Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
18911131416

Comments

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Dia duit! Is dalta meánscoil mé atá ag déanamh ardleibhéal le haghaidh an ardteist agus mar a tá sibh in ann a fheiceáil, tá Gaeilge uafáááááááááááásach agam! :D agus tá mé ag iarraidh í a fheabhsú. So an bhfuil cead agam caint anseo libh? :)

    Bhuel, tá tú lán ábalta cúpla abairt a chur le chéile - níl tú chomh dona is a cheapann tú. Is dócha go mbeadh tú thuas le labhairt anseo, sna topaicí difriúla. Tá a lán rudaí a bhféadfá labhairt faoi. Mholfainn duit Gaeilge a labhairt le do chuid chairde, freisin. Sin an bealach is fearr chun í a fhoghlaim go dtí an leibhéal go bhfuil tú líofa iontaí. Má tá tú in ann comhrá neamh-fhoirmeálta a bheith agat le do chairde agus í a scríobh anseo, éireoidh tú go breá san Ardteist. Go n-éirí leat.


  • Registered Users Posts: 6,840 ✭✭✭Luno


    Is dalta meanscoil mé freisin ach níl caighdean árd agam in aon chor! :( Ba mhaith liom a bheith i mo mhuinteoir bunscoile tar eis scoil ach táim buartha faoi an caighdean. Ní minic a bím ag caint trí Gaeilge le mo chairde mar níl aon suim acu! :( Sílim go bhfuil alán stáidear agam chun grád maith a fháil san Árdteist!


  • Registered Users Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin


    Dia duit! Is dalta meánscoil mé atá ag déanamh ardleibhéal le haghaidh an ardteist agus mar a tá sibh in ann a fheiceáil, tá Gaeilge uafáááááááááááásach agam! :D agus tá mé ag iarraidh í a fheabhsú. So an bhfuil cead agam caint anseo libh? :)

    Sea, tá cead:rolleyes: Ach mar is eol duit táim i gcónaí siar sa foram atá againn freisin!:p Ehh, tá caighdéan Gaeilge an-mhaith agat, ná bí buartha faoi. Ar aon nós, tá tú beagnach i do chónaí sa Ghaeltacht Conamara! Ba chóir dom dul chuig an foram Fraincíse...má tá a leithéad anseo.:)


  • Closed Accounts Posts: 1,617 ✭✭✭inagoodway


    Dia dhiabh go léir,
    ba mhaith liom freisin trial a baint as mo chuid gaeilge.

    chun an fhíreanna a rá tá mo chuid gearmáinis níos fearr anois,

    tá mé críochnaithe leis an scoil le 18 bliain anois.


    óiche mhaith:)


  • Registered Users Posts: 6,840 ✭✭✭Luno


    Tá sé an-chiúin anseo le déanaí! :eek: An mbeadh aon dhuine sásta cumarsáide a dhéanamh liomsa? Aon dhuine in aon chor? :pac:


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Bímse i gcónaí ag léamh anseo, ach táim tar éis éirí leisciúil ó thaobh phóstál de le déanaí! :o

    Conas atá cúrsaí, M&S*? :)


  • Registered Users Posts: 6,840 ✭✭✭Luno


    Ah, níl aon gearánta agam agus tú féin? Nílim ró-mhaith ag labhairt as Gaeilge ach ba cuma liom. Mar a deirtear is fearr liom gaeilge briste ná béarla cliste.:pac:


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Níl aon chúis ghearáin agamsa ach oiread. :)

    Bhí cácaí éisc agam don dinnéar, mar gheall ar an lá a bhí ann. Bhí siad an-bhlasta ar fad. Ansin nuair a bhuail mé le duine de mo chairde anocht bhí tae againn toisc nach raibh alcól ar díol in áit ar bith.

    Bhí sé go deas dul amach, comhrá a dhéanamh agus craic a bhaint den oíche gan brath ar phiontaí. :)

    Conas a bhí Aoine an Chéasta daoibhse?


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Hi! Bhí Aoine iontach agam. Níor ól mé braon, seachas tae. :-) Bhí mé tinn, agus táim fós ag fulaingt, tá tinneas scornaí uafásach orm. Ní féidir liom labhairt ar chor ar bith :(
    Chonaic mé "The Hunger Games" Dé Sathairn...
    Maraíodh a lán páistí ann...
    D'fhéach mé ar "A Game of Thrones" freisin. An téama céanna ann...

    Mar gheall ar sin, chaith mé Dé Domhnaigh ag féachaint ar cartúin Pixar :) Is aoibhinn liom iad! Ar fhaca éinne scannán maith le déanaí?


  • Registered Users Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin


    Caithfidh mé "Na cluichí ocrach":pac: a fheicéail. Chuala mé go raibh sé iontach maith. Ámh, ní fhaca mé aon scannán ar bith le déanaí. Ní fios cén fáth! Táim ró-thógtha leis an ceol is dócha. Ar bhfuair gach duine an cd Rí-Rá is déanaí?


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Ní bhfuair. An bhfuil sé agatsa? Cad atá air?


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Má's rud é gur bhain sibh taitneamh as 'na chluichí ocrach' ba chóir díobh breathnú ar 'Battle Royale' - an saghas scéal céanna, ach níol sé chomh dochreidthe. (Níl na daltaí sásta iad fhéin a mharú, agus caithfidh sibh bheidh 18 chun féachaint air :) )

    Ceap mé go raibh 'Project X' thar barr ar fad. Ach déan cinnte go bhfuil sibh ag dul amach ar an baile tar éis an pictiúrlann!

    Tá Pirates ('na Píráid'!?) agus 21 Jump St ana mhaith freisin!


  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega


    Dia duit, gach duine! Seo é mo chéad ám anseo, ach ceapaim go bhfuil smaoineamh thar cionn é. Tá mé sa chúigu bliain anois agus tá mé an-neirbhíseach chun an Ardteist cheana! Chomh maith le sin, beidh scrúdú cainte agam i mBealtaine le mo mhuinteoir.. ba mhaith liom fheabhas a chur ar mo chuid Gaeilge roimhe sin mar dá mbeinnse i ndaríre, ní féidir liom a labhairt as Gaeilge ar bith. Bíonn mé ag déanamh botúin i gcónaí le gramadach, go háirithe na aimsirí éagsula agus uaireanta bíonn mo structúir millteanach! Tá mé i bhfad níos fearr ag scríobh, b'fheidir mar go bhfuil níos mó ám agam chun smaoineamh. An bhfuil aon duine líofa anseo agus má tá tú, an bhfuil aon chomhairle agat conas a fheabhsú le caint?

    Go raibh míle! :)


  • Registered Users Posts: 850 ✭✭✭0mega


    Cliste wrote: »
    Má's rud é gur bhain sibh taitneamh as 'na chluichí ocrach' ba chóir díobh breathnú ar 'Battle Royale' - an saghas scéal céanna, ach níol sé chomh dochreidthe. (Níl na daltaí sásta iad fhéin a mharú, agus caithfidh sibh bheidh 18 chun féachaint air :) )

    Ceap mé go raibh 'Project X' thar barr ar fad. Ach déan cinnte go bhfuil sibh ag dul amach ar an baile tar éis an pictiúrlann!

    Tá Pirates ('na Píráid'!?) agus 21 Jump St ana mhaith freisin!

    Aontaím leat go hiomlan, tá "Battle Royale" i bfhad níos fearr .. nuair a fhuair "The Hunger Games" deimhniú 12A, bhí a fhios agam go mbeidh an scéal scriosta, tá neart samplaí do fhoréigean san leabhar agus tá sé riachtanach i mo thuairim féin.

    Ní fhaca mé Project X fós ach bhí 21 Jump Street den scoth! :D


  • Registered Users Posts: 8,076 ✭✭✭Eathrin


    Ms.M wrote: »
    Ní bhfuair. An bhfuil sé agatsa? Cad atá air?

    Ní bhfuair mé an CD cheana féin agus mar sin rinne mé cinnte go gceannóinn an CD sin.
    D'uaslódáil mé iad ar fad go YouTube agus dá bharr tá siad ar fáil do chách:)
    Tá cúpla amhráin iontach ann ar nós "Gunnaí ar Bith" le Delorentos agus "Cosúil Liom Féin" leis An Kanyu Tree.
    Na Coronas agus Bell X1 chomh maith.
    Má tá suim ag éinne, nasc anseo


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    0mega wrote: »
    Dia duit, gach duine! Seo é mo chéad ám anseo, ach ceapaim go bhfuil smaoineamh thar cionn é. Tá mé sa chúigu bliain anois agus tá mé an-neirbhíseach chun an Ardteist cheana! Chomh maith le sin, beidh scrúdú cainte agam i mBealtaine le mo mhuinteoir.. ba mhaith liom fheabhas a chur ar mo chuid Gaeilge roimhe sin mar dá mbeinnse i ndaríre, ní féidir liom a labhairt as Gaeilge ar bith. Bíonn mé ag déanamh botúin i gcónaí le gramadach, go háirithe na aimsirí éagsula agus uaireanta bíonn mo structúir millteanach! Tá mé i bhfad níos fearr ag scríobh, b'fheidir mar go bhfuil níos mó ám agam chun smaoineamh. An bhfuil aon duine líofa anseo agus má tá tú, an bhfuil aon chomhairle agat conas a fheabhsú le caint?

    Go raibh míle! :)

    Ná bí buartha faoi sin. Sure, nach ndéanann Bearlóirí é sin freisin? Rudaí mar "I done dat" nó na deacrachtaí atá le daoine focail iasachta ón Laidin a chur isteach san uimhir iolra.

    Lean ort ag labhairt agus úsáid na Gaeilge - imeoidh na botúin le ham!


  • Registered Users Posts: 4,248 ✭✭✭Slow Show


    Tuigim beagnach gach rud anseo. Tá trua an domhain orm. :pac: Tá mé sa chúigu bliain anois, cosúil le 0mega.

    Chonaic me 'The Hunger Games' an coicís ó shin. Cheap mé go raibh sé an-mhaith. Is duine dathúil é Peeta, nach bhfuil ceart agam? :pac: Agus amárach, rachaidh mé go dtí an bpictiúrlann le mo chara chun 'Titanic' a fheiceáil. Tá an DVD agam agus feicim é gach Nollaig, ach is cuma liom. Táim ag tnúth go mór leis an scannán a fheiceáil arís!

    An bhfuil aon socraíthe ag aon duine don deireadh seachtaine? :)


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Staidéar, staidéar agus staidéar domsa. Tá na scrúdaithe ar siúl i gceann dhá sheachtaine go leith. Mar sin, táim ag caitheamh formhór m'ama saor ag déanamh oibre. Ar a laghad, ar oícheanta Aoine, tá cluichí peile agam le féachaint air...faraor, níl m'fhoireann ró-mhaith i láthair na huaire!


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Conas ar éirigh leat sna scrúduithe Paz-CCFC? An bhfuil siad thart?
    Cad atá faoi staidéar agat? An Ghaeilge?

    Is fuath liom 'Titanic' Slow Show mar gheall ar an amhrán uafásach le Celine Dion. Cuireann sé fonn aisig orm. :eek:
    Ní raibh mé sa phictiúrlann le tamall anuas, hunger games an scannán is deireanaí a chonaic mé.

    Go raibh maith agat Eathrin! Ceannóidh mé ceann. :D

    An mbeidh éinne ag ceannach 'an Hobad'? Ceapaim go bhfuil sé beagán daor :o


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Táim leath slí tríotha, Iníon Ní M. Tá siad go breá, i ndáiríre. Tá seachtain go dtí mo chéad ceann eile, áfach. B'fhearr liom dá mbeidís ar siúl níos luath agus d'fhéadfainn fáil réidh leo!

    Tá Dlí agus Gaeilge á staidéar agam.

    Cad mar gheall fút? An bhfuil aon scrúduithe agat? Nó obair ginearálta?

    Is dóigh liom go bhfainfidh mé go mbeidh an Hobad ar fáil i leabharlann m'ollscoile agus is féidir liom é a léamh saor in aisce!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Is múinteoir mé! Múinteoir Gaeilge ar ndóigh ;)
    Ní dhearna mé scrúdú le cúpla bliain anuas; tugaim iad amach anois! Mwahaha!

    Ní raibh an Hobad aistrithe go dtí mí ó shin, ní déarfainn go mbeadh cead ag leabharlanna é a chur ar fáil fós. Go háirithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; oibríonn an aistritheoir ann. Iar-léachtóir domsa é.

    Go n-éirí leat sna scrúduithe eile!


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Ms.M wrote: »
    Go háirithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; oibríonn an aistritheoir ann.

    Cé hé an t-aistritheoir?


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Ms.M wrote: »
    Is múinteoir mé! Múinteoir Gaeilge ar ndóigh ;)
    Ní dhearna mé scrúdú le cúpla bliain anuas; tugaim iad amach anois! Mwahaha!

    Tusa an duine a chuireann an fhulaignt orainn, mar ain, in ionad a bheith an duine atá á fhulaingt!

    An múineann tú i ngaelscoil/ngaelcholáiste.
    Ní raibh an Hobad aistrithe go dtí mí ó shin, ní déarfainn go mbeadh cead ag leabharlanna é a chur ar fáil fós. Go háirithe i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath; oibríonn an aistritheoir ann. Iar-léachtóir domsa é.

    Ní rabhas ag labhairt faoi dhíreach anois - ní bheadh an t-am agam é a léamh leis an staidéar! Ach, sa todhcaí.

    Thugas sráchfhéachaint i leabharlann na hollscoile, agus tá easpa úrscéalta nua-aimseartha. Tá go leor leabhair acadúla agus scéalta níos dáiríre ar ábhar nach mbaineann mórán leis an lá atá inniu ann. Tá scéalta ar ábhair níos éadroma - le cúnamh Dé, beidh an Hobad ar fáil, mar sin.
    Go n-éirí leat sna scrúduithe eile!

    Gura míle!


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Cé hé an t-aistritheoir?

    D'aistrigh Nicholas Williams é. :) An bhfuil aithne agat air?
    An múineann tú i ngaelscoil/ngaelcholáiste.

    Ní mhúinim. Ba bhreá liom é sin! I scoil bráithre faoi láthair ach beidh mé ag lorg poist arís i rith an tsamhraidh.

    Aontaím leat, tá a lán leabhair nua-scríofa as Gaeilge dírithe ar pháistí nó dhéagóirí, gach duine ag smaoineamh ar an nglúin nua!

    Céard fúmsa? :'(

    Ceannóidh mé An Hobad, cé go bhfuil sé an-chostasach!


  • Registered Users Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    Ms.M wrote: »
    D'aistrigh Nicholas Williams é. :) An bhfuil aithne agat air?

    GRMA, níl aithne agam air seachas an ainm.


  • Registered Users Posts: 215 ✭✭Baile an Locha


    Paz-CCFC wrote: »

    Tá Dlí agus Gaeilge á staidéar agam.

    Mise fosta, cá háit a bhfuil sé ar siúl agat? Dlí trí Ghaeilge? nó Dlí agus Nua-Ghaeilge mar atá againn anseo in OÉ Má Nuad!

    Níl tuarim da laghad agam faoi cad a bheas ar siúl agam ina dhiadh céim a bhaint agam. Beidh le feiceáil.


  • Closed Accounts Posts: 439 ✭✭Ms.M


    Conas atá an seomra suite? Cad atá ar siúl agaibh don deireadh seachtaine?

    Tá eagla orm roimh an mion-mharatón Dé Luain :(
    Ní dhearna mé dóthain traenála i mbliana.
    An mbeidh éinne ag glacadh páirte ann?
    Aon chomhairle ó dhaoine aclaí?


  • Registered Users Posts: 9 Fr. Hank Tree


    Ceard a tharla anseo? Níor sríobh mé anseo riamh ach is trua é nach bhfuil an seomra suite níos mó gnóthach. Ní labhraím gaeilge cé chomh minic agus ba mhaith liom ach táim chun iarracht a dhéanamh chun é sin a athrú? Cé atá in éineacht liom? Athbheochan an seomra suite..smaioneamh maith??


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Smaoineamh iontach é sin!

    Níos fearr ná obair ceart ar aon nós :D


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 9 Fr. Hank Tree


    Haha..fáilte chuig an réabhlóid (nua) Cliste!


Advertisement