Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Céard a cheapann sibh faoin Nuacht?

  • 01-08-2008 1:53am
    #1
    Registered Users Posts: 114 ✭✭


    Céard a cheapann sibh faoi sheirbhísí nuachta TG4 agus RTE i comórtas le nuacht Sky, CNN, Tv3, agus rl?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bím ag féachaint ar TG4 ach níl mé as an nGaeltacht agus téim as mo chiall leis an síor-clúdach ar an Údarás agus mion-chúrsaí eile sa Ghaeltacht. B'fhearr liom féin an Nuacht ar RTÉ ag 5.15pm ach ní fheicim é ach go fíor-annamh mar tá sé ar siúl ró-luath! Feicim ar an nuacht Bhéarla ar RTÉ go rialta freisin. Níl suim dá laghad agam sna cainéil eile.


  • Closed Accounts Posts: 17 rgcuan


    Bíonn cuma mhaith air is dócha ach tá an ceart ag Poll Dubh - barraíocht scéaltaí a bhaineann leis an Ghaeltacht amháin. Is fiú taobh sin na tíre a chlúdach ar ndóigh ach tá i bhfad níos mó cainteoirí Gaeilge ina gcónaí taobh amuigh den Ghaeltacht ná mar atá istigh iontu.

    An n-oibríonn tú le TG4 a Ghaillimhigh?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    TG4 - maith, suimiúil ach easpa nuacht suimiúil
    RTE - meh
    Tv3 - ró tablóideach
    Sky - suimiúil ach níl ach timpeall cúig nóiméid nuacht acu, ansin an rud céanna le ceamara difriúil(Nuair atá an t-áth ort)
    CNN - Cá faightear é seo, Chonaic mé é san Frainc, agus i neart óstán agus Phub

    nuachtáin abú :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tagaim le Poll Dubh, uaireanta bíonn an iomarca cainte faoi gcúrsaí pleanála srl sna Gaeltachtaí. Agus níl sé nach bhfuil suim agam ina leithéid, ach cuireann sé brón orm meath leanúnach na Gaeilge a fheiceáil sna Gaeltachtaí is láidre de bharr cúrsaí pleanála agus Béarlóirí na hÉireann agus an domhain ag bogadh isteach sa nGaeltacht


  • Registered Users Posts: 114 ✭✭gaillimheach


    GRMA gach duine, as bhur bhfreagraí.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    GRMA gach duine, as bhur bhfreagraí.

    An bhfuil tú ag obair le Nuacht TG4?
    Má tá, is deas le feiceáil go bhfuil Gaeilge ag duine amháin ar a laghad atá taobh thiar de na ceamaraí!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Má tá, is deas le feiceáil go bhfuil Gaeilge ag duine amháin ar a laghad atá taobh thiar de na ceamaraí!

    Tagaim le sin, b'fhuath liom Dáithí Ó Sé a fheiceáil ag labhairt Béarla le na ceamaradóirí i rith an cláir faoi Route 66 - géarghá le cúrsa tríú leibhéil trí mheán na Gaeilge san earnáil sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Cheap mé i gcónaí go raibh tuairisceoirí Nuacht TG4 an-mhaith.

    Anocht bhí Séan Mac an tSíthigh ag tuairisciú ag féile ceoil traidisiúnta agus ag deireadh na tuairisce, rinne sé iarracht an fhidil a sheinm, an-ghreannmhar! Ní hé seo an chéad uair é ag geaitsíocht ag deireadh tuairisce!


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    ní breathnaím ar nuacht gaeilge - léamh mé gach rud nó ar an radió, ó ham go ham


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Cheap mé i gcónaí go raibh tuairisceoirí Nuacht TG4 an-mhaith.

    Anocht bhí Séan Mac an tSíthigh ag tuairisciú ag féile ceoil traidisiúnta agus ag deireadh na tuairisce, rinne sé iarracht an fhidil a sheinm, an-ghreannmhar! Ní hé seo an chéad uair é ag geaitsíocht ag deireadh tuairisce!

    Sea bhí an mhír sin an-ghreannmhar ar fad! Agus Emer á rá : 'Níl uaidh ach tuilleadh cleachtadh' :)

    Is breá liomsa Nuacht Tg4 agus an tuairisciú áitiúil - scéalta amhail féile áitiúil agus Údarás na Gaeltachta (sin scéalta a bhaineann le cúrsaí gnó) agus scéalta a bhaineann do dhaoine atá ina gcónaí sa nGaeltacht!

    Níl ach gearán beag agam- níl an dóthain díospóireacht agus caibidlí ar Nuacht TG4 le 'aoi-saineolaithe' agus measaimse go bhfuil cuma cineál sean-fhaiseanta ar an 'seit'- níl an soilsiú go hiontach, tá sé róghorm agus an rud deiridh ná taitnóidh níos mó Maolra Mac Donnacha liom! Is breá liom an dóigh a labhraíonn sé chomh mall.

    Tá nuacht RTE1 ró-ghearr.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh



    Anocht bhí Séan Mac an tSíthigh ag tuairisciú ag féile ceoil traidisiúnta agus ag deireadh na tuairisce, rinne sé iarracht an fhidil a sheinm, an-ghreannmhar! Ní hé seo an chéad uair é ag geaitsíocht ag deireadh tuairisce!

    Tomás Ó Mainnín ba ea é. Tá Séan Mac an tSíthigh i mBaile Átha Cliath maidir leis na Briotanaigh Iartharacha agus a gcuid cáis cúirte in aghaidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Tomás Ó Mainnín ba ea é. Tá Séan Mac an tSíthigh i mBaile Átha Cliath maidir leis na Briotanaigh Iartharacha agus a gcuid cáis cúirte in aghaidh Pobalscoil Chorca Dhuibhne.

    An bhféadfaí a mhaíomh gur seoiníní iad má tá an chuid is mó acu as tíortha eile?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    An bhféadfaí a mhaíomh gur seoiníní iad má tá an chuid is mó acu as tíortha eile?

    Is neo-seoiníní iad - ag leanúint an sampla leagtha síos ag ár mBriotanaigh Iartharacha dúchasacha.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Is neo-seoiníní iad - ag leanúint an sampla leagtha síos ag ár mBriotanaigh Iartharacha dúchasacha.

    Sin é is dóichí.

    An raibh réiteach ar an gcás seo inniu?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Sin é is dóichí.

    An raibh réiteach ar an gcás seo inniu?

    Tháinig siad ar comhréiteach aréir - níl na mionsonraí ar lámh agam ach beidh na seoiníní agus neo-seoiníní ag fáil céard a bhí uaibh - teagasc trí mheán an Béarla. Anois beidh Béarla mar gné lárnach sa saol ag Pobalscoil Chorca Dhuibhne.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Caidé faoi "Bréag-Shasanaigh" mar téarma in áit "Briotánaigh iartharacha" ?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Caidé faoi "Bréag-Shasanaigh" mar téarma in áit "Briotánaigh iartharacha" ?

    Tá cuma níos nádúrtha ar 'Bréag-Shasanaigh', an bhfuil an téarma sa chaint sna Gaeltachta meas tú?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Chum mé fhéin é i ndiaidh a bheith ag éisteacht le cara liom ag caint faoi "Iar-Bhriotánaigh" ar feadh oíche iomlán. Ar ndóighe, tá an dé-mhíniú le sin agus shíl mé go raibh gá le leagan eile !


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Chum mé fhéin é i ndiaidh a bheith ag éisteacht le cara liom ag caint faoi "Iar-Bhriotánaigh" ar feadh oíche iomlán. Ar ndóighe, tá an dé-mhíniú le sin agus shíl mé go raibh gá le leagan eile !

    B'fhearr liom féin do théarma mar ní chloisim muintir na nGaeltacht ag rá 'Briotanach/Briotanaigh'. Bíonn siad i gcónaí ag rá 'Sasanach/Sasanaigh'. Measaim go bhfuil 'seoinín' ró-láidir uaireanta. Beidh mé ag cur do théarma isteach i m'fhoclóirín grma.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Dea-nuacht faoin Nuacht.
    From July 20, the extended RTE Nuacht will be broadcast on a daily basis from a new studio at the TG4 headquarters as part of a €3m revamp


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is dea-scéal seo cinnte. Beidh mé in ann an seó a fheiceáil nuair a thagaim abhaile ó mo phost anois in ionad athchraoltaí 'The Bill'. Ach cén chaoi a bhfuil sé 'extended'? Nach bhfuil an Nuacht cúig nóiméad déag ar fhad faoi láthair?


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    beidh siad ag inseacht breagach chun níós mó am a cur sa chlár^


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,371 ✭✭✭Fuinseog


    Céard a cheapann sibh faoi sheirbhísí nuachta TG4 agus RTE i comórtas le nuacht Sky, CNN, Tv3, agus rl?


    ni fheicim Nuacht TG4 o d'fhag GRainne seoige. ce ata ann faoin Buachaill eigin. Speirmhna ata uainn, ni buachailli!


  • Closed Accounts Posts: 141 ✭✭pjtb


    Níl Nuacht RTÉ 'extended' ar chor ar bith- feictear domsa go bhfuil sé níos giorra anois. Roimh a athraíodh an clár bhíodh sé ar siúl ar feadh timpeall 6-7-8 nóíméad. Anois bíónn sé ar siúl ar feadh timpeall 7 nóiméad.

    Ach ní bhíonn 'Cinnlínte Nuachta' ar siúl tar éis an One O'Clock News a thuilleadh. Nach bhfuil sé níos giorra anois mar sin? :confused:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,813 ✭✭✭PhysiologyRocks


    Sílim go bhfuil an nuacht go léir gruama.

    Tarlaíonn rudaí iontacha freisin, ach cuireann gach duine ar an nuacht béim ar rudaí atá millteanach (gramadach???).


Advertisement