Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Iománaithe Chorcaí

  • 05-01-2009 10:32pm
    #1
    Registered Users Posts: 49


    Cad atá i ndon don iomáint i gCorcaigh? Tá an donas ar an scéal cois Laoi faoi láthair. Tá sé ina chíorthuathail.

    Ní fios cad é an deireadh a bheidh ar an scéal. Tá an cheist chomh casta iltaobhach nach réiteofar í gan dua.

    Is é mian agus guí gach éinne i gCorcaigh go dtiocfar ar réiteach go luath.

    An bhfuil tuairim ag éinne ar conas a leigheasfear an scéal?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Tulyar wrote: »
    Cad atá i ndon don iomáint i gCorcaigh? Tá an donas ar an scéal cois Laoi faoi láthair. Tá sé ina chíorthuathail.

    Ní fios cad é an deireadh a bheidh ar an scéal. Tá an cheist chomh casta iltaobhach nach réiteofar í gan dua.

    Is é mian agus guí gach éinne i gCorcaigh go dtiocfar ar réiteach go luath.

    An bhfuil tuairim ag éinne ar conas a leigheasfear an scéal?

    Nior thuig me an sceal go h-iomlan riamh (Is as BAC me!) Cad direach a raibh an fadhb le na h-imreoiri, chuala me go raibh se faoi easpa cumhacht acu o taobh roghnu an banisteoir nua

    An rud na ba ceart go mbeidh na h-imreoiri sasta, mar is futhu ata an foireann. Ach ag an am ceanna ni feidir leo beidh i gceannas ar rudai mar sin (o taobh an airgead a ioctar doibh, agus nach mbeidh troid idir na h-imreoiri faoi ce a roghnu).

    Ach dala an sceal BAC don Corn Mhic Cárthaigh :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil réiteach ar an bhfadhb ó dheas go fóill. Nach bhfuil a fhios ag an bhfoireann go bhfuil siad ina staicín áiféise.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Níl a fhios agam cén fáth nach bhfuil réiteach ar an bhfadhb ó dheas go fóill.

    Seán Óg Ó hAilpín agus Donal Óg Cusack i measc daoine eile nach iad. 'Siad an fáth


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    A chairde,

    Féachaigí ar an bpíosa seo a chonac le déanaí ar Youtube. Measaim go bhfuil sé go diail ar fad.

    http://www.youtube.com/watch?v=wfMFSU2zAW0


    Is píosa ana- ghreannmhar é an píosa seo. Ach cé gur leasc liom a rá tá rian den fhírinne ann. Tá Bord an Chontae fé smacht ag duine amháin. Is deachtóir go smior é. Is duine fíor chliste é. Tá daoine bailithe timpeall air a naontaíonn go scun scan le gach a deir sé. Tá sé seo thar a bheith truamhéileach. Níl na magairlí ag éinne seasamh ina choinne. Tá trua nach beag agam do Gerald McCarthy. Tá Bord an Chontae ag baint earraíochta as - díreach cosúil le Teddy Holland anuraidh - chun an lámh in uachtar a fháil ar na himreoirí.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tulyar wrote: »
    A chairde,

    Féachaigí ar an bpíosa seo a chonac le déanaí ar Youtube. Measaim go bhfuil sé go diail ar fad.

    http://www.youtube.com/watch?v=wfMFSU2zAW0

    Is breá liom é! :D


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 16 Ceann


    Tá foireann ann agus d'imir siad go maith i gcoinne tiobraid arann agus bhí mí-ath orthu i gcoinne BÁC

    Má bíonn Corcaigh ábalta craobh na heireann a buachaint, ní bheadh siad ar stailc.

    an mbeadh cuma ag éinne má tharla sé sin i gill chainnigh??Ní dóigh liom!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chualas go raibh rudaí suimiúla le rá ag Brian Cody ar RTÉ a haon aréir fá dtaobh de.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    Stollaire wrote: »
    Chualas go raibh rudaí suimiúla le rá ag Brian Cody ar RTÉ a haon aréir fá dtaobh de.

    Bhí an agallamh an shuimúil, Is fearr iontach é, tá sé an bainisteoir is fearr a raibh ann in iománaíocht choíoche.

    Maidir leis Corcaigh, tá réiteach amháin ann. Caithfidh Frank Murphy agus Donal Óg imeacht. Tá siad na ceannairí!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Cad a dúirt Cody faoi?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Tulyar wrote: »
    An bhfuil tuairim ag éinne ar conas a leigheasfear an scéal?

    Frank Murphy a chrocadh as an gcuaille lampa is airde ar Shráid Phádraig agus an corpán a chaitheamh thar an droichead isteach sa Laoi.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Míshásta wrote: »
    Frank Murphy a chrocadh as an gcuaille lampa is airde ar Shráid Phádraig agus an corpán a chaitheamh thar an droichead isteach sa Laoi.

    Tagaim leat agus bfhéidir cuid dá chomrádaithe ó Bhord an Chontae chomh maith le roinnt imreoirí a chaitheamh isteach sa Laoi freisin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    San eagrán is déanaí de Foinse tá cúpla alt i leith na conspóide seo, ceann ó pheann Dhara Uí Chinnéide, agus ceann ó Alan Titley. An tseachtain seo caite bhí ceann ann ó Mhártan Ó Ciardha.

    Táimse fós go hiomlán dall ar cad go díreach atá ag dul ar aghaidh thíos ansin!
    Tá a lán cainte is plé faoi deachtóireacht, Stalin, Franc Murphy srl !! :eek:


  • Registered Users Posts: 49 Tulyar


    Níl aon mhúinín ag na clubanna, na himreoírí ná ag muintir Chorcaí i gcoitinne as Bord an Chontae.
    Tá leatrom déanta ag an mBord le blianta beaga anuas. Tá muintir Chorcaí frustráilte faoi láthair.
    Cé atá páirteach sa Bhord? Tríd is tríd is daoine iad atá méanaosta, caolaigeanta gan mórán éirim aigne acu. Tá siad umhal do Frank. Is duine fíor chliste é Frank. Tá daoine ar bheagán chumais bailithe timpeall air. Is beag ídéalachas ná ionracas féin a fheictear imeasc mhuintir an Bhoird. Is deachtóir go smior é Frank. Eisean agus a chomhleacaithe is cúis leis an aighneas seo. Tá sé in am dóibh imeacht. Dá mbeadh aon scrupaill in aon chor iontu d'imeoidís.
    Bheadh sé níos fearr dóibh imeacht sular gcuirfear an ruaig orthu.
    Is é feitheamh an tsionnaigh le magairlí an reithe atá ann.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Gerald McCarthy imithe anois de bharr bagairtí báis meata. An bhfuil deireadh leis an bhfadhb anois? Leis an mbord ceannann céanna fós ann, ní dóigh liom é.


Advertisement