Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An bhfuil tú feargach..

13»

Comments

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    10,000 post nua?

    orly? cá bhfuil siad?

    ''9 Jul 07: Sargent becomes third Green minister with hybrid car. All three Green ministers adopt low-emissions Prius hybids.''

    caitfidh sé sin a bheith riachtanach agus an bhfuil sé sin ''acheivement'' ?

    bréagach, amach is amach, nó casadh an fhírinne......

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Polaiteoirí ag dul ar laethanta saoire le pá go ceann 3 mhí!

    Bhur mbarúil?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá tú tar éis íomhá de Brian Ó Comhdhain ag déanamh bolg le gréine a chur i m'inchinn - múisc!

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    ah leads beidh an cúlú eacnamaíocht ar sos comh maith ar feadh thrí mhí!

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Tháinig mé ar an bhfíseán seo trí thimpiste inniu.

    http://www.youtube.com/watch?v=dMb1zhuOo_8

    Tá an chuma ar an scéal gurbh iad Páirtí an Lucht Oibre an t-aon dream a rinneadh físeán toghcháin as Gaeilge i mbliana. :( Ach is maith an iarracht é, dar liom.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    http://www.youtube.com/watch?v=CIvfQ_dENd0&feature=PlayList&p=AB1A1432266A795D&index=2

    sinn féin as gaeilge - agus gaeilge níos fearr dar liomsa

  • Closed Accounts Posts: 1 clawback

    Tá fearg orainn i Meiriceá chomh maith agus tá daoine ag caint ar an dara réabhlóid (ní hiad "wackos with ammo" amháin, ach dlíodóirí, múinteoirí agus proifisiúnaigh). Beidh ár gclann ag íoc as na "bailouts" ar feadh blianta agus na brabúis ag na baincéirí. An bhfuil muid feargach? D'fhéadfá é sin a rá aríst!

    Agus céard faoi na bannóirí? Cén fáth nach bhfuil "haircut" i ndán dóibh? Nach bhfuil mo chlann níos tabhachtaí ná na bannóirí? Tá Obama féin leis na baincéirí is le Wall Street. Níl aon chlue aige. "Hope" agus "Change"? Leanann na "bailouts" ar aghaidh mar nach bhfuil difríocht mhór idir na Democrats agus na Republicans.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Fáilte Clawback - Rud eile atá ag cur isteach orm ná cé hiad na bannóirí? Cé hiad na daoine a bhfuil na billiúin acu chun tíortha cosúil le SAM agus Éire a mhaoiniú? Is iad na daoine leis an bhfíorchumhacht anois.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Untitled.jpg

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    ó Gaelscéal ar maidin:
    Ní masla do phobal na hÉireann €9 billiúin sa bhreis a iarraidh d’Anglo Irish dar le Alan Dukes. Ba mhasla é mura ndéanfaí é agus dá ligfí don bhanc dul as gnó!!!!!!!!

    Ní fhéadfadh an scríbhneoir grinn is fearr a leithéid de chacamas greannmhar a chumadh

    Nach bhfuil fonn círéibe ar éinne?

    Deirtear gurb iad na daoine is óige na daoine atá ag fulaingt níos mó sa Spealadh seo! Ach táid chomh ciúin faoina staid.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Stollaire wrote: »

    Ní raibh an t-aois óg ag éirí amach faoi na táillí ollscoile, is cuma leo (linn?). Ní spreagfaidh seo aon duine nach bhfuil amach ar na shráid cheana. :(

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cliste wrote: »

    Bhí agóidí acu cinnte. Ach chuaigh siad i mbun agóide le haghaidh cúiseanna féinleasa sa chás sin.

    Cá bhfuil na mic léin radacacha maidir leis an gcaoi a bhfuil an tír seo á tarraingt síos ag rialtas truaillithe?

    Tráth d'fhéadfadh sochaí a bheith ag brath ar mhic léinn seasamh suas don phobal ó thaobh cúrsaí eacnamaíochta agus polaitíochta de. Tráth bhíodh mic léinn ag ceistiú gach rud a tháinig ó rialtas.
    Cá bhfuil an comhfhios bríomhar a d'fhéadfaí a bheith ag súil leis ó dhaoine le hardoideachas?

    Sa lá atá inniu ann tá an rialtas ag magadh fúinn go léir lena mbréaga agus a n-iompar, táid ag aistriú airgead an phobail (go ceann cúpla ghlúin) chuig pócaí chomhlachtaí príobháideacha. Comhlachtaí a thug tacaíocht airgeadais dóibh féin nó do dhaoine a thugann tacaíocht airgeadais don pháirtí i gcumhacht.

    Tá muid i bhfad ró-síochánta mar chine.
    Tá meon TINA i mbarr a réime i measc na nÉireannach, agus tá an ceart ag Mac Uilliam san alt thuas, 2+2=5!

    (Agus ní fiú olltoghchán, ní athróidh aon ní le Fine Fáil i gcumhacht in áit Fianna Gael)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhí agóidí, ach caithfidh tú glacadh nach raibh círéib ar na shráid. Bhí roinnt cainte, ach níor athraigh saol an gnáth-scoláire tar éis a gealltar nach beidh a thuile táille.

    Cad is féidir liom a rá fúim fhéin? Is caora mé, leanfaidh mé thú má tá tú sásta beidh mar ceannaire!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Is fearr rud a dhéanamh ná caint.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cliste wrote: »
    Bhí agóidí, ach caithfidh tú glacadh nach raibh círéib ar na shráid. Bhí roinnt cainte, ach níor athraigh saol an gnáth-scoláire tar éis a gealltar nach beidh a thuile táille.

    Cad is féidir liom a rá fúim fhéin? Is caora mé, leanfaidh mé thú má tá tú sásta beidh mar ceannaire!

    Níl aon gá le ceannairí, tá gá le dreamanna agus cumainn.

  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    clawback wrote: »
    Tá fearg orainn i Meiriceá chomh maith agus tá daoine ag caint ar an dara réabhlóid (ní hiad "wackos with ammo" amháin, ach dlíodóirí, múinteoirí agus proifisiúnaigh). Beidh ár gclann ag íoc as na "bailouts" ar feadh blianta agus na brabúis ag na baincéirí. An bhfuil muid feargach? D'fhéadfá é sin a rá aríst!

    Agus céard faoi na bannóirí? Cén fáth nach bhfuil "haircut" i ndán dóibh? Nach bhfuil mo chlann níos tabhachtaí ná na bannóirí? Tá Obama féin leis na baincéirí is le Wall Street. Níl aon chlue aige. "Hope" agus "Change"? Leanann na "bailouts" ar aghaidh mar nach bhfuil difríocht mhór idir na Democrats agus na Republicans.

    Sea táim feargach le NAMA agus a US an "federal Reserve" a coireanna a dhéanamh in aghaidh an gcáiníocóirí freisin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tr%C3%A9as.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 178 ✭✭maupat

    clawback wrote: »
    Tá fearg orainn i Meiriceá chomh maith agus tá daoine ag caint ar an dara réabhlóid (ní hiad "wackos with ammo" amháin, ach dlíodóirí, múinteoirí agus proifisiúnaigh). Beidh ár gclann ag íoc as na "bailouts" ar feadh blianta agus na brabúis ag na baincéirí. An bhfuil muid feargach? D'fhéadfá é sin a rá aríst!

    Agus céard faoi na bannóirí? Cén fáth nach bhfuil "haircut" i ndán dóibh? Nach bhfuil mo chlann níos tabhachtaí ná na bannóirí? Tá Obama féin leis na baincéirí is le Wall Street. Níl aon chlue aige. "Hope" agus "Change"? Leanann na "bailouts" ar aghaidh mar nach bhfuil difríocht mhór idir na Democrats agus na Republicans.

    Tuigim do scéal go maith clawback. Mar gheall ar an nuacht eacnamaíochta is déanaí a tugadh dúinn an Máirt seo caite (nó Black Tuesday mar a ghlaofar air as seo amach) in Éirinn, tá an cuma ar an scéal go bhfuil an cáiníocóir chun iasachtaí na mbancéirí ba mhó sa tír a íoc ar ais. Dochreidte ach fíor. Íocfaidh gach duine sa tír (idir óg agus aosta) thart ar EUR2,000 gach bliain :mad:

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Léigí a seirfeach. Is searbh an fhírinne.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    An-suimiúil Stollaire.

    Bhfuil a fhios ag aon duine: cén Ghaeilge ar 'Bailout'?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    pog it wrote: »
    Bhfuil a fhios ag aon duine: cén Ghaeilge ar 'Bailout'?

    Fóirithint

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Stollaire wrote: »
    Fóirithint

    Fóirithint thar fóir :(

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Ba chóir do chách éisteacht le Vinnie Brown inné ar Newstalk

    "Ar dtús caithfidh cur ina luí ar dhaoine faoi scála na géarchéime, agus faoi cad atá ag tarlú. Tá athrú ollmhór de shaibhreas ón sochaí i gcoitinne do dtí élite. Sin atá ag tarlú. Agus níor tharlaigh aon ní dá leithéid roimhe.... Caithfear cur ina luí ar dhaoine gur féidir linn rud éigin a dhéanamh faoi seo, ansin, agus ansin amháin, ghníomhódh daoine trí agóidí le hathrú a chinntiú. Ní hamháin athrú i rialtas ach athrú i bpolaitíocht go ginearálta. Is féidir linn sochaí mhaith a thógáil anseo, ach ní leis na polasaithe a bhí á n-úsáid le 20/30 bliain anuas"

Advertisement