Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Seachtain na Gaeilge.

  • 03-03-2009 12:38am
    #1
    Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭


    Tosaigh sé inniú.. Cad a bheidh sibh ag déanamh don seachtain?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 683 ✭✭✭Gingy


    dlofnep wrote: »
    Tosaigh sé inniú.. Cad a bheidh sibh ag déanamh don seachtain?

    Don coicís... An mbéidh mórán imeachtaí ar súil i mBÁC?


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Beidh, ceapaim.. Tá eolas faoi na imeachtaí ar www.snag.ie


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chualas amhrán as Ceol 09 aréir ar Raidió na Life, "Foirfe" a bhí air, leagan Gaeilge den amhrán Perfect.
    Bhí sé ar fheabhas ar fad. Ag súil go mór leis an albam nua seo anois.

    níos mó eolais faoi imeachtaí ar shuíomh an Chonartha

    http://www.anclub.ie/

    Ná déanaigí dearmad go bhfuil Raidió Rí-Rá ag craoladh beo ar an aer anois freisin.

    http://www.raidiorira.ie/

    Is maith liom an comórtas seo:
    Ceist an Lae: Éist linn gach lá ag 8.15am agus 5.00pm le ceist an lae a chloisteáil. Beidh deis agat Gael Fón iontach nua Samsung a bhuachaint chuile lá ach an freagra ceart a chur isteach chugainn sa stiúideo. Cuir ort do chaipín cliste! I gcomhar le príomhurraitheoir an stáisiúin, Samsung Mobile


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    An mbeidh Ceol 09 sna siopaí le gairid?

    Níl acu ar an suíomh oifigiúl ach Ceol 08.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    topper75 wrote: »
    An mbeidh Ceol 09 sna siopaí le gairid?

    Níl acu ar an suíomh oifigiúl ach Ceol 08.

    Sílim go mbeidh sé sna siopaí go luath.

    Níl a fhios agam cad atá at tarlú leis an suíomh sin do SnaG ach níl sé éasca a úsáid ar chor ar bith.
    Ba chóir go mbeadh féilire ann le haghaidh na himeachtaí chun a bheith soléir cad atá atá ar siúl timpeall na tíre ar lá ar leith srl.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Aon eolas faoi na ceoltóirí atá páirteach in Ceol '09?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Aon eolas faoi na ceoltóirí atá páirteach in Ceol '09?

    Chuala mé chuid acu, sílim!, ach ní chuimhin liom iad. Aisteach nach bhfuil faic ar shuíomh SnaG, CCnaG nó CnaG dóibh siúd anseo ar TnaG.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Táirge maith - ach tá an margaíocht atá ar siúl acu dó go h-ainnis!

    Níor chuala mise faoi Ceol 08, 07 s.r.l. go dtí timpeall dhá mhí ó shin, agus faoi thimpiste a thárla sé sin! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Tá sé go h-ainnis nach bhfuil aon trácht ar Ceol '09 go fóill. An bhfuil eolas ar bith ag éinne?
    Aontaim nach bhfuil an suiomh leagtha amach go maith ar chor ar bith - nil sé "user friendly" mar a dhéarfá.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá sé go h-ainnis nach bhfuil aon trácht ar Ceol '09 go fóill. An bhfuil eolas ar bith ag éinne?
    Aontaim nach bhfuil an suiomh leagtha amach go maith ar chor ar bith - nil sé "user friendly" mar a dhéarfá.

    Tá an méid seo le feiceáil ar Ghaelport ina leith.
    http://www.gaelport.com/index.php?page=news&article_id=3567

    Agus tá an ceart agat a Chaptaein Dhiúltaigh, tá an tsuíomh sin go hainnis ar fad, ach fós cloisim daoine ó Chonradh na Gaeilge ar an raidió ag moladh do dhaoine téigh go dtí "www.snag.ie le haghaidh tuilleadh eolais" !

    Agus Ceol 08 fós á fhógairt


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,192 ✭✭✭Lola92


    Caithfidh me amhran a canadh le haghaidh ceolchoirm ar scoil i gceann seachtaine ach nil clu agam ar aon rud as gaeilge go mbeidh fhios ag daoine ar!.....:eek:

    Smointe le do thoil??

    :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,142 ✭✭✭Karlusss


    Lola92 wrote: »
    Caithfidh me amhran a canadh le haghaidh ceolchoirm ar scoil i gceann seachtaine ach nil clu agam ar aon rud as gaeilge go mbeidh fhios ag daoine ar!.....:eek:

    Smointe le do thoil??

    :)

    Puc ar buile.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Óró sé do bheatha 'bhaile
    :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,192 ✭✭✭Lola92


    Karlusss wrote: »
    Puc ar buile.


    Eh.....ni ceapaim!:P

    Óró sé do bheatha 'bhaile???

    Foirfe!...Oh ya sin an rud a bhi me ag iarraidh direach!

    :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,532 ✭✭✭Ginja Ninja


    Tá brón orm faoi na Droch-Caighdán Gaeilge agus seo é mo cead post í Teach n nGealt:rolleyes:

    Ach,Cén fath darbh ainm "Seacthain Na Gaeilge" ach, Tá sé ar feadh dhá seachtain?:(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An fáth céanna go bhfuil Lá 'le Phádraig ina fhéile sé lá anois.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 12,534 Mod ✭✭✭✭Amirani


    Is brea liom seachtain na gaelige ach ni bhfuil me mórthaibhseach sa teanga. Beidh mo scudu beal Ardteist tar eis La Naomh Padraig agus ta strus agam.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Is brea liom seachtain na gaelige ach ni bhfuil me mórthaibhseach sa teanga. Beidh mo scudu beal Ardteist tar eis La Naomh Padraig agus ta strus agam.

    Maith thú, ní bhíonn an bhéaltriail éasca, go háirithe nuair nach bhfuil mórán deiseanna Gaeilge a labhairt de ghnáth. Tá an dlúthdhiosca a rinne an Indo le Sharon Ní Bheoláin curtha suas anseo agam. Tá súil agam go mbeidh sé ina chabhair duit.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An bhfuil éinne ag dul go Sonas anocht ar Shráid an Bhiocáire?

    http://www.clubsonas.com/


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    An bhfuil éinne ag dul go Sonas anocht ar Shráid an Bhiocáire?

    http://www.clubsonas.com/

    Club Sonas agus Club Sult; tá lucht na Gaeilge thar a bheith sásta mar phobal, nach bhfuil? :)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Sílim go bhfuil an-mholadh tuillte ag CnaG as ucht Raidió Rí-Rá, tá éacht déanta acu leis.
    http://www.raidiorira.ie/


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,297 ✭✭✭Ron DMC


    Stollaire wrote: »
    Sílim go bhfuil an-mholadh tuillte ag CnaG as ucht Raidió Rí-Rá, tá éacht déanta acu leis.
    http://www.raidiorira.ie/
    Yep, tá sé thar barr amach is amach.
    An t-aon stáisiún ar éist mé leis le linn na h-ama. Is trua nach mbeidh siad ar fm tar éis an Domhnach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Yep, tá sé thar barr amach is amach.
    An t-aon stáisiún ar éist mé leis le linn na h-ama. Is trua nach mbeidh siad ar fm tar éis an Domhnach.

    Is mór an trua é sin go cinnte. Bhí agus tá féidearthachtaí iontacha ag baint leis i gcur chun cinn na Gaeilge.

    Cad é an scéal le Ceol 09? An bhfuil sé eisithe go fóill?


Advertisement