Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cuir deireadh le Lá le Páidí

  • 17-03-2009 4:19pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭


    Ná fuil sé in am dúinn críoch a chur leis an bhfastaoim a bhaineann le Lá le Paidí. Sa chéad dul síos ní oireann féile sheicteach don sochaí ilchreideamhach ilchultúrtha ilchíníoch ilghnéasach ilfhoclach atá againn sa 21ú aois. Agus cad a bhí ann i Naomh Páidí i ndáiriribh ach Brit, iar-sclábhái caorach a tháinig anall chugainn chun ár dtéithe dúchasaigh a dhíbeart agus creideamh gallda allúrach on mheán-oirthear a chur ina n-áit. Nárbh é ceannaire an reiligiúin chéanna, il Papa Hadrian IV, a thug cead dos na hAngla-Normannaigh ár n-oileáinín neamhurchóideach a ghabháilt?

    Ba chóir dúinn laoch comhaimseartha a roghnú chun ceiliúradh a dhéanamh ar ár 'nÉireannachas' - duine a bheadh i dtúin leis haos óg na linne. Laoch spóirt mar ...aaaamm! Jackie Charlton? - ní hea - ró-aosta, nó amhránaí mar Bono, an seachnaitheoir cánach. Pearsa ó shaol an ard-fhaiseain mar John Rocha? Nó má tá duine níos géalaí ag teastáil uaibh, Concaire Chluain Tairbh, an tArd-Chomhaltas Labhrás féin. Sea, nach binn ceolmhar é an fhuaim: Lá le Labhrás.

    Ach fan nóimeat, tá gaeilgeoir in aigne agam - poncán atá níos Éireannaí ná na hÉireannaigh féin, Des Bishop. An fuirseoir a thug stádas oigigiúil don lofa líofacht- an gaiscíoch a shabháil teanga na nGael uathu féin agus a sciob leis í díreach ó bhéal na huaighe. Sea, bíodh Lá an Easpaig againn in ionad Lá le Páidí, lá Gaelach Aerach agus sinn ag caitheamh rósanna bándearga i leaba an fhiaile shuaraigh glais úd.

    Raidht, a cháirde, cuirimís deireadh le páidí a'stáitseachas agus paddywhackery agus páidi an potaireachas. Deinimís ath-ghabháil ar an gCarghas. Cuirimís cosc ar an mbréag-fhéile san a mhaireann seachtain iomlán. Baoth-fhéile ná fuil aon dealramh leis agus nár bunaíodh ach chun turasóirí saonta le pócaí teanna a mhealladh don tír laismuigh den gnáth-shéasúir. Sea, ambaist, sinn ag ceiliúradh teacht na Críostaíochta go dtí ár dtír le cóisir seachtaine de ragús agus ragairne i lár séasúr an Chargais.

    How cute - how very Oirish.

    Anois, ga' m'leithscéal ach imeóim - tá mé ag dul go dtí an pub chun an seamróg phlaisteach a thachtadh.

    Barra na maidine dhaoibh go léir.

    Uainn go léir anseo in #37 "Chetwynde Downs" - - - Slááán Tamall

    FRC


Comments

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium


    Cad a dhéanfadh na mbanna píobaí (?) gan Paidí. Ní fheicim iad riamh ach inniu.


  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    Cad a dhéanfaimid feasta gan Pháidí?
    Tá deireadh na Féile ar lár
    An mbeidh Ted-fest mór ina áit?
    Deirtear go bhfuil sé thar barr


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    salamanca wrote: »
    Cad a dhéanfaimid feasta gan Pháidí?
    Tá deireadh na Féile ar lár
    An mbeidh Ted-fest mór ina áit?
    Deirtear go bhfuil sé thar barr

    :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Sea, tá seans eile ann chun bheith in ár mbinge drinkers amaideach anois toisc go bhfuil Lá Fhéile Paidí thart.

    Ar aghaidh leis an Ted-fest! Cultúr na h-Éirinn - nach bhfuil sé iontach.


  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    topper75 wrote: »
    Sea, tá seans eile ann chun bheith in ár mbinge drinkers amaideach anois toisc go bhfuil Lá Fhéile Paidí thart.

    Ar aghaidh leis an Ted-fest! Cultúr na h-Éirinn - nach bhfuil sé iontach.

    Fís den Ted-Fest

    Easpaig is sagairt is siúracha
    Ag léimt is ag ól is ag spraoi
    Cairpéad salach truaillithe
    Ar shráideanna Bhaile Átha Cliath

    Clár teilifíse Sasanach
    Ag magadh faoi muintir na hÉireann
    Agus amadáin náireacha ólta
    Ag glacadh an masla mar chaoirigh


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá a fhios agam go bhfuil Míshásta cóir idir magadh agus dáiríre leis an bpíosa greannmhar seo, ach tagaim leis an mbunsmaoineamh. Ba chóir dhúinn fáil réidh leis an tseafóid seo.
    Agus ní mór dúinn fáil réidh leis le haghaidh cúise amháin .i. ar a laghad mura mbeadh sé ann ní bheadh na ceisteanna bliain i ndiaidh bliana faoi cad is Éireannachas ann!
    Bíonn nuachtáin lán le forlíontaí le hÉireannaigh mór le rá ó raidió, teilifís agus na nuachtáin féin ag iarraidh ár bhféiniúlacht a chur i bhfocail!
    Agus chuile bhliain bíonn an seafóid chéanna ann:

    Ár ngreann
    Ár meon "is féidir linn"
    Cé chomh pléisiúrtha is atá sé d'eachtrannaigh a bheith inár gcomhluadar spraíúil.
    Ár gcraic (sic)
    Ár bhfather-tedachas
    Breakfast rolls
    I'm grand, says I
    An dath glas agus hataí móra áiféiseacha
    Meisceoirí
    Tíogar Ceilteachas

    Ach ar ndóigh ní sa liosta sin ach na tréithe a bhaineann le cine gan cultúr ar bith.
    Iarsmaí coilíneachas ar an meon fíor- choilínithe.
    Níl i Lá 'le Pádraig ach comhartha ar bhás leanúnach cultúir ar leith.

    Racht thart


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Tá an fírinne searbh agat a Stollaire.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ní molaim an seafóid atá ar siúl ar an lá, ach cén dochar?

    Ní ach píosa spraoi atá i gceist ann, agus má tá na Phádraig plaisteach ag iarraidh dul ar an drabhlás lig dóibh.

    An rud is measa faoin lá ná an airgead a caitear ag chur na polaiteoirí thar sáile don lá :mad:
    salamanca wrote: »
    Clár teilifíse Sasanach

    Ohhhhh, ní aontaím le sin ar chur ar bith!


Advertisement