Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Daoine Rua

  • 26-09-2008 12:29pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Chuala mé faoi phiseog i leith daoine rua sa seanam - nuair a d'fheictí bean rua ar an mbóthar, ghlanadh daoine eile amach as a bealach mar ba mí-ámharach é buaileadh le bean rua ar an mbóthar.

    Ar a laghad tá cúrsaí feabhsaithe ó shin do dhaoine rua ach an dóigh libh go bhfuil siad fós faoi mhíbhuntáiste? An dóigh leat go bhfuil siad tarraingteach nó an tsiúlfá amach le duine rua?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    Chuala mé faoi phiseog i leith daoine rua sa seanam - nuair a d'fheictí bean rua ar an mbóthar, ghlanadh daoine eile amach as a bealach mar ba mí-ámharach é buaileadh le bean rua ar an mbóthar.

    Ar a laghad tá cúrsaí feabhsaithe ó shin do dhaoine rua ach an dóigh libh go bhfuil siad fós faoi mhíbhuntáiste? An dóigh leat go bhfuil siad tarraingteach nó an tsiúlfá amach le duine rua?

    Tá siad faoi míbhuntáiste gan ceist, ach is daywalkers iad:D

    Siúlfainn amach leo cinnte, ceapaim fhéin go bhfuil gruaig rua gnéasach (uaireanta!;))


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tagaim leat, shiúil mé féin amach le cailín rua tráth agus shíl mé go raibh sí an-ghnéasach ar fad. Bhí níos mó suime agam ina corp ná ina gruaig ar aon chaoi.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Poll Dubh wrote: »
    Bhí níos mó suime agam ina corp ná ina gruaig ar aon chaoi.

    Buachaill Dána;)

    Bhí siad go maith dom, pé rud a dearna mé san meánscoil, bhíos ábalta chuir aníos iad!:D


  • Closed Accounts Posts: 19 coinin_clumhach


    Siúlfainn amach le duine rua gan amhras. Tá gruaig donn ag mo bhuachaill, ach 'smig' rua aige!!


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Siúlfainn amach le duine rua gan amhras. Tá gruaig donn ag mo bhuachaill, ach 'smig' rua aige!!

    Gruaig ar a smig? Meigeall? Tá gruaig dhonn ar mo cheannsa, ach tugaim faoi deara go mbíonn dathanna éagsúla ar an ngruaig ar m'aghaidh (dath rua ina measc!), má fhásaim í.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 19 coinin_clumhach


    Sea, sinn é! Ní cuimhin liom cén dath nádúrtha a bhfuil ar mo chuid gruaig féin ar aon nós. Seans go bhfuil sé rua faoin dath ón mbuidéal!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,851 ✭✭✭PurpleFistMixer


    Níl aon rud mícheart le daoine rua... Níl mé ag rá go bhfuil aon rud ceart leo áfach. : p

    Nah nílim ach ag magadh. Shiúil mé amach le fear rua agus bhí sé go deas, ach de gnáth ba b'fhearr liom fear le gruaig dorcha...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Fuil na dtincéirí atá i ndaoine rua-fholtacha. Seachain iad i ngach slí.

    Maidir le dathanna difriúla ar ar an gcloigeann agus ar an smig is mar a chéile le mná áirithe iad.

    Is cuimhin liom blianta fada ó shin nuair a bhí mothall breá gruaige orm fhéin bhíos ag siúl amach le mbruinneal deas deachumtha. Ó nár bhrea liom an sofhriotal saonta san "ag siúl amach" - rith-reatha ropach agus sodar sobalach a bhí ar siúl againne fé dheireadh i ndáiríribh. Folt fada fionngheal a bhí ar a cloigeann aici ach níos faide ó dheas dath deargrua a bhí ar triopall trilseach an tulaigh bhig.

    Ach anois táim i nduifean gruama an galair dubhaigh ag cuimhneamh siar ar laethannta órga m'óige. Anois agus mé ceangailte le deachtóir de bhean rialta a gceapann gur leor cúpla nóimeat ar fhleasc a droma uair sa mhí chun a cúraimí pósta a chomhlíonadh. :(:(

    Úúúúfff!

    Uainn go léir anse in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    FRC


Advertisement