Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Smaointí fánacha

  • 15-02-2009 7:18pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭

    Cén chaoi a gcuirtear na figí sna fige-rollaí?

Comments

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Ceist maith! Ach, tá freagra ag na smarties.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Cén chaoi a gcuirtear na figí sna fige-rollaí?

    Luitear taos na fige i lár stráice taosráin, ansin cuirtear an taosrán timpeall taos na fige agus leacaítear é.
    Gearrtar an burla nó an rolla seo i bpíosaí beaga.
    Bácáiltear é. Tá Fig Roll agat.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Luitear taos na fige i lár stráice taosráin, ansin cuirtear an taosrán timpeall taos na fige agus leacaítear é.
    Gearrtar an burla nó an rolla seo i bpíosaí beaga.
    Bácáiltear é. Tá Fig Roll agat.

    Nach simplí sin! An bhfuil tú in ann mná a mhíniú dom?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Nach simplí sin! An bhfuil tú in ann mná a mhíniú dom?

    Mná. Daoine daonna den ghnéas deas.
    Tá siad go hiomlán faoi thionchar na gealaí, mar sin bíonn iompar neamhghnách acu uair sa mhí, chuile mhí.
    Tugtar Werewolfs agus Moon Babies i mBéarla orthu.
    Sin é é .

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Smaoineamh fánach; an bhfuil Neamh ann .i. na Flaithis?

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Múinteoir wrote: »
    Cén chaoi a gcuirtear na figí sna fige-rollaí?

    Á lads! Pléadh agus cíoradh an cheist agus déanadh dianscrúdú ar an bhfadhb cheana anseo:

    http://chetwyndedowns.blogspot.com/

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs - - - Slááán Tamall

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Stollaire wrote: »
    Smaoineamh fánach; an bhfuil Neamh ann .i. na Flaithis?

    Tá, cinnte! Cuir ceist ar Hugh. ;)

    B00005V1XN.01.LZZZZZZZ.jpg

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Stollaire wrote: »
    Smaoineamh fánach; an bhfuil Neamh ann .i. na Flaithis?

    Léiríonn an scéilín beag seo go bhfuil a leithéid de rud agus neamh ann.

    Lá amháin feiceann Síle, cailín cúig bliana d'aois cíocha a máthar.
    "Céard iad sin a Mhamaí?" a deir sí.

    "Balúin, a stór, le mé a thabhairt suas chuig na Flaithis nuair a gheobhas mé bás."

    Seachtain ina dhiaidh sin ritheann Síle i seomra a máthar agus í siúd á gléasadh féinig os comhair an scátháin.

    "Tá Maria ag dul chun na bhFlaitheas a Mhamaí."
    (au pair Spáinneach is ea Maria)

    "An bhfuil a chroí? Cá bhfios duit?"

    "Bhuel tá sí thíos staighre ina luí ar an tolg. Tá a balúin san aer. Tá Deaid ar a dhícheall á pumpáil suas agus tá sí ag rá "A Chríost na bhFlaitheas, táim ag teacht, táim ag teacht."

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Tá, cinnte! Cuir ceist ar Hugh. ;)

    Ach ní féidir leis a shean-bhoidín a choinneáil suas! Ifreann ar domhan ?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tulyar wrote: »

    Seancheann ach ceann maith :D

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Stollaire wrote: »
    Ach ní féidir leis a shean-bhoidín a choinneáil suas! Ifreann ar domhan ?

    Tá seana-rá sa Ghaoluinn a deir; "Éiríonn gach rud ach bod an tseanduine" ach n'fheadar an mbaineann sé seo le Hugh in aon chor? Táim chomh siúráilte is atá gob ar ghé go bhfuil ar a chumas teacht ar Viagra. Nach gcuirfeadh sé sin righneas ina bhod? Má sea ní ifreann ar domhan atá aige ach neamh ar thalamh i measc na mbéibeanna dea-chumtha, fad chosacha, mórchíochacha sártharraingteacha.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cén fáth go bhfásann m'ingne méar níos sciobtha ná m'ingne coise?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    Cén fáth go bhfásann m'ingne méar níos sciobtha ná m'ingne coise?

    Agus cén fáth go bhfuil ingne againn ar ár cosa ar aon chaoi?

    Cad a tharlódh dúinn dá leáfadh céatadán beag d'oighearshruthanna ar domhan?

    4.1.jpg

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Poll Dubh wrote: »
    Cén fáth go bhfásann m'ingne méar níos sciobtha ná m'ingne coise?

    Tá mallacht sa Ghaoluinn a deir; "Gura tochas ar do thóin agus easpa ionga"
    Tá gá le ionga méire chun an tochas a bhaint ded thóin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Cad a tharlódh dúinn dá leáfadh céatadán beag d'oighearshruthanna ar domhan?

    Cuir ceist ort féin - cé mhéid méadar os cionn leibhéil na farraige atá an áit ina bhfuil mé i mo chónaí?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tulyar wrote: »
    Tá mallacht sa Ghaoluinn a deir; "Gura tochas ar do thóin agus easpa ionga"
    Tá gá le ionga méire chun an tochas a bhaint ded thóin.

    Ní dóigh liom go bhfuil gá ag Hugh le hingne. Fhéadfadh deich tochas a bheith aige ag an am céanna agus do gach aon tochas bheadh péire láimhe caol mín le hingne daite fada le fáil.

    Rud eile faoi ingne - an eol duit go bhfásann ingne ban ag súil níos sciobtha.
    Agus go bhfásann ingne fear níos sciobtha ná ingne ban.

Advertisement