Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

GLOOMSDAY

  • 16-06-2009 11:43am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭

    HAPPY GLOOMSDAY
    Nach shin ata i ndan do gach eagraíocht luath nó mall sa tirín iathghlas míámhárach seo 'gainne. Agus thárla sé dúinn i gcathair seo na long is na seol i mbliana. Scoilt i measc lucht eagraithe "Gloomsday". An tOllamh Herbert Ponseby ó Roinn an Bhéarla i UCC a chur tús leis an gceannairc. Eisean agus roinnt de lucht gnó na cathrach a bhí ag maíomh go raibh gá le "forbairt" agus "dul chun cinn" sa cheiliúradh. Ní raibh dóthain "daonlathais" agus bhí géarghá le "trédhearcacht" agus "freagracht". Ní raibh crinniú cinn bhliana eagraithe, miontuairiscí glactha ná cuntaisí foilsithe riamh. Scannal amach is amach ab ea é. Eagraithe ag an clique céanna gach bhliain - ní raibh ann dar leo ach leithscéal i gcomhair ragairne agus óil.

    Agus tá an ceart acu is dócha. Ní raibh coiste ann riamh. Mise a chur tús leis an bhféile beag agus mise a d'eagraigh gach bhliain é. Ní raibh aon ghá le coiste ná le béarlagar gnó. Anois táid ag lot an cóisir go léir. Teastaíonn uathu go mbíonn sé níos "custaiméir-chairdiúla" - an "éiléatachas" a bhaint de. Beidh sé mar "áis" chun turasoirí a mhealladh go dtí an chathair. Agus dar ndóigh caithfidh go mbeidh sé níos teaghlach-treoraithe ( nó family-orientated mar a déarfadh fear na gaeltachta) le béim fé leith ar na páistí. Aghaidh-phéinteáil agus balúin "Gloomsday" á tabhairt amach ar na sráideanna. Ar chúlaís a leithéid d'fhastaoim riamh. Dá mbeadh "Useless Eulogies", an saothar ar a bhfuil Gloomsday bunaithe, léite ag an tOllamh Ponseby agus baill uilig a choiste bheadh a fhios acu ná fuil sé oiriúnach do aon duine fé bhun aois na haibíochta.

    Ba chomhair go mbeimís sa Guinness Book of Ridiculous Records. An t-aon ceiliúradh liteartha ar domhain atá bunaithe ar shaothar nár foilsíodh riamh. Agus anois an coiste nua ag bagairt dlí orm mar dar leo ní mise an t-úinéir dleathach ar an lámhscríbhinn atá agam ar an seilf anso san oifigín. Cén fáth? - nach mise a thárrtháil an leabhar ón skip nuair..... á sin scéal eile....ní chreidfeá é. Teastaíonn uathu go bhfoilseofái dlútheagrán den leabhar - ní bheadh achar airde fada go leor ag glúin seo na teicseála chun an breis is míle leathannach den leabhar iomlán a léamh.

    Is inniu GLOOMSDAY, ach ní bheidh sé á cheiliúradh go h-oifigiúil ag an dream nua go dtí an Sathairn seo chugainn chun go mbeidh níos mó daoine ábalta freastail ar "na himeachtaí". Ní mór dúinn an lucht gnó a shásamh in am seo an ghátair is cosúil.

    Ach beidh an FÍOR-GLOOMSDAY ar siúl anocht ag tosnú san Hi-Bi is ag dul as sin go dtí an Long Valley agus ansan cá bhfios. Ceol leis an Pana Rowdies Ragtime Band mar is gnáth.

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Maidir le Ulysses, is suim liom a fháil amach an bhfuil an leabhar clúiteach seo léite ag éinne. Maítear go minic gurb é an t-úrscéal is fearr dá bhfuil ann sa Bhéarla, ach is deacair teacht ar dhuine ar bith a bhfuil sé léite go hiomlán aige!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »

    Is mise duine den dream nach bhfuil sé léite ina hiomlán aige. B'úrscéal thar a bheith nuálaíoch é ach ní hionann sin agus úrscéal maith.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Múinteoir wrote: »
    Maidir le Ulysses, is suim liom a fháil amach an bhfuil an leabhar clúiteach seo léite ag éinne. Maítear go minic gurb é an t-úrscéal is fearr dá bhfuil ann sa Bhéarla, ach is deacair teacht ar dhuine ar bith a bhfuil sé léite go hiomlán aige!

    Mar an gcéanna le Cré na Cille. Faraor, níl lá ar leith ann chun comóradh a dhéanamh den leabhar sin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Stollaire wrote: »
    Mar an gcéanna le Cré na Cille. Faraor, níl lá ar leith ann chun comóradh a dhéanamh den leabhar sin.

    Ní raibh mé in ann an scannán a chríochnú fiú.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Ní raibh mé in ann an scannán a chríochnú fiú.

    I ndáiríre? Níl an scannán feicthe agam, ach tá an leabhar léite go hiomlán agam dhá uair. Agus tá sé i gceist agam é a léamh arís, uair éigin. Is breá liom é mar úrscéal. Ach cuimhnigí gur annamh a bhíonn an scannán chomh maith leis an leabhar féin.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Múinteoir wrote: »
    I ndáiríre? Níl an scannán feicthe agam, ach tá an leabhar léite go hiomlán agam dhá uair. Agus tá sé i gceist agam é a léamh arís, uair éigin. Is breá liom é mar úrscéal. Ach cuimhnigí gur annamh a bhíonn an scannán chomh maith leis an leabhar féin.

    Lán dáiríre - bíonn rudaí níos fearr le déanamh agam ná a bheith ag breathnú ar sean dream síos in uaimh ag éagaoineadh. Tig liom teacht anseo ag éagaoineadh ina áit.

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir

    Poll Dubh wrote: »
    Lán dáiríre - bíonn rudaí níos fearr le déanamh agam ná a bheith ag breathnú ar sean dream síos in uaimh ag éagaoineadh. Tig liom teacht anseo ag éagaoineadh ina áit.

    Tuigim. Ach ,mholfainn duit breithiúnas a dhéanamh ar an leabhar agus ní ar an scannán amháin.

Advertisement