart

    Úsáidtear an nath seo chun cur in iúl go bhfuil duine ag déanamh rud nach bhfuil aon fhiúntas leis. Deir Béarlóirí go bhfuil tú ag tafann suas an crann mícheart.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Tá an diallait ar an each chontráilte agat

    diallait = an rud a chuireann tú ar dhroim capaill nuair atá sé ar intinn agat dul ag marcaíocht.
    each = capall
    contráilte = mícheart

    Úsáidtear an nath seo chun cur in iúl go bhfuil duine ag déanamh rud nach bhfuil aon fhiúntas leis. Deir Béarlóirí go bhfuil tú ag tafann suas an crann mícheart.

    GRMA a Phoill Dhuibh; sin ceann amháin nach raibh ar eolas agamsa. Ach nach focal firinscneach é 'each' - each contráilte?

    Uasal le híseal a dhéanamh le duine
    - Nuair a bhíonn duine ag caitheamh/ag caint le duine eile amhail is gur páiste é, nó amhail is nach bhfuil sé chomh cliste leis an duine eile.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá an ceart agat - tá sé leasaithe anois.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Fuair mé an nath sin ó 'Gaelic Idioms, English-Irish' ag G.Bannister agus tá ceann eile aige 'Nathanna Cainte - Gaeilge-Béarla'. Is fiú iad a fháil, tá siad le fáil ó litríocht.com

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 939 ✭✭✭Aurora Borealis

    Múinteoir wrote: »
    Cuireann sé soir mé. - Cuireann sé as dom go mór/cuireann sé as mo mheabhair mé/cuireann sé fearg orm.

    +1

    An soir atá i gceist anseo ná teach na ngealt soir i mBéal Átha na Sluaighe..

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tá na seacht sraith ar an iomaire agam - Tá mé thar a bheith gnóthach le hobair/Tá mé báite san obair

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá dinglis i mo chosa - tá fonn taistil/fánaíochta orm.

  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun

    Na rudai is fearr liom na:
    • An rud ab aite ar fad......
    • Idir an da linn
    • Go deimhin!
    • Mar is gnach
    • I ndeireadh na feide
    An bhfuil duine eigin ag bailiu iad no pe rud?

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ceann eile a thaitníonn liom ná i ndeireadh na dála... Ar ndóigh, bíonn ag deireadh an lae á labhairt/scríobh ag go leor daoine mar gheall ar thionchar an Bhéarla, ach is é i ndeireadh na dála an leagan dúchasach Gaelach ceart.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Na rudai is fearr liom na:
    • An rud ab aite ar fad......
    • Idir an da linn
    • Go deimhin!
    • Mar is gnach
    • I ndeireadh na feide
    An bhfuil duine eigin ag bailiu iad no pe rud?

    Cad is brí le 'I ndeireadh na feide'?

  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun

    Mar ata thuas luaite le Muinteoir, is ceann eile "i ndeireadh na feide" a usaid in ionad na rudai nios coitianta na "i ndeireadh na dala" no "ag deireadh an lae". Usaidtear go mion minic i Baile an Fheirtearaigh agus trid an Daingean

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Go raibh maith agat. Tá súil agam go mbeidh mé sa cheantar sin i rith an tsamhraidh - tá sé ar intinn agam Sliabh Bhreandáin a dhreapadh agus cá bhfios, b'fhéidir go gcloisfidh mé an nath sin freisin.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,131 ✭✭✭MissHoneyBun

    Ead an domhan orm Poll Dubh. Ta suil agam go mbainfaidh tu an taitneamh as an turas seo :) Cuir line orm ma chloiseann tu an leagan cainte a bhi a phle againn!

    (Ta bron orm a chairde, ni bhionn usaid an 'fada' le fail agam ar an riomhaire seo)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí dhá cheann a ghoile ag gabháil.

    I bhfocail eile - bhí sé ag caitheamh aníos agus ag cac ag an am céanna.

    Tharla sé dom uair amháin tar éis an-iomarca óil agus féasta mór Abrakebabra ach buíochas le Dia bhí an doirteal díreach in aice an leithris. :pac:

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Mar ata thuas luaite le Muinteoir, is ceann eile "i ndeireadh na feide" a usaid in ionad na rudai nios coitianta na "i ndeireadh na dala" no "ag deireadh an lae". Usaidtear go mion minic i Baile an Fheirtearaigh agus trid an Daingean

    Ní dóigh liom gurb ionann I ndeireadh na dála agus I ndeireadh an feide, le fírinne. Úsáidtear I ndeireadh na dála chun suimiú a dhéanamh ar an toradh atá ar rud atá críochnaithe, de ghnáth:

    “D’éirigh leis pas a fháil sa scrúdú, i ndeireadh na dála”

    Ach úsáidtear I ndeireadh na feide nuair atá rud áirithe ag teacht chun deiridh nó ar tí bás a fháil, b’fhéidir. Ar na cosa deiridh, más maith leat.

    “Bhí cumhacht Impireacht na Breataine i ndeireadh na feide, tar éis an Dara Cogadh Domhanda.”

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Dúnadh an dorais tar éis na foghla - Rud a dhéanamh nuair atá sé ró-dhéanach chun an cás a leigheas.

    Is suimiúil an chaoi a bhfuil sé seo difriúil leis an leagan Béarla. Sa Ghaeilge, tá an doras á dhúnadh tar éis ionsaí, ach sa Bhéarla tá an doras á dhúnadh tar éis éalú (an capall, ar ndóigh)!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Múinteoir wrote: »
    Ceann eile a thaitníonn liom ná i ndeireadh na dála... Ar ndóigh, bíonn ag deireadh an lae á labhairt/scríobh ag go leor daoine mar gheall ar thionchar an Bhéarla, ach is é i ndeireadh na dála an leagan dúchasach Gaelach ceart.

    Agus dar ndóigh, leagan coitianta eile:

    "Sa deireadh thiar thall"

  • Closed Accounts Posts: 9 Zebby

    An bhfuil 'Ní mó ná sásta a bhí mé' luaite go fóill?

    Ceapaim gur sin an fhoirm ceart, ach ní gheallaimse aon rud daíobh. :D Nócha fan gcéad an ama, ní úsáidtear i gceart é, agus cuireann sé isteach go mór ar mo mhúinteóir gaeilge...

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Zebby wrote: »

    Conas a bhíonn sé mícheart ag daoine?

  • Closed Accounts Posts: 9 Zebby

    Ní mó ná sásta mé, níor mó ná sásta a bhí mé, níor mór ná sásta a bhí mé, srl.

    Measaim nach bhfuil i gceist ach an méid focail atá á úsáid, agus sin an rud atá chomh deacair faoi.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Castar na daoine ar a chéile - Is áit bheag é an domhan agus bíonn daoine ag bualadh le daoine eile in áiteanna nach mbíonn siad ag súil leo.

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Ní cathair mar a tuairisc í * - Níl sí chomh maith is a cheaptar/deirtear i gcoitinne.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth. 197

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael

    Tadhg an Mhargaidh* - gnáthdhuine, an gnáthfhear ar an tsráid.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth. 1191

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Ba bhuairt suain dom é. = Bhí sé ag goilliúint chomh mór sin ar m'aigne go raibh sé ag teacht idir mé agus codladh na hoíche.

    Do dhubhaigh is do ghormaigh air le feirg. = Chlaochlaigh a ghnúis le feirg.

    Sé a athair ina aithbhreith é. = Níl oighre ar a athair ach é.

    B'fhearr liom do chabhair ná do chealg. = B'fhearr liom mar charaid ná mar namhaid thú.

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Láidriú Cainte.

    Athuair = Arís.

    Ina dhiaidh sin is uile = mar sin féin.

    Sceimhle croí = scanradh.

    Is minic a bhí eagla ar dhuine agus níor bhaol dó = is minic a bhí imní ar dhuine gan chúis.

    Níl aon chaitheamh agam i ndiaidh leabhar = níl aon tóir ar leabhair agam = is beag é mo spéis i leabhair.

  • Closed Accounts Posts: 862 ✭✭✭cautioner

    Tulyar wrote: »
    Ba bhuairt suain dom é. = Bhí sé ag goilliúint chomh mór sin ar m'aigne go raibh sé ag teacht idir mé agus codladh na hoíche.

    Do dhubhaigh is do ghormaigh air le feirg. = Chlaochlaigh a ghnúis le feirg.

    Sé a athair ina aithbhreith é. = Níl oighre ar a athair ach é.

    B'fhearr liom do chabhair ná do chealg. = B'fhearr liom mar charaid ná mar namhaid thú.

    Is aoibhinn liom do chuid nathanna; faraor, níl mo Ghaeilge maith go leor chun na cinn seo a thuiscint :o
    An féidir leat iad a mhíniú le do thoil?

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    cautioner wrote: »
    Is aoibhinn liom do chuid nathanna; faraor, níl mo Ghaeilge maith go leor chun na cinn seo a thuiscint :o
    An féidir leat iad a mhíniú le do thoil?

    A Chautioner,
    Déanfad mo dhícheall iad a mhíniú chomh maith agus is féidir liom.

    (1) Ba bhuairt suain dom é = bhíos chomh buartha agus chomh corraithe sin nach rabhas in ann dul a chodladh.

    (2) Do dhubhaigh is do ghormaigh air le feirg = tháinig riastra feirge air = bhií fearg an domhain air.

    (3) Sé a athair ina aithbhreith é = níl aon oidhre ar a athair ach é = tá ana-dhealramh aige lena Dheaid = tá sé ana-chosúil lena Dheaid.

    Go néirí ádh leat.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá Gaeilge chomh maith ag Tulyar go gcaithfidh sé a mhíniúcháin a mhíniú! Maith thú Tulyar as na míniúcháin breise a sholáthar, agus maith thú cautioner as ucht na míniúcháin a lorg mar ní fheicim mórán daoine ag déanamh sin.

  • Closed Accounts Posts: 34 gleannuirce

    Tháinig sé aniar aduaidh orm - tharla rud éigin go tobann, gan súil leis

  • Closed Accounts Posts: 862 ✭✭✭cautioner

    Tháinig sé aniar aduaidh orm - tharla rud éigin go tobann, gan súil leis

    D'fhoglaim an ceann sin i rith an tsamhraidh, bainim úsáid as go minic, is aoibhinn liom é!

  • Closed Accounts Posts: 25 Samildánach

    Is snáithín (mar a déarfadh sibhse!) iontach é seo!
    Tá na nathanna éagsúla a bhíonn go sonraíoch i caint na ndaoine go riachtanach chun líofacht na Ghaeilge/cruinneas an theanga a fháil agus den scríbhneoir díograiseach fiú!

    Tá cothrom na Féinne acu
    - Baineann an ceann seo le té macánta nó orónach. Is breá liom na cinn a bíonn ceangailte leis an bhéaloideas, nó a déanann tagairt ar.

    Faraor, táim in umar na haimléise Alas, táim go brónach ar fad.

    bhí siad ina dtost - Ní raibh focail nó fúm uathu.

    Tá cosc orm - Níl cead agam rud éigin a déanamh/Táim fé smacht duine eile.

    Cúpla cinn simplí, a mbíonn le feiceáil nó le cloisteáil go minic sa litríocht nó i mbéal na phobail. Píosa chomhairle daoibh, is rud iontach do foclóir a chomhaid ar do fhón! Tá áis "Nóta" ann i ngach fón, agus gach achair a chluinim focail nua scríobhann mé síos sa ghuthán iad!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    cautioner wrote: »
    D'fhoglaim an ceann sin i rith an tsamhraidh, bainim úsáid as go minic, is aoibhinn liom é!

    Is breá liom an nath cainte sin chomh maith. :)

    Chomh bródúil le cat a mbeadh póca air
    - Cur síos ar dhuine atá thar a bheith bródúil as féin.

    Foclóir Uí Dhónaill - lth. 143

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Is snáithín (mar a déarfadh sibhse!) iontach é seo!
    Tá na nathanna éagsúla a bhíonn go sonraíoch i caint na ndaoine go riachtanach chun líofacht na Ghaeilge/cruinneas an theanga a fháil agus den scríbhneoir díograiseach fiú!

    Tá cothrom na Féinne acu - Baineann an ceann seo le té macánta nó orónach. Is breá liom na cinn a bíonn ceangailte leis an bhéaloideas, nó a déanann tagairt ar.

    Faraor, táim in umar na haimléise Alas, táim go brónach ar fad.

    bhí siad ina dtost - Ní raibh focail nó fúm uathu.

    Tá cosc orm - Níl cead agam rud éigin a déanamh/Táim fé smacht duine eile.

    Cúpla cinn simplí, a mbíonn le feiceáil nó le cloisteáil go minic sa litríocht nó i mbéal na phobail. Píosa chomhairle daoibh, is rud iontach do foclóir a chomhaid ar do fhón! Tá áis "Nóta" ann i ngach fón, agus gach achair a chluinim focail nua scríobhann mé síos sa ghuthán iad!

    Ana-smaoineamh. Míle buíochas.

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Is minic abhí eagla ar dhuine agus níor bhaol dó = Is minic abhí imní ar dhuine gan chúis.

    Tháinig an tuar faoin dtairngreacht = tháinig gach rud chun críche faoi mar a dúradh.

    Níl aon chaitheamh agam i ndiaidh leabhar = níl aon tóir ar leabhair agam = is beag é mo spéis i leabhair.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    N'fheadar an nath cainte é, ach léigh mé é seo in alt Uí Thithligh inniu:

    aghaidh na ndaoine = Popular/coitianta, popular opinion etc

    "Tharla le déanaí gur nochtadh aghaidh na ndaoine"

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    "Spré ar do ghaota." Deirtear sin le duine a bhíos ag ithe go minic nó ag caint go minic ar itheachán.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Castar na daoine ar a chéile ach ní chastar na cnoic ná na sléibhte.
    Chun an dlaíóg mhullaigh a chur ar nath cainte a bhí ag An Múinteoir tamall ó shin. Crann do shláinte leat.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Gheall sé na hoirc is na hairc dom* - Gheall sé gach rud faoin spéir dom.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth. 933

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Casadh an chorcáin leis an gciteal* - Nuair a chuireann duine drochthréith a bhaineann leis féin i leith duine/daoine eile.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth 195

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Múinteoir wrote: »
    Casadh an chorcáin leis an gciteal* - Nuair a chuireann duine drochthréith a bhaineann leis féin i leith duine/daoine eile.

    * Foclóir Uí Dhónaill, lth 195

    Ceann eile atá ar aon bhrí leis an gceann thuas:

    Níl ann ach achasán na hóinsí don amaid.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 35 Tenente

    Bhí dhá chroí uirthi = Bhí sí thar/os coinn an ghealach.

    Tá mé ag leamh úrsceal don fhoghlaimeoir fásta ag an t-am seo agus bhí an nath seo ann. Agus an minuí seo i an ghluis ag an deireadh an leabair. An bhfuil sé labhairt ag na daoine i gnath comrá? Níl a fhios agam

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tenente wrote: »
    Bhí dhá chroí uirthi = Bhí sí thar/os coinn an ghealach.

    Tá mé ag leamh úrsceal don fhoghlaimeoir fásta ag an t-am seo agus bhí an nath seo ann. Agus an minuí seo i an ghluis ag an deireadh an leabair. An bhfuil sé labhairt ag na daoine i gnath comrá? Níl a fhios agam

    Níl a fhios agam an bhfuil sé i ngnáth comhrá ach an oiread. Rinne mé Googláil air ach ní bhfuair mé mórán torthaí dó. Tháinig mé trasna léirmheas leabhair agus de réir údar an léirmheasa níl 'uirthi' ceart - ba chóir 'aici' a bheith ann.

    "An locht is mó a bheadh agamsa ar an leabhar seo, más locht é, ná an Béarlachas atá ann, agus seo roinnt samplaí - ......bhí dhá chroí uirthi in áit bhí dhá chroí aici....Ach, is dóigh gurbh í seo Gaeilge an lae inniu, agus go bhfuil mo chuid Gaeilge sean-nósach."

  • Advertisement
Advertisement