Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

H1N1 Fliú na Muc

  • 29-04-2009 1:15pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    Hype nó bagairt?

    Bhur mbarúil?

    Léarscáil Gúgil


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Bagairt!

    (Is duine éadóchasach mé)

    Chuala mé go raibh tástálacha curtha ar ceathrar sa tír seo - ach ní dóigh liom go bhfuil na torthaí eisithe go fóill.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Ní dhéanadh 'hype' mar seo maith do dhuine ar bith! Seo é an rud derineach atá ag teastáil! Ta sé go maith do na comhlachtaí drugaí, ach sin é! Níl sé go maith don éacnámaíocht domhanda go bhfuil rud ann a chuireann stop le daoine ag taistéail, ag obair, ag dul go dtí scoil, ag dul amach ag ith! Is bagairt é, ach tá siúl agam nach mbeidh ann ach hype go gearr! Ach tá daoine marbh dá bharr cheana, ach tá seans ann go bfhuil béagán hype faoin méid atá básaigh. Chuala mé nach bhfuil siad inann ach bfhéidir 40 acu a cheangal go súráilte leis an n-gálra.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Bagairt!

    (Is duine éadóchasach mé)

    Chuala mé go raibh tástálacha curtha ar ceathrar sa tír seo - ach ní dóigh liom go bhfuil na torthaí eisithe go fóill.

    Eisíodh torthaí na dtástálacha faoin cheathrar siúd ach tháinig siad ar ais glan, ní raibh fliú na Muc Meicsiceach acu. Tá beirt Éireannach eile á tástáil anois freisin.
    Ní dhéanadh 'hype' mar seo maith do dhuine ar bith! Seo é an rud derineach atá ag teastáil! Ta sé go maith do na comhlachtaí drugaí, ach sin é! Níl sé go maith don éacnámaíocht domhanda go bhfuil rud ann a chuireann stop le daoine ag taistéail, ag obair, ag dul go dtí scoil, ag dul amach ag ith! Is bagairt é, ach tá siúl agam nach mbeidh ann ach hype go gearr! Ach tá daoine marbh dá bharr cheana, ach tá seans ann go bfhuil béagán hype faoin méid atá básaigh. Chuala mé nach bhfuil siad inann ach bfhéidir 40 acu a cheangal go súráilte leis an n-gálra.

    Tá sé go fíor luath go fóill le rá, deireann dochtúirí i Meicsiceo go bhfuil 159 marbh dá bharr, tá drogall ar an WHO na figiúirí seo a dheimhniú go dtí go bhfuil a dtástálacha féin déanta acu.

    Seo an méid a bhí le rá ag dochtúir atá ag obair ar an dtalamh i Meicsiceo inné:
    Patients continue to pour in with flu symptoms. Some have very serious pneumonia and need to be put on ventilators. I think the total number of deaths is far beyond the seven who have tested positive for the infection.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ceapaim go bhfuil sé beagáinín greannmhar duine a fheiceáil ag caitheamh aghaidhmhascanna. Tá siad chomh héifeachtach le clogad i gcogaí! .i. níl siad éifeachtach ar chor ar bith, ach tugann siad bréag-mhothúchán slándála


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,078 ✭✭✭onemorechance


    Stollaire wrote: »
    Ceapaim go bhfuil sé beagáinín greannmhar duine a fheiceáil ag caitheamh aghaidhmhascanna. Tá siad chomh héifeachtach le clogad i gcogaí! .i. níl siad éifeachtach ar chor ar bith, ach tugann siad bréag-mhothúchán slándála

    Cabhraíonn siad beagán ceapaim. Céard eile atá siad inann a dhéanamh má tá siad ag iarraidh dul amach? Bheadh ceann ormsa dá mbeadh mé i Méicsicó anois!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Rith le d'anam, Kermit, rith!

    Muppets-Kermit-Miss-Piggy_l.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Múinteoir wrote: »
    Rith le d'anam, Kermit, rith!

    Níos measa ná sin - d'aimsigh siad cúis an trioblóid:

    kissing_pig.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cliste wrote: »
    Níos measa ná sin - d'aimsigh siad cúis an trioblóid:
    :D:D



    Dá mbeadh ganntanas aghaidhmhascanna ann, ná bí imní oraibh mar is féidir libh bhur naghaidhmhascanna féin a dhéanamh as cíochbhearta – “tá said níós saoire, níos compordaí agus níos aeraí" - níos aeraí??


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    in ainm Dé, tá fliú na muc agus bás lofa tuillte ag tuismitheoirí an pháiste bhocht sin!


  • Registered Users Posts: 167 ✭✭Adhamh


    pff... Bagairt, is docha. Ach ní barúil dá laghad agamsa i ndáiríre.

    Agus cad a tharla leis an gceann eile,dála an scéil- an 'bird flu'? Hype! (bhfuel, sa tír seo, ar aon nós)


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Adhamh wrote: »
    Agus cad a tharla leis an gceann eile,dála an scéil- an 'bird flu'? Hype! (bhfuel, sa tír seo, ar aon nós)

    Tá sé fós ann, agus ina chúis buartha do dhaoine san Áis agus sa Mheánoirthear. Ach an rud faoi fhliú na n-éan H5N1 ná níor aistrigh sé ó dhaoine go daoine, d'aistrigh sé ó éin go daoine. Mar sin bhí an baol níos lú ann go mbeifí i dteagmháil le haon éan agus an fliú aige.
    Tá H1NI "fliú na muc" ag aistriú idir daoine.


  • Registered Users Posts: 167 ✭✭Adhamh


    Ah, tuigim anois. Chuala mé go bhfuil rialtas na hÉigipte ag marú gach muc sa tír sin. An gcabhraíonn sé nó an tosóidh sé ocras mór?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Adhamh wrote: »
    Ah, tuigim anois. Chuala mé go bhfuil rialtas na hÉigipte ag marú gach muc sa tír sin. An gcabhraíonn sé nó an tosóidh sé ocras mór?

    Chualas sin freisin, ach ní luíonn sé le ciall ar bith. Ní luíonn sé le ciall ach an oiread go bhfuil cosc curtha ag rialtas na Síne ar iompórtáil muc ó aon áit i Meiriceá Thuaidh nó Meiriceá Láir.
    Nuair a thosaigh an víreas ag aistriú idir daoine bhí sé ina víreas nua ar fad.

    Níl i ndealú na muc san Éigipt ach anbhá ón rialtas thall ansin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Níl i ndealú na muc san Éigipt ach anbhá ón rialtas thall ansin.

    Agus b'fhéidir deis ag an móramh Moslamaigh fáil réidh le muca 'eisíona' na gCríostaithe.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bagairt go deimhin. Tá sé ag scaipeadh go rábach i Sasana. Agus an cuma air go bhfuil sé ag déanamh amhlaidh in Éirinn.
    500 fabhtaithe leis i seachtain amháin. Agus go pearsanta tá a fhios agam go bhfuil sé ag scaipeadh in dhá chomhlacht mhóra i mBaile Átha Cliath, ach níl siad toilteanach an scéal sin a ligean amach.

    Cad a tharlóidh nuair a fhillfidh na páistí sa scoil?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,889 ✭✭✭tolosenc


    Stollaire wrote: »
    Gúgil

    Gáire ós ard.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Agus mé ag gabháil trí Aerfort Átha Cliath le déanaí, chonaic mé comhartha a luaigh comharthaí an fhliú:
    Fiabhras
    Scornach Tinn
    Casacht
    Srón smaoiseach
    Crithfhuacht
    Cur síos cruinn gan náire!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Bígí ag ithe mil agus torthaí úr agus beidh sibh ceart go leor. Ná bígí buartha faoi. Beidh sé cósúil leis an SARS.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    topper75 wrote: »
    Bígí ag ithe mil agus torthaí úr agus beidh sibh ceart go leor. Ná bígí buartha faoi. Beidh sé cósúil leis an SARS.

    Ba chóir d'aon duine a bhfuil fadhbanna acu lena gcóras imdhíonta a bheith an-bhuartha go deo - má tá SEIF nó fiobróis chisteach agat ní dóigh go mbeadh cúpla Granny Smith mórán cúnaimh duit.


Advertisement