Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

GO Gaeilge! i Delphi

  • 06-06-2009 4:03pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭

    Imeacht iontach ar siúl san iarthar an mhí seo chugainn. Beidh mise ag dul!

    GO Gaeilge! i Delphi
    Deireadh Seachtaine Gaeilge do dhaoine fásta
    10-12 Iúil 2009 i Delphi Mountain Resort
    Tá deireadh seachtaine spraoi á eagrú ag GO Gaeilge!, comhlacht a eagraíonn imeachtaí sóisialta trí mheán na Gaeilge ar fud na tíre. Beidh an chéad teacht le chéile eile ag an Delphi Mountain Resort i gConamara idir an 10 agus 12 Iúil. Más mian leat do chuid Ghaeilge a chleachtadh agus tú ag foghlaim scileanna nua faoin tuath...seo do sheans!

    Ar chostas €169 gheobhaidh tú dhá oíche Leaba & Bricfeasta, lá iomlán imeachtaí le lón agus dinnéar blasta trathnóna Dé Sathairn.

    Baileoidh an grúpa le chéile trathnóna Dé hAoine chun aithne a chur ar a chéile agus chun a scíth a ligean roimh an lá mór. Beidh rogha fhairsing imeachtaí ar fharraige, ar shliabh agus sa choill ar fáil ar an Satharn; is cuma cén leibhéal aclaíochta atá agat beidh rogha duitse. Trathnóna Dé Sathairn íosfaidh an grúpa dinnéar le chéile agus beidh deis imeachtaí an lae a phlé ar feadh na hoíche. Fágfaimid slán ag a chéile tar éis bricfeasta ar an Domhnach.

    Beidh na teagascóirí go léir dátheangach agus beidh áisitheoir Gaeilge i láthair chun cabhrú leat chomh maith. Ná bí buartha muna bhfuil agat ach cupla focal, is é an rud is tábhachtaí ná páirt a ghlacadh! Cuirfidh sé laethanta d’óige sa Ghaeltacht i gcuimhne duit, gan na ranganna.

    Le cur in áirithe nó a thuilleadh eolais:

    Fón: Eilís 087 2941140 or Aonghus 086 8122882

    Ríomhphost: mailto:gogaeilge@gmail.com

    Idirlíon: http://gogaeilge.ning.com/

Comments

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    tá sé sin an phraghas!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Aon duine eile ag dul?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Bhí deireadh seachtain den chéad scoth againn - tá grianghraif le feiceáil ar gogaeilge.ning.com

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Chonas ar éirig leis san deireadh, an raibh mórán daoine ann?

    Ceapaim go bhfuil sé iontach go bhfuil rudaí mar seo ar fáill as Gaeilge. Tá mé dóchasach go bhfuil sé abalta seasamh ar a stuama fhéin, agus go mbeidh a thuile le fáill san toghchaí.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »

    Bhí tuairim is tríocha ann, formhór acu cailíní. Ba bhreá liom rud mar sin a dhéanamh arís.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Poll Dubh wrote: »
    Bhí tuairim is tríocha ann, formhór acu cailíní. Ba bhreá liom rud mar sin a dhéanamh arís.

    Ar bain tú taitneamh as?! :D

    Aontaím, is aoibhinn liom eachtraí faoin aer, an bhfuil aon séisiúin eile pleanáilte acu?

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    ró-costasach i mo thuairim..

    oops, tá sé críochnaithe.. :o

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Ar bain tú taitneamh as?! :D

    Aontaím, is aoibhinn liom eachtraí faoin aer, an bhfuil aon séisiúin eile pleanáilte acu?

    Bainim taitneamh as cailíní cairdiúla i gcónaí! Ach bhain mé taitneamh as an méid substaintiúil leann dubh a chur mé síos i gcomhrá leis na leaids freisin . Maidir le seisiún eile níl aon rud socraithe go fóill ach tar éis an rath a bhí ar an ndeireadh seachtaine tá chuile seans go mbeidh ceann eile.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    B'fhéidir go bhfuil pointe ag Dlofnep maidir leis an costas (I gcomparáíd le gnáthcostais i nDelphi, b'fhiúntas maith é €169 áfach).

    Cad a cheapfadh daoine faoi imeacht amuigh faoin spéir de shaghas éigin le haghaidh lá amháin in áit lárnach sa tír (m.s. Áth Luain)? Bheadh costas timpeall €50/€60 air, agus is féidir linn dul ar ais chun cómhrá a dhéanamh lena gcéile i dteach tabhairne/caife níos déanaí. Má tá suim ag daoine fanacht ann an oíche sin, bheadh sé mar rogha acu a lóistín féin a eagrú i B&B nó mar sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    topper75 wrote: »

    Smaoineamh maith é sin - ba cheann de na rudaí is fearr faoi Delphi ná go raibh Gaeilge ag na teagascóirí. An bhfuil a leithéid le fáil in Áth Luain? B'as Áth Luain an fear i mbun surfáil linn ach ní dóigh liom go bhfuil na tonnta ró-iontach ar Loch Dearg!

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Poll Dubh wrote: »
    Ba cheann de na rudaí is fearr faoi Delphi ná go raibh Gaeilge ag na teagascóirí. An bhfuil a leithéid le fáil in Áth Luain?

    :o Pointe maith ansin a Pholl Dubh. Táim fós i mo chodladh inniu. Ar ais go dtí an chlár deartha.
    Poll Dubh wrote: »
    ní dóigh liom go bhfuil na tonnta ró-iontach ar Loch Dearg!

    Bí cúramach - beidh muintir an Chláír agus Tiobraid Árann ar buile leat is tú ag goideadh a loch álainn uathu! :pac: Loch Ríbh atá ann san Iarmhí.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    dlofnep wrote: »
    ró-costasach i mo thuairim..

    oops, tá sé críochnaithe.. :o

    Bíonn costas ard ar eachtraí faoin aer, ó taobh árachas, teagascóirí, agus trealamh de. Féach ar an preis arís, 169 agus faigheann tú:

    2 oíche B&B,
    lón agus dinnéir,
    agus eachtraí.

    Níl sé saor ag an am céanna, agus b'féidir nach bhfuil airgead ag daoine anois chun íoc as rudaí mar seo..

    Tá rud éigin eile mar seo le fáill i Muigh Eo freisin http://uisce.ie/, ach caithfidh mé a rá gur smaoineamh iontach é an gogaeilge seo, mar tá sé oscailte do daoine aonarach, agus dírithe go h-iomlán ar daoine fásta. Tá rogha mór eachtraí fosta, agus tá se sin tábhachtach chun daoine a mealladh nach bhfuil suim mór acu ar rud amháin

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Cliste wrote: »
    Tá rud éigin eile mar seo le fáill i Muigh Eo freisin http://uisce.ie/,

    Shíl mé go raibh Coláiste Uisce do daltaí dara leibhéal amháin - an ghlacann siad le daoine fásta?

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cliste wrote: »
    Bíonn costas ard ar eachtraí faoin aer, ó taobh árachas, teagascóirí, agus trealamh de. Féach ar an preis arís, 169 agus faigheann tú:

    2 oíche B&B,
    lón agus dinnéir,
    agus eachtraí.

    Níl sé saor ag an am céanna, agus b'féidir nach bhfuil airgead ag daoine anois chun íoc as rudaí mar seo..

    Tá rud éigin eile mar seo le fáill i Muigh Eo freisin http://uisce.ie/, ach caithfidh mé a rá gur smaoineamh iontach é an gogaeilge seo, mar tá sé oscailte do daoine aonarach, agus dírithe go h-iomlán ar daoine fásta. Tá rogha mór eachtraí fosta, agus tá se sin tábhachtach chun daoine a mealladh nach bhfuil suim mór acu ar rud amháin

    bhuel, ró-costasach domsa :) beagán briste faoi láthair.

  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1

    ye - sin cad a cheap mé comh maith

    ach - nach snazzy suíomh atá acu?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Suíomh deas gan daubt. Níl fios agam faoin costas, ach táim beagnach cinnte go bhfuil siad sásta grupaí fásta a tógáil, níl cursaí crinn acu do daoine fásta, ach tá fios agam go tógann siad grupaí nuair nach bhfuil na cursaí samhradh ar súil, freisin féach ar an leathanach seo: http://uisce.ie/scileanna_splash.html.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhí mé ag smaoineamh faoin snáth seo agus mé ag déanamh cúrsa Caigheachail.

    Ma tá suim ag aon duine dul ar cúrsa caigheachail as Gaeilge, molaim díobh http://www.irelandwestseakayaking.com/ , tá sé bunaithe timpeall Maigh Eo. Is teagaisceoir den scoth e Ali le Gaeilge líofa!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Gaeilge Mhaigh Eo ab ea???

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    pog it wrote: »
    Gaeilge Mhaigh Eo ab ea???

    Hmmm, tá tionchar mór Conamara air... Eolas faoin teagascóir!

    Oh - an raibh aon duine amach ag siúl le na Cnocadóirí? : http://www.cnocadoiri.com/ An bhfuil grúpa maith ann?

Advertisement