Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
17810121316

Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Go raibh míle, tá mé i bhfad ró cúthaileacht chun é sin a tosú! Freisin, an chuid is mó don am is pictiúir ó na spóirt a imrím iad. Ní beidh suim agaibh féachaint ar daoine nach bhfuil aithne agaibh orthu beidh measartha i spóirt fánach :D

    Ach seo ceann a bhain mé taitneamh as thógáil. Is pictiúir ollmhór é don sneachta:
    http://pix.ie/cliste/2121916/size/15088

    Go raibh maith agat faoin eolas sin. Beidh mé ag fiosrú a thuile san todhchaí :P

    Tá dhá rothar agam. Ceann sléibhte Raleigh agus ceann eile KTM Formula. Fuair mé an dara ceann tar éis a raibh fios agam go úsáidfinn é. Ceannaigh mé dara lámh é! Nílim ach díreach saor ón ollscoil. Ceapaim go bhfuil mé chun an scéim a úsáid nuair is féidir liom!

  • Registered Users Posts: 5,858 ✭✭✭fat bloke

    Cliste wrote: »

    Íosa Chríost, conas a thóg tú an pictiúr sin?? An bhfuil níos mó ná pictiúr amháin ansin agat agus iad greamaithe le chéile?

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Sin díreach é. Tá feidhmchláir iontach darbh ainm Hugin. Oibríonn sé ar Windows agus Linux. Chuir mé iad le céile leis!

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá mise sásta ar aon nós

    :D:D:D:D:D:D:D:D

    (Tá súil agam nach bhfuil múintear Corca Dhuibhne ró-éadmhar)

    :D

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Ar léigh éinne anseo An Béal Bocht le Myles na gCopaleen? An bhfuil sé go maith/éasca a thuiscint (ní raibh rang Gaeilge agam le níos mó ná dhá bhliain)? Chonaic mé é sa leabharlann inné agus táim fiosrach anois.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,893 ✭✭✭deirdremf

    Tá sé thar barr - nó sin a smaoinigh mé nuair a léigh mé é.
    Ach b'fhéidir go mbaineann sé, ar bhealach, le saol atá imithe anois?

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    N'fheadar. Níor léigh mé An tOileánach nó Peig nó aon leabhar eile mar sin, so b'fhéidir nach dtuigfidh mé gach aon tagairt. Is dóigh liom go ndéanfaidh mé iarracht é a léamh ar aon nós áfach. Tá an leagan Béala ann freisin má tá an leagan Gaeilge ró-dheachair dom :pac:

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Tá siadsan á léamh agam an tseachtain seo. :)

    Maidir le Myles agus "An Béal Bocht", is cuma má bhaineann sé le ré atá thart. Is píosa litríochta den scoth é. Tá sé chomh greannmhar le haon rud a léigh mé riamh. Mholfainn d'éinne é. :)

  • Registered Users Posts: 1,893 ✭✭✭deirdremf

    Leabhar eile a thaitin liom, An Dochtúir Áthas.
    Leabhar faoi fhear a chuirtear ar aghaidh chuig síceolaí, agus gach a tharlaíonn dó le linn an tréimhse a bhíonn sé ag freastal ar an dochtúir; úsáid teanga an-chliste in amanna.

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    deirdremf wrote: »

    An mbeadh orm dul chuig www.litriocht.com chun an leabhar sin a fháil, nó meas tú go mbeadh sé ar fáil i ngnáthsiopaí leabhar?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 68 ✭✭Realt11

    Bhain mé an-taitneamh as An Béal Bocht :) an-ghreannmhar ar fad! ach is leabhar iontach é Cré na Cille Sea,is dúshlán chun é a léamh ach nach mór an pléisiúr é chun teanga an Chadhnaigh a léamh! Tá an leagan fhíseach den leabhar ar fheabhas chomh maith :)

  • Registered Users Posts: 1,893 ✭✭✭deirdremf

    An mbeadh orm dul chuig www.litriocht.com chun an leabhar sin a fháil, nó meas tú go mbeadh sé ar fáil i ngnáthsiopaí leabhar?
    Gnáthshiopa leabhar Béarla? Ní dóigh liom é.
    Bain triail as suíomh idirlín eicínt.
    Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá siopaí leabhar Gaeilge, nó measctha, in áiteacha: BÁC, Bré, Corcaigh , Béal Feirste. Agus sna Gaeltachtaí, freisin.
    Ach mura bhfuil tú i gceann de na háiteacha sin, suíomh mar
    siopa.ie,
    litriocht.com,
    cuplafocal.ie

    ádh mór
    dmf

  • Registered Users Posts: 1,893 ✭✭✭deirdremf

    Realt11 wrote: »
    Bhain mé an-taitneamh as An Béal Bocht :) an-ghreannmhar ar fad! ach is leabhar iontach é Cré na Cille Sea,is dúshlán chun é a léamh ach nach mór an pléisiúr é chun teanga an Chadhnaigh a léamh! Tá an leagan fhíseach den leabhar ar fheabhas chomh maith :)
    Léigh mé leagan de Chré na Cille, ach feicim go bhfuil athchló ar an mbunleagan ar fáil arís. Caithfidh mé é a cheannacht agus a léamh!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    deirdremf wrote: »
    Gnáthshiopa leabhar Béarla? Ní dóigh liom é.
    Bain triail as suíomh idirlín eicínt.
    Cá bhfuil tú i do chónaí? Tá siopaí leabhar Gaeilge, nó measctha, in áiteacha: BÁC, Bré, Corcaigh , Béal Feirste. Agus sna Gaeltachtaí, freisin.
    Ach mura bhfuil tú i gceann de na háiteacha sin, suíomh mar
    siopa.ie,
    litriocht.com,
    cuplafocal.ie

    ádh mór
    dmf

    Go raibh maith agat as sin. Tá cónaí orm i gCathar Luimnigh. Tá réimse cuíosach leathan thuas staighre in O'Mahony's ar Sráid Uí Chonaill. Feicfidh mé an bhfuil an leabhar acu sula dtéim chuig na chomhlachtaí ar-líne. :)

  • Registered Users Posts: 215 ✭✭Baile an Locha

    Fuair muid an dán seo in ár leacht inné, silim go bhfuil sé really-chliste!!

    "V mé 3na Kle le 7n ach v 2 ann an8 a # & 6 2 mo * gan L8"

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Tá sé sin go hiontach! Ach cad é an Ghaeilge do #? :confused:

  • Registered Users Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader

    Tá sé sin go hiontach! Ach cad é an Ghaeilge do #? :confused:

    a thaisce = my darling, my love, my treasure

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    GRMA. Ní fhaca mé an focal sin riamh!

  • Closed Accounts Posts: 5,132 ✭✭✭Killer Pigeon

    Táim ag iarraidh ceist beag a chur.

    An bhfuil seanfhocal áirthe a dhéanann cur síos ar an bhfrása "níl gach duine mar an gcéanna" ("Not everyone is the same"). Ní féidir liom smaoineamh ar ceann faoi láthair :(

    An bhfuil fhios ag aon duine?

    Go raibh maith agaibh uile i gcómhair bhur dtreoir.

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Dá mb'ionann ciall don duine, b'ionann dath don éadach.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 960 ✭✭✭Conchir

    An bhfuil ionad Gaeilge sa Choláiste na Trionóide? Déanaim cursa i Gael Linn agus déanaimid an clar radió. Ba mhaith linn cuir agallamh as gaeilge le duine. Ta me san idirbhlian i scoil.

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Má théann tú i dteagmháil le Cumann Gaelach, Ollscoil na Tríonóide, beidh neart daoine ansin le cuidiú leat.

  • Closed Accounts Posts: 1,770 ✭✭✭LeeHoffmann

    Fuair me amach faoin suiomh sin cupla seachtain o shin. Nil Gaeilge fiorfa agam ar chor ar bith ach ta suil agam go mbeidh me abalta caint libh gan fadhb. Tuigim gach rud ach ta gramadach uafasach agam. :o Ar aon nos, ba mhaith liom 'go raibh maith agat' don OP a ra - is smaoineamh maith e an snaithe sin! Dia dhaoibh uilig agus bron orm nach bhfuil me ag usaid an 'fada' - nil fhios agam conas a dheanaim e mar ta mearchlar Germainis agam!

  • Registered Users Posts: 1,958 ✭✭✭Mr. Rager

    Dia duit, ta cupla focal agam agus ta me nua anseo. Nil aon fada ar mo eochairchlar :pac:

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Fáilte agus beannacht :) Conas atá tú a fjsanchez?

    Chun an fada a fháil is leor alt gr-"a" a bhrú

    alt gr + "a" = á
    alt gr + "o" = ó
    alt gr + "u" = ú
    alt gr + "i" = í
    alt gr + "e" = é

  • Registered Users Posts: 1,958 ✭✭✭Mr. Rager

    Cliste wrote: »
    Fáilte agus beannacht :) Conas atá tú a fjsanchez?

    Chun an fada a fháil is leor alt gr-"a" a bhrú

    alt gr + "a" = á
    alt gr + "o" = ó
    alt gr + "u" = ú
    alt gr + "i" = í
    alt gr + "e" = é

    Ni gaeilge agam le haghaidh mo freagra, sooo...
    That's doesn't work for me unfortunately, neither those pressing alt gr :(

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá snath faoin ábhar cheana anseo, is féidir leat é a léamh!

    Go bunúsach mura oibríonn alt gr + "a" bain thriall as ctrl + alt + "a". Cinntigh go bhfuil cinnéail "keyboard" Éireannach roghnaithe agat sna Sainroghanna.

    Tá a lán Gaeilge agat, maith thú, choinnigh suas an iarracht í a úsáid :)

  • Registered Users Posts: 1,958 ✭✭✭Mr. Rager

    Cliste wrote: »
    Tá snath faoin ábhar cheana anseo, is féidir leat é a léamh!

    Go bunúsach mura oibríonn alt gr + "a" bain thriall as ctrl + alt + "a". Cinntigh go bhfuil cinnéail "keyboard" Éireannach roghnaithe agat sna Sainroghanna.

    Tá a lán Gaeilge agat, maith thú, choinnigh suas an iarracht í a úsáid :)

    áóúíé

    Go raibh maith agat, tá siad i ngléas anois :)

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Aon chraic thart anseo le gairid? Níl 'fhios 'am cén fhad atá sé ó bhí mé sa snátha seo.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 2,576 ✭✭✭Coeurdepirate

    Dia duit! Is dalta meánscoil mé atá ag déanamh ardleibhéal le haghaidh an ardteist agus mar a tá sibh in ann a fheiceáil, tá Gaeilge uafáááááááááááásach agam! :D agus tá mé ag iarraidh í a fheabhsú. So an bhfuil cead agam caint anseo libh? :)

Advertisement