Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bord Gáis agus muinín

  • 19-06-2009 10:59am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭


    Tá Bord Gáis tar éis $450m a fháil ó infheisteoirí i Meiriceá de réir insideireland.com agus maíonn an comhlacht go "léiríonn sé an mhuinín atá ag infheisteoirí i straitéis ghnó Bhord Gáis".

    Is maith an rud go bhfuil muinín ag infheisteoirí sa chomhlacht mar ní dóigh liom go bhfuil mórán muiníne ag custaiméirí an chomhlachta tar éis goideadh ceithre ríomhaire glúine le sonraí pearsanta de seachtó míle custaiméir orthu.


Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Tá siad agamsa. Díolfaidh mé iad ar €50 agus canna Coke.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cuirfidh mé bosca Mars Bars sa mhargadh le haghaidh cearta eisiacha.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Cuirfidh mé bosca Mars Bars sa mhargadh le haghaidh cearta eisiacha.

    Bíodh sé ina mhargadh!! :pac:


  • Closed Accounts Posts: 217 ✭✭rororoyourboat


    An raibh sonraí baincéireachta ar na ríomhairí? Ar ndóigh, beidh imní ar neart daoine maidir leis.

    Bhí mo sonraí pearsanta ar ríomhaire ghlúine a ghoideadh ón Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann cúpla bliain ó shín. Níor chuir sé isteach orm ar chorr ar bith, chun an fhírinne a rá.

    Tá an litir sa bhaile agam fós. Táim saghas brodúil as! :p Scéal leath-spéisiúil don tigh tabhairne!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An raibh sonraí baincéireachta ar na ríomhairí? Ar ndóigh, beidh imní ar neart daoine maidir leis.

    Bhí mo sonraí pearsanta ar ríomhaire ghlúine a ghoideadh ón Seirbhís Fuilaistriúcháin na hÉireann cúpla bliain ó shín. Níor chuir sé isteach orm ar chorr ar bith, chun an fhírinne a rá.

    Tá an litir sa bhaile agam fós. Táim saghas brodúil as! :p Scéal leath-spéisiúil don tigh tabhairne!

    Bhí sonraí na ndaoine a bhí tar éis iompú ó BSL go Bord Gáis ar na ríomhairí glúine - tá seans maith go raibh sonraí baincéireachta orthu mar sin.

    Ag an bpointe seo b'fhearr dúinn ár sonraí pearsanta go léir a chur suas ar an idirlíon le gach duine a fheiceáil mar is caclach an méid cosanta atá siad ag fáil ó na heagraíochta éagsúla.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 217 ✭✭rororoyourboat


    Poll Dubh wrote: »

    Ag an bpointe seo b'fhearr dúinn ár sonraí pearsanta go léir a chur suas ar an idirlíon le gach duine a fheiceáil mar is caclach an méid cosanta atá siad ag fáil ó na heagraíochta éagsúla.

    Aontaím, is iad seo a leanas cuid de na sonraí is tabhachtaí atá agam:

    Uimhir PPS: 504354...:pac:


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Bhí sonraí na ndaoine a bhí tar éis iompú ó BSL go Bord Gáis ar na ríomhairí glúine - tá seans maith go raibh sonraí baincéireachta orthu mar sin.

    Cuirimse an locht ar an óinseach sin sna fógraí atá ar siúl acu faoi láthair!

    0000ceff0c8.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Cuirimse an locht ar an óinseach sin sna fógraí atá ar siúl acu faoi láthair!

    0000ceff0c8.jpg

    :D Roghnaigh Bord Gáis an duine cuí mar aghaidh phoiblí an chomhlachta - dallamlán ceart.


Advertisement