Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Lóistín/cleachtadh na Gaeilge

  • 23-03-2009 12:51pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭


    A chara,

    ba mhaith liom cuairt a thabhairt ar an Éireann an tseachtain tar éis Cásca le mo chuid Gaeilge a chleachtadh agus nithe eile fheiceáil lasmuigh mo shaoil laethúil sa bhaile.
    Ar ndóigh, tá cúrsanna sa Ghaeltacht ar fáil. Ach níl agam ach beagáinín airgid. Mar sin, bíonn siad ró-dhaor dom chomh maith le lóistíní oifigiúla. Thairis sin, bíonn cúrsanna sa Ghaeltacht ar siúl fad amuigh faoin tír. De réir Chonartha na Gaeilge agus gníomhaíochtaí eile as Gaeilge is féidir liom mo chuid Gaeilge a chleachtadh sa chathair chomh maith, go háirithe i nGaillimh, mBéal Feirste agus timpeall Bhaile Átha Cliath.
    An féidir le duine éigin anseo cuidiú liom, pé sórt é? An bhfuil aon smaoineamh agaibh? An bhfuil, b´fhéidir, aon dhuine réidh teagmháil a dhéanamh liom in Éirinn, sa gcaoi nach bhfuil mé asam féin?
    Go raibh míle maith agaibh as bhur bhfreagraí.
    Le dea-mhéin, Alex


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Déarfainn go bhfaighidh tú é deacair teacht ar dhaoine a bheas toilteanach lóistín a chur ar fáil saor in aisce do strainséir, leis an bhfírinne a rá.

    Ba chóir dhuit triail a bhaint as lucht na tolg-surfála

    http://www.couchsurfing.com/

    Ní a fhios agam an gcuirfinn mo chuid ama amú ag iarraidh daoine a aimsiú le Gaeilge sna gcathracha ach an oiread.
    Téigh caol díreach go dtí an Ghaeltacht


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Tá sé ar eolas agam agus mise ag baint úsáid as tuilleadh bealaí. Ach go raibh maith agat áfach as é seo rá dom. Ní gá é a bheith saor in aisce ach ar bheágáinín airgid. Má fheiceann tú ar na praghasanna oifigiúla, beidh tinneas cinn ort. Bíonn na bialanna agus lóistíní millteanach daor, go háirithe in Éirinn.
    Ar ndóigh, ba mhaith liom aon Ghaeltacht a chuairtiú. Ach le fanacht ansiúd níos faide, bíonn sé rò-thuathúil dom. Alex
    Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    B'fhéidir go bhféadfá campáil a dhéanamh sna Gaeltachtaí, ar tránna agus i gcomanna?
    Má tá puball maith agat agus dá mbeadh an aimsir go deas.

    Cad faoi carbhán a fháil ar cíos le linn an tsamhraidh? Seans go mbeadh sé níos saoire ná B agus B srl


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    B´fhéidir nach droch an smaoineamh é! Cé mhéad atá ar charbhán nó campáil, dar leat?
    Go háirithe i gcathair na Gaillimhe, tá sách Gaeilge ann! An bhfuil taithí agat faoin Ghaeilge i gcathair Luimní, Thrá Lí, Chill Áirne nó bailteacha móra eile? An bhliain seo caite, chas mé go maith ar Ghaeilgeoirí i nGaillimh agus mBÁC nár thug mé faoi deara difríocht mhór le cainteoir as an nGaeltacht.

    Beir bua, Alex


Advertisement