Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An Bord Snip Nua

  • 17-07-2009 8:39am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭


    An bhfuil eagla oraibh roimh an Bord Snip Nua maidir leis an Gaeilge?

    An mbraitheann todhchaí an Gaeilge ar an rialtais?

    Nó an mbeidh pobal na Gaeilge iad féin in ann an teanga a choimeád beo?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Faraoir ní féidir meon caltha formhór lucht na Gaeilge a athrú. Bíonn an cáibín sinte amach le haghaidh déirce i gcónaí acu . Ní féidir leo cluiche cártaí a eagrú gan chur isteach ar dheontas roimhré.

    Tá go máith - taim ag dul thar fóir. Ach feictear domsa uaireanta go bhfuil níos mó eagraíochtaí Gaeilge ann (agus suíomhanna idirlín) ná atá cainteoirí ar an bhfód.

    Beidh an córas oideachais thíos leis na ciorraithe géara gan aon agó, sin é an rud is measa. Ach maidir le ciorraithe ar mhaorlathas agus ar thionscal na teanga - ní bheinn ró-bhuartha go pearsanta. Cé mhéid des na daoine atá ag obair i dtionscal na teanga a bhíonn ina nGaeilgeoirí lasmuigh de uaireanta oibre?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bheinn níos buartha faoi todhchaí TG4, dá gcuirfeadh na moltaí i bhfeidhm bheadh an stáisiún dátheangach thíos na milliún euro agus ag brath ar mhaoiniú go díreach ón gceadúnas teilifíse. An t-airgead sin á roinnt idir RTÉ agus TG4, agus tá a fhios ag cách cé a thiocfaidh slán as an gcoimhlint sin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá Acht na dTeangacha Oifigiúil faoi ionsaí arís ag an mBord. Cé nár thug an tAcht ach ardú céime beag do Ghaeilge i dtreo comhionannais teanga tá siad fós ag iarraidh é a chur faoi chois. Cén fáth go bhfuil daoine i gcónaí ag tabhairt amach faoi na tuarascálacha bliantúla - ní bhíonn siad ag léamh na cinn as Béarla.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75


    Chuir mé an cheist amach gan mo smaointe féin a chur leis, ach is cósúil go ndearna Míshásta an jab dom ar aon nós! Aontaím leis/léi go h-uile is go h-iomláin. Caithfimid seasamh suas go neamhspleách sa bhfadtéarma ar aon nós. :mad:

    É sin ráite agam, tá sár-phointe déanta ag an Stollaire freisin. Is cuid lárnach de thodhchaí na Gaeilge é TG4. Táimid ag braith ar an rialtais fós chun an tséirbhís seo a sholáthar.

    "Cé mhéid des na daoine atá ag obair i dtionscal na teanga a bhíonn ina nGaeilgeoirí lasmuigh de uaireanta oibre? " = an-cheist.:(


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Poll Dubh wrote: »
    Tá Acht na dTeangacha Oifigiúil faoi ionsaí arís ag an mBord. Cé nár thug an tAcht ach ardú céime beag do Ghaeilge i dtreo comhionannais teanga tá siad fós ag iarraidh é a chur faoi chois.

    Céard atá á moladh acu ina leith?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Múinteoir wrote: »
    Céard atá á moladh acu ina leith?

    Ón méid atá cloiste agam tá siad ag moladh deireadh a chur leis an dualgas atá ar chomhlachtaí poiblí a gcuid tuarascálacha bliantúla a chur as Gaeilge. Tuigim go maith nach léann mórán a leithéid ach bíonn na comhlachtaí poiblí a chur amach na mílte foilseacháin eile i mBéarla amháin. Shílfeá go mbeadh sé inghlactha go forleathan go mbeidh na príomh-foilseacháin ó chomhlachtaí poiblí a bheith le fáil go dátheangach (ar a laghad).


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    cén fáth nach snip'fidh siad a gcloigeann?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    An bhfuil sibh réidh agus toilteanach le haghaidh gnímh?

    Tá súil agam nach mbeadh na Gaeil an dream is ciúine in am an ghátair.


  • Closed Accounts Posts: 15 myomi


    ní léann an cuid is mó de chainteoirí béarla na tuarascálacha bliantúla ach oiread!
    Agus muid ag caint faoi sheibhísí poiblí agus athchóiriú a dhéanamh orthu;táim braon baillithe de na leithscéal a bhíonn ag comhlachtaí poiblí mar gheall ar na sheibhisí a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Ní chosnódh sé pingin ar aon duine a bheith béasach leat ar an bhfón agus ní thuigim nach bhfuil Dia Dhuit/ Níl Gaeilge agam fan nóiméad/ tá fáilte romhat ar eolas ag na daoine a bhíonn ar an malartáin mar ba chóir go mbeadh.

    D'fhreastail na daoine céanna ar na gnáthscoileanna béarla is a d'fhreastail mise agus táim cinnte go mbeadh na beannachtaí sin ar eolas acu ach drogall orthu iad a úsáid.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Ní bheadh fadhb ar bith agamsa le deireadh a chur le foilsiú na dtuarascálacha bliantúla, dá mbeadh sé i gceist acu an ciorrú a dhéanamh ar an theanga náisiúnta oifigiúla. B'fhéidir gur cur amú airgid atá iontu, ach is cur amú airgid iad sa dá theanga!


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    an t-agallamh seo le John Walsh i dtaobh mholtaí Bhord Snip an-suimiúil ar fad!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    An bhfuil sibh réidh agus toilteanach le haghaidh gnímh?

    Tá súil agam nach mbeadh na Gaeil an dream is ciúine in am an ghátair.

    Cad atá ar intinn agat?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    Cad atá ar intinn agat?

    Mórshiúl eagraithe idir mhuintir na Gaeltachta agus Gael na Galltachta i mBaile Átha Cliath mar thosach.

    Daoine ag dul i dteagmháil lena dTeachta Dála áitiúil chun a míshástacht a chur in iúl.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Mórshiúl eagraithe idir mhuintir na Gaeltachta agus Gael na Galltachta i mBaile Átha Cliath mar thosach.

    Bheinn féin breá sásta páirt a ghlacadh in agóid mar sin ach ní fheicim éinne ag taispeáint mórán ceannasaíochta ina thaobh. Chaith mé sracfhéachaint ar cnag.ie agus ní dóigh liom go bhfuil aon rud beartaithe acu.
    Daoine ag dul i dteagmháil lena dTeachta Dála áitiúil chun a míshástacht a chur in iúl.

    Smaoineamh maith - beidh mé ag tabhairt cuairte ar mo dhuine Dara Calleary go luath.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Poll Dubh wrote: »
    ní fheicim éinne ag taispeáint mórán ceannasaíochta ina thaobh. Chaith mé sracfhéachaint ar cnag.ie agus ní dóigh liom go bhfuil aon rud beartaithe acu..

    Go bhfios dom táid ag beartú gnímh.
    Tá muintir Chonamara ag plé na ceiste go rialta le díospóireachtaí "G-spóireacht" srl. freisin (Ní cluinim mórán clamhsáin ó na Gaeltachtaí eile. Patuaire an namhaid is measa arís)

    Ach tá sé an-deacair a rá cén uair a bheas an t-am cuí le haon ní a dhéanamh, le haghaidh an tionchair is láidre, óir tá seans go mbeidh gach mac máthar ar na sráideanna roimh Nollaig. Leis sin bheadh an baol ann go gcaillfeadh glór na nGael ina measc.

    Ní mór cuimhneamh nach bhfuil i "moltaí" Mhic Carthaigh ach sin, moltaí. Luíonn an fhreagracht leis an Aire Airgeadais agus an comhaireacht faoi cad atá le déanamh.
    Ní bheidh leideanna faoina bhfuil ar intinn acu ar fáil go dtí an Fómhar is dóichí.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Stollaire wrote: »
    Go bhfios dom táid ag beartú gnímh.
    Tá muintir Chonamara ag plé na ceiste go rialta le díospóireachtaí "G-spóireacht" srl. freisin (Ní cluinim mórán clamhsáin ó na Gaeltachtaí eile. Patuaire an namhaid is measa arís)

    Ach tá sé an-deacair a rá cén uair a bheas an t-am cuí le haon ní a dhéanamh, le haghaidh an tionchair is láidre, óir tá seans go mbeidh gach mac máthar ar na sráideanna roimh Nollaig. Leis sin bheadh an baol ann go gcaillfeadh glór na nGael ina measc.

    Ní mór cuimhneamh nach bhfuil i "moltaí" Mhic Carthaigh ach sin, moltaí. Luíonn an fhreagracht leis an Aire Airgeadais agus an comhaireacht faoi cad atá le déanamh.
    Ní bheidh leideanna faoina bhfuil ar intinn acu ar fáil go dtí an Fómhar is dóichí.

    Tá lucht na rialtais ag breathnú ar an bhfreagairt atá na moltaí ag fáil sa bpobal faoi láthair. Má fheiceann siad go bhfuil ciorraithe molta ann nach bhfuil ag cur isteach ar mórán daoine, beidh na ciorraithe siúd le feiceáil sa chéad bhuiséad eile. Measaim go bhfuil anois an t-am cuí le hagóid a dhéanamh agus go mba chóir dúinn leanúint ar aghaidh ag agóid go dtí an chéad bhuiséad eile. Má fhanaim go dtí an fómhar beidh sé ró-dhéanach.


Advertisement