Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

2/3 cuid de cheantar Chonamara faoi ordú caomhnaithe

  • 25-03-2009 9:29pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭


    Bhí mé ag éisteacht le díospóireacht a craoladh ar maidin ar Radio na Gaeltachta.

    Dúradh go bhfuil tuairim agus dhá trian den cheantar faoi ordú caomhnaithe.

    An bhfuil aon eolas ag aon duine eile faoin gcás seo.

    Bhí mé ag éisteacht leis an gclár, ach bhí m'aird tarraingthe i dtreo rudaí eile ag an am.

    Bhí sé ráite go bhfuil oll chuid na limistéir ainmnithe sa tír seo i gContae na Gaillimhe, Maigh Eo agus Ros Comáin. Déanadh cur síos ar an easpa talamh atá "faoi cosaint" ag na rialacha seo i gceantair ar nós Baile Átha Cliath. Bhíodar ag iarraidh béim a chur ar an gcaoi gur aisteach an rud é nach raibh mórán áit ar bith i mB.Á.C gur bhfiú a chosaint.

    In éineacht le 2/3 de cheantar Conamara a bheith "caomhnaithe", tá beagnach 30% de cheantair caomhnaithe na tíre suite i limistéir gContae na Gaillimhe.

    Chomh fada agus is féidir liom a dhéanamh amach, is rud é seo a raibh idirbheartaíocht déanta ag rialtas na tíre seo ina leith. Tuigtear dom gur tugadh figiúr, agus ansin d'imigh siad amach chun an méid áirithe talamh a chur faoi bhráid an dlí/scéim seo, in ainneoin aon fachtóirí eile a d'fhéadfadh teacht salach air.

    Is cosúil freisin nach raibh seans ag an bpobal a gcuid tuairimí a chur chun cinn ina leith go dtí go raibh sé uile sínithe agus scríofa mar dlí.

    Tá an eolas atá agam ina an rud seo uile neamhiomlán agus tá go leor in easnamh.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Ní raibh sé an-soiléir ó mo chéad teachtaireacht cén tionchar atá aige seo uile ar chúrsaí.

    Bheadh sé beagnach do-dhéanta aon fhorbairt a dhéanamh taobh istigh de na limistéir seo. Tá tógáil tithe cónaithe príobháideach san áireamh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl mórán faoi chosaint i mBÁC mar níl mórán fágtha ann le cosaint. I gcomparáid le hiarthar na hÉireann tá BÁC beagnach go hiomlán forbartha agus gach gnáthóg nádúrtha scriosta. Níor chuala mé an díospóireacht ach is léir go amadáin iad ag iarraidh BÁC eile a dhéanamh de Ghaillimh agus de Chonamara.


  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca


    Poll Dubh wrote: »
    Níl mórán faoi chosaint i mBÁC mar níl mórán fágtha ann le cosaint. I gcomparáid le hiarthar na hÉireann tá BÁC beagnach go hiomlán forbartha agus gach gnáthóg nádúrtha scriosta. Níor chuala mé an díospóireacht ach is léir go amadáin iad ag iarraidh BÁC eile a dhéanamh de Ghaillimh agus de Chonamara.

    Ceapaim go bhfuil níos mó foirgneamh liostaithe i mBÁC ná mar atá i nGaillimh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    salamanca wrote: »
    Ceapaim go bhfuil níos mó foirgneamh liostaithe i mBÁC ná mar atá i nGaillimh.
    Tá brón orm nár luaigh mé é ach níor bhain an díospóireacht le foirgnimh ar chor ar bith. Gnáthóga plandaí a bhí i gceist.

    Luaigh siad gur cuireadh iallach ar úinéirí talún a gcuid ainimhithe a bhogadh amach as áiteanna áirithe, mar go raibh siad den tuairim go raibh gnáthóga plandaí á scriosadh. Deirim gurbh é sin an tuairim a bhí acu, ach cá bhfios dúinn ó tharla nach raibh aon teagmháil déanta leis na h-úinéirí talún ina leith.

    Tarlaíonn sé gur chruthaigh easnamh na n-ainimhithe fadhbanna i leith leathnú amach plandaí a bhí coinnithe faoi smacht ag na mbeithíoch leis na céadta bliain is dóigh. Chuir sé seo i bhfad níos mó plandaí i mbaol ná an "dainséar" a bhí ann ó thús.

    An t-aon rud amháin a chuireann as dom faoin scéal seo uile ná go gcuireann sé bac ar dhaoine teach a thógáil ina gcuid ceantair dúchasacha.

    Tá rudaí ina cúis magaidh mar gheall air freisin in Árainn. Tugadh cead pleanála le haghaidh cé nua-aimseartha a thógáil in Inis Mór, rud a bhí ag teastáil uaidh muintir na háite. Cuireadh an t-airgead ar fáil, ach ansin dúradh leo go gcaithfeadh siad an cloch a tharraingt ón mór-thír chun é a thógáil. Is cosúil gur chuir sé seo praghas an scéim suas sna bhflaithis.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Plandaí a bhí na h-ainmhithe ag coinneáil faoi smacht? B'fhéidir go raibh sé sin fíor sa seanam ach níl sé fíor anois. An rud a tharla ná gur chuir na feirmeoirí an oiread sin caoirigh ar na sléibhte gur ith siad gach uile rud beo. Tá plandaí cosúil le fraoch beagnach imithe óna sléibhte dá bharr agus níl aon áit fágtha do héin ghoir cosúil leis an gCearc Fhraoigh a bhíonns ag brath air. Ná bí ag éisteacht le feirmeoirí ag maíomh go bhfuil siad ag cosaint dúlra mar, den chuid is mó, is cuma sa sioc leo faoin aon rud ach an méid airgid atá ag teacht isteach. Agus éinne a raibh iallach curtha orthu a gcuid beithigh a bhaint den sléibhte bhí siad íoctha go maith as.

    Níl aon eolas agam faoin scéal ar Árann ach ón méid atá ráite agat is cosúil go raibh an dream sin ag iarraidh cairéil mhóir ghránna a chur ar ceann de na háiteanna is deise in Éirinn. Cuireann sé iontas orm cé chomh dallradharcach is atá daoine mar siúd.


  • Advertisement
Advertisement