Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Irish Pronunciation

  • 29-07-2009 3:54pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    here's a great little program from TCD which will help people learning the language (Pronunciation etc.). It converts written Irish words to speech. Fantastic.

    http://www.abair.tcd.ie/index.php?page=synthesis&lang=gle

    A good way to use it would be to copy lines from say An Druma Mór or Beo.ie and paste them in to hear the correct pronunciation

    E.g.
    audio file below for the following line:

    Tá fear 24 bliain d'aois á cheistiú ag na Gardaí faoin bhás.

    http://www.abair.tcd.ie/audio/20090729_153947_003.mp3

    Note that its a Donegal accent (sounds like Caoimhe Ní Chonchoille from NuachtTG4)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Stollaire wrote: »
    Note that its a Donegal accent (sounds like Caoimhe Ní Chonchoille from NuachtTG4)

    They are working on other dialects at the moment. It will be a great resource when it's fully developed! Although it is a Donegal accent, it's another TG4 reporter who provided her voice for this project!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Maidir leis an bhfóghraíocht:
    Thug mé faoi déara go bhfuil an r leathan fóghraithe mar a bheadh i mBéarla ag formhór na gcainteoirí. Ach ar na cáiséid de "Learning Irisg" fóghraítear an r leathan mar a bheadh i Spáinnis nó Iodáilis. Ach chuala mé é seo go hannamh in Éirinn. In Albain glacadh an "r Spáinnis" i mBéarla na hAlban agus Scots freisin go minic. An é seo tionchar as Béarla nó an bhfuil agus an raibh an "r Béarla" ann i roinnt canúintí na Gaeilge? Mar ní chuala mé riamh an "r Spáinnis" sa chaint as Béarla in Éirinn mar a chloisfeá i mBéarla na hAlban agus i Scots.
    Ach is léir gur droch-Ghaeilge í an r caol fóghraithe mar "r Béarla" chomh maith. Tá cuma ghránna air sin!
    Slán go fóill, Alex


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Ach is léir gur droch-Ghaeilge í an r caol fóghraithe mar "r Béarla" chomh maith. Tá cuma ghránna air sin!
    Slán go fóill, Alex

    Is dócha go bhfuil cuma ghránna air ach i bhfírinne, bíonn rud mar seo ar ceann de na rudaí deireanacha san fhloghlaim foghlaimeoirí agus tá ciall leis sin. Níl fuaim an 'r-caol' éasca go leor a fhoghlaim ná a phioc suas. Is chuid sen snas é seo. Nuair atá tú tógtha le Béarla níl an fhuaim sin agat go nádúrtha fiú amháin. Bíonn ar an bhfoghlaimeoir do theanga agus do anaíl a athrú chun teacht ar an bhfuaim sin agus tá sé iontach deacair!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Cad a fhoghlaimeoimid as? Tabhairaigí na leanaí i dteagmháil le deá-Ghaeilge!
    Nach bhfuil saghas r caol fágtha i mBéarla na hÉirreann?


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    is fearr gaeilge briste ná....... céard?


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    They are working on other dialects at the moment. It will be a great resource when it's fully developed! Although it is a Donegal accent, it's another TG4 reporter who provided her voice for this project!

    Tuairisceoir eile? i ndáiríre!

    Also there's a fantastic search add-on for Firefox. You can just type in the Irish you're reading and it provides the synthesis quickly.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Stollaire wrote: »
    Tuairisceoir eile? i ndáiríre!

    It's your wan Ní Bhreisleáin, very nice accent!

    Stollaire wrote: »
    Also there's a fantastic search add-on for Firefox. You can just type in the Irish you're reading and it provides the synthesis quickly.

    Link please!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    It's your wan Ní Bhreisleáin, very nice accent!

    á! Luíonn sin le ciall. Blas blasta go deimhin. Leis an bhfírinne a rá níl sárú bhlas Ghaoth Dobhair le fáil.
    Link please!

    seo dhuit:

    http://mycroft.mozdev.org/search-engines.html?name=abair
    1. Bí cinnte go bhfuil Firefox suiteáilte agat. (Féach ar Chéim 1 thuas.)
    2. Gabh go dtí an leathanach seo.
    3. Cliceáil ar an nasc "abair.ie" (díreach faoi "(1) Other General Engines").
    4. Cliceáil ar "Cuir leis".
    5. Le húsáid a bhaint as, tá dhá rogha agat:
      a. Clóscríobh focal nó abairtín sa bhosca cuardaigh agus brúigh ar an eochair iontrála.

      b. Aibhsigh (highlight) na focail sa téacs le do luchóg, deaschliceáil, agus roghnaigh "Cuardaigh abair.ie ar...".
      (Bí cinnte go bhfuil an bosca cuardaigh abair.ie le feiceáil ag barr an leathanaigh, ní an ceann Google.)
      Osclóidh cluaisín nua agus is féidir leat éisteacht le Cabóigín ag rá na bhfocal.
    Install the abair.ie search plug-in for Firefox (optional — but very handy!)
    This takes less than a minute.
    It allows you to synthesise a word or phrase while you are reading any Irish-language web page, for example, focal.ie or beo.ie.
    1. Make sure that you have installed Firefox. (See Step 1 above.)
    2. Go to this page.
    3. Click on the "abair.ie" link (right under "(1) Other General Engines").
    4. Click on "Cuir leis/ Add".
    5. To use, you have two choices:
      a. Type a word or phrase in the search box and press enter.
      OR
      b. Highlight the words with your mouse, right-click and select "Cuardaigh abair.ie ar.../ Search abair.ie for...".
      (Make sure that you see the abair.ie search box at the top of the page and not the Google one.)
      A new tab will open and you can listen to Cabóigín saying the words.

    ana-handy


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Tá sin go hiontach ar fad! Tá innill chuardaigh focal.ie agus logainm.ie in úsáid agam ar an gcaoi sin cheana féin. Beidh orainn sin a chur sa liosta acmhainní ag barr an fhóraim seo!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke


    Chuig Conchúbhar1:
    Céard? Béarla cliste (nó B. Mheiriceá:) An-dheacair. Ach bíonn Gaeilge chliste fós níos fearr. Mar sin, tosaigí ag clistiú chomh luath is féidir ag bhur leanaí! :=) Beir bua!

    Ach tá tuairim eile ag go leor muintire na Gaeltachta. Dar leo, is fearr Béarla cliste ná Gaeilge bhriste. Dúirt neart daoine as an nGaeltacht domsa go bhfuil fuaimniú maith agam.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 39 Badhbh


    Dúirt neart daoine as an nGaeltacht domsa go bhfuil fuaimniú maith agam.

    Thug an fuaimniú Gearmáinise bunús maith dhuit. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Maidir leis an bhfóghraíocht:
    Thug mé faoi déara go bhfuil an r leathan fóghraithe mar a bheadh i mBéarla ag formhór na gcainteoirí. Ach ar na cáiséid de "Learning Irisg" fóghraítear an r leathan mar a bheadh i Spáinnis nó Iodáilis. Ach chuala mé é seo go hannamh in Éirinn. In Albain glacadh an "r Spáinnis" i mBéarla na hAlban agus Scots freisin go minic. An é seo tionchar as Béarla nó an bhfuil agus an raibh an "r Béarla" ann i roinnt canúintí na Gaeilge? Mar ní chuala mé riamh an "r Spáinnis" sa chaint as Béarla in Éirinn mar a chloisfeá i mBéarla na hAlban agus i Scots.
    Ach is léir gur droch-Ghaeilge í an r caol fóghraithe mar "r Béarla" chomh maith. Tá cuma ghránna air sin!
    Slán go fóill, Alex


    Tá daoine i nGaeltacht amháin i dTír Chonaill, Gaoth Dobhair, agus níl an "r Spáinnis" in úsáid acu mar go n-úsáideann siad an "r" béarla. Mar shampla, "Mwaya" le haghaidh Máire, "ubi" le haghaidh obair srl. In éindigh le sin, caitheann siad "r" isteach áit nach bhfuil ceann ann, mar shampla " Tá an dochtúir ag teacht anocht ar a hocht don créatúir bocht" beidh sé mar seo acu "Tá an dortúir ag teart anort ar a hort don créataí borrt".
    Téann an chúis atá le seo siar sa stair nuair a bhí tiarna talamh sa dúiche sin darb ainm George Hill (1801-1879). Dálta mórán áiteanna eile sa tír ní raibh meas acu air ach sa deireadh d'fhoghlaim sé Gaeilge. An rud is annamh is iontach. Mar Shasanach ní raibh "r" na hÉireann gan a bheith ag caint faoi "r" na Spáinne aige. Ar dtús rinne na tionóntaí aithris air don chraic ach sa deireadh níor chaith siad uathu é ( úsáid an "r" gallda). Ní raibh talamh ag Hill sna dúichí eile sa Chontae agus tá na ceantracha sin saor go dtí an lá inniu ón úsáid seo.


Advertisement