Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Nuachtán LÁ le dúnadh an tseachtain seo

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bliain mhaith ina dhiaidh. Níl sé ceart go bhfuil foilseachán claonta seicteach mar Lá Nua ag fáil pingin rua ón stát.

    Léiríonn a mana nach bhfuil siad ag freastal ach ar phobal amháin:
    "Is é slánú na Gaeilge athghabháil na hÉireann, is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge"


  • Registered Users Posts: 123 ✭✭Seán MacSuibhne


    Poll Dubh wrote: »
    Bliain mhaith ina dhiaidh. Níl sé ceart go bhfuil foilseachán claonta seicteach mar Lá Nua ag fáil pingin rua ón stát.
    Níor chualas éinne á rá gur "foilseachán claonta seicteach" é Lá Nua ríomh!
    Poll Dubh wrote: »
    Léiríonn a mana nach bhfuil siad ag freastal ach ar phobal amháin:
    "Is é slánú na Gaeilge athghabháil na hÉireann, is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge"

    Is mana sean feasanta sin anois. Ní cloistear ró mhinic anois é.

    An cheist mhór anois na conas an Gaolainn a shlánú anois sa 21ú aois?

    Ádh mór

    Seán


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An cheist mhór anois na conas an Gaolainn a shlánú anois sa 21ú aois?

    Bheadh nuachtán laethúil neodrach ina chabhair.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tubaiste mhór don Ghaeilge, agus pobal na Gaeilge araon, an nuacht seo go bhfuil 18 lá fágtha ag Lá Nua. :(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Is oth liom é seo a fheicéail, ach léigh mé uair amháin é agus bhí beagnach gach alt bunaithe sa tuaisceart. Cé go bhfuilim in mo chónaí i dheisceart na tíre, ní bhraithfidh sé uaim i ndáiríre.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá seirbhís laethúil nuachta nua tosaithe ag an Druma Mór, de réir cuma.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    http://andrumamornuacht.blogspot.com/

    Tá cuma maith ar an gcéad eagrán agus tá plean ardaidhmeannach leagtha amach ag údar an tsuímh seo - é a uasdátú trí huaire in aghaidh an lae.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ba chóir go mbeadh an craoltóir náisiúnta, RTÉ, ag déanamh a leithéid de nuacht laethúil ar an idirlíon!?

    Ach molaim go deo díograis Uí Néill ar seo, taispeánann sé an meon ceart .i. má tá rud éigin uait gabh amach agus déan é.
    Agus sílim dá mbeadh níos mó Gael cosúil leis bheadh an Ghaeilge ag Cáit Róisín Dubh Ní Dhuibhir aríst gan aon stró.


Advertisement