Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
11011131516

Comments

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    OIREACHTAS!!!

    (Beidh mé ag Oireachtas na Gaeilge)

  • Registered Users Posts: 122 ✭✭Raspberries

    Cliste wrote: »
    Níl aon culaith agam áfach :-(

    Bain taitneamh as do oíche amach! Ná ól an iomarca nó feicfidh tú cúpla taibhsí ;-)

    Caithfidh tú smaoineamh ar sin :) Grma!

  • Registered Users Posts: 122 ✭✭Raspberries

    An Coilean wrote: »
    OIREACHTAS!!!

    (Beidh mé ag Oireachtas na Gaeilge)

    Go hiontach, bain taitneamh as! Ba mhaith liom dul ach níl mé abalta, b'fheidir an bliain seo chugainn.
    An rachaidh a lán daoine?

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bhliain na Gaeilge - an ea?

    Ní cloisim anseo ach ciúnas :P

    Athbhliain faoi mhaise díobh uile! Táim chun iarracht an snáth seo a áth-bheocháin ar shon na háth-bhliana! :)

  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean

    Cliste wrote: »
    Bhliain na Gaeilge - an ea?

    Ní cloisim anseo ach ciúnas :P

    Athbhliain faoi mhaise díobh uile! Táim chun iarracht an snáth seo a áth-bheocháin ar shon na háth-bhliana! :)

    Fair play duit, an bhfuil aon rún na háthbhlaina agat?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Bí níos aclaí agus níos fearr mar duine go ginearálta!

    Tada ceart!

    Aon rún agat fhéin?

  • Registered Users Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Mo rún 2013 féin - Togra a thosaigh mé cúig bliana ó shin a chur i gcrích! Sin an fáth go bhfuil mé fós os comhair mo ríomhaire ag an am seo.

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Ba dheas an rud é dá bhféadfadh daoine imeachtaí rialta gaeilge timpeall na tíre a fhógairt. Mar shampla anseo i mBaile Átha Cliath tá fhios againn go bhfuil Club an Chonradh ann agus comhrá gaeilge i go leor bruachbhailte, mar shampla sna leabharlanna. An mbíonn imeachtaí ar siúl in áiteanna eile timpeall na tíre ar bhonn rialta? Mar shampla má bhíonn mé ag tabhairt cuairt ar Phort Láirge, Corcaigh nó áit éigin eile cá bhfaigheadh mé eolas faoi imeachtaí?

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Go néirí an táth leat a Pholl! Tá súil agam go raibh choladh sábh agat aréir! :P

    Bhí mapa maith ar an idirlíon faoi rudaí le Gaeilge timpeall Átha Cliath... ní féidir liom é a aimsiú anois áfach :(

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Má tá suim ag éinne, beidh Fóram na Gaeilge ar ais an tseachtain seo. Táim tar éis tús a chur leis anocht. Beidh cabhair ag teastáil uaim chun gach rud a chur le chéile i gceart sna laethanta agus sna seachtainí luath!

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    An bhfuil aon rud chomh fhrustrachach leis an bhfoireann peile dá bhfuil tú i dtaca ag tabhairt an bhua go dtí lucht an fhreasúra ar phláta?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil aon rud chomh fhrustrachach leis an bhfoireann peile dá bhfuil tú i dtaca ag tabhairt an bhua go dtí lucht an fhreasúra ar phláta?

    B'fhéidir rud amháin! An réiteoir dá thabhairt dóibh! :eek:

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    B'fhéidir rud amháin! An réiteoir dá thabhairt dóibh! :eek:

    Ar laghad, má thugann an réiteoir an bua dóibh, tá namhaid éigin faoinar bhféadfaí tabhairt amach. Ach, más d'imreoir féin atá ann. :(

  • Registered Users Posts: 7,236 ✭✭✭mcmoustache

    Cliste wrote: »
    Bí níos aclaí agus níos fearr mar duine go ginearálta!

    Níos aclaí ab ea? Bíonn imreóirí sg 'chuile leibhéal á lorg ag Na Gaeil Óga i gcónaí. Traeineáil, riaracháin agus gach rud trí ghaeilge. Má bhíonn breis eolais uait, cuir scairt príobháideach chugam.

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil aon rud chomh fhrustrachach leis an bhfoireann peile dá bhfuil tú i dtaca ag tabhairt an bhua go dtí lucht an fhreasúra ar phláta?
    B'fhéidir rud amháin! An réiteoir dá thabhairt dóibh! :eek:

    Paul Tuite ag imirt a chuid sean-chleasanna arís?

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Paul Tuite ag imirt a chuid sean-chleasanna arís?

    Eisean an réiteoir ar an gcluiche sin, ach a chúntóir a dhúirt leis gur chic pianóis a bhí ann. Bhí sé mí-ádhach go leor, mar phreab an liathróid go han-ait, ach feicim an chúis gur tugadh.

    Ach an cic pianóis a thug Neil Doyle go dtí Droichead Átha Aontaithe ar Luan na Cásca - go hainnis ar fad. Thug ár n-imreoir cic don liathróid, ag iarraidh í a ghlanadh. Agus é ag déanamh seo, bhí a lámh amach, mar a dhéantar le haghaidh cothromaíocht. Áfach, bhuail an liathróid i gcoinne a láimhe. Ní raibh aon tseans aige a lámh a bhaint ón tslí, mar bíonn an liathróid ag gluaiseacht ró-thapúil sna cásanna seo. Agus ní féidir rá gur cheart an imreoir a lámha a choimeád síos, mar tá siad riachtanach le haghaidh cothromaíocht - dá mbeidís síos, thitfeadh sé ar an úrlár. Cinneadh uafásach.

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Paz-CCFC wrote: »
    Cinneadh uafásach.

    Caithfidh mé aontú leat, má tá mé ag smaoineamh ar an eachtra céanna.

    Airíonn mé uaim an sraith go mór. Bhí an-chluiche ann an uair deireanach a raibh mé i Crois an Tornóra (físeán). Oíche uafásach, gruama, fliuch agus chaill muid an chluiche, ach bhí roinnt siamsaíocht ar fáil roimhe sin. Dhá chúl iontach uaidh Derek Glynn.

    Wow... tá an chluiche sin ag tarraingt ar chúig bliana ó shin...

    Ní féidir liom féachaint ar an bhfíseán sin i láthair na huaire, ach ar 3-2 go dtí Cathair Chorcaí, tar éis Gaillimh Aontaithe a bheith 2-0 suas, an scór deiridh? Is cuimhin liom an cluiche sin go maith - bhí sé ag stealladh báistí agus bhí an báisteach ag teacht trí dhídean an Shed, fiú. Dhá cúl ó Glynn - ceann iontach ó uillin an-ghéar agus ceann eile a shleamhnaigh sé isteach. Ansin, Mooney agus Behan le cúl an duine, sula bhfuair Mooney dara cheann ón spota pianóis chun é a bhuachaint. Bhí orainn a bheith 2-0 síos an samhraidh sin, sular thosaíomar ag imirt - 3-2 i gcoinne na Gaillimhe agus Dhoire agus 2-2 i gcoinne Haka!

    Scríobhaim don irischlár (bhíodar trí Bhéarla ag an am, ach anois scríobhaim ailt Gaeilge) agus mar pháirt don alt an oíche sin, bhí roinn bheag agam faoi imreoir a cheapas go n-imreodh go maith, a bhí i bhfoirm mhaith sna cluichí díreach roimhe. Bhíos idir dhá aigne scríobh faoi dhuine de Derek Glynn agus Derek O'Brien, mar bhí an beirt acu ag imirt go maith ag an am. Chuas le Derek O'Brien faoi dheireadh - agus, idir an alt a sheoladh isteach agus oíche an chluiche, cé a fágadh amach as an bhfoireann mar bhí sé chun bogadh go dtí St Pats, agus cé a thosaigh agus a fuair dhá chúl?!

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Chonaic mé rud beag suimiúil ansin inniu.

    Ionad de Cumann na bhFear i gConamara, ar an gCeathrú Rua. Tá siad ar nós na "man sheds" eile, ach ina theannta na gnáth rudaí a bhíonn ar bun sna cumainn sin, tá béim á chur acu ar cheird thraidisiúnta ar nós caoladóireacht (basket-weaving), tógáil curach canbhás thraidisiúnta agus tuíodóireacht (thatching).

    Níl aon bhaint agam féin leis ach aithním roinnt de na daoine a chonaic mé sna pictiúr ar an suíomh idirlíon atá acu.

    AnSeid.com

    8dfff2_508770b8c1cfe7432838e0208a6d291b.jpg

    8dfff2_c80b4d102cce2b5f6a7fd782749ab283.jpg

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Paz-CCFC wrote: »
    Dhá cúl ó Glynn - ceann iontach ó uillin an-ghéar agus ceann eile a shleamhnaigh sé isteach.
    Cuireadh an dá ceann acu ós cionn cloigeann Michael Devine ó uillinn ghéar. Sár-iarrachtaí a bhí iontu agus iad an-chosúil lena chéile.
    Paz-CCFC wrote: »
    idir an alt a sheoladh isteach agus oíche an chluiche, cé a fágadh amach as an bhfoireann mar bhí sé chun bogadh go dtí St Pats, agus cé a thosaigh agus a fuair dhá chúl?!
    Is cuimhin liom an scéal faoi Kerryman a fháil ar an mbealach síos. Ní raibh sé ag iarraidh imeacht ar chor ar bith, ach bhí Pats ag tairiscint táille aistrithe, so bhí sé sásta imeacht ar mhaithe leis an gclub.

    Bhí fios againn nach mbeadh i bhfad le dul go mbeadh sé ar ais arís, ó tharla go raibh sé pósta agus ag tógáil a chlann i nGaillimh.

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Cuireadh an dá ceann acu ós cionn cloigeann Michael Devine ó uillinn ghéar. Sár-iarrachtaí a bhí iontu agus iad an-chosúil lena chéile.

    Oh sure, ar ndóigh. Bhí a chéad cheann isteach sa Shed, ní an dara ceann. Níl 'fhios agam cé acu atá níos fearr, bhíodar chomh iontach sin. B'fhéidir an chéad cheann mar, cé go raibh sé níos cóngarach go dtí an cúl, bhí sé níos géar, freisin. Ar fheabhas ar fad. Bheadh an-áthas orm dá mbeadh Faherty linne anois.
    Is cuimhin liom an scéal faoi Kerryman a fháil ar an mbealach síos. Ní raibh sé ag iarraidh imeacht ar chor ar bith, ach bhí Pats ag tairiscint táille aistrithe, so bhí sé sásta imeacht ar mhaithe leis an gclub.

    Bhí fios againn nach mbeadh i bhfad le dul go mbeadh sé ar ais arís, ó tharla go raibh sé pósta agus ag tógáil a chlann i nGaillimh.
    Is laoch é Derek O'Brien tar éis an liathróid seo a chur isteach. An t-aon Ciarraíoch atá mar laoch i gCorcaigh!

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Paz-CCFC wrote: »
    Bheadh an-áthas orm dá mbeadh Faherty linne anois.
    Cinnte go mbeadh, ach ní raibh ann ach ionadaí a tháinig isteach don ceathrú-uaire ag an deireadh an lá sin.

    Chuala mé go raibh Daisy sách tinn anuraidh, ach is cosúil go bhfuil biseach tagtha air arís. Bhí sé ainmnithe i bpainéal Sraith Maigh Eo don chluiche in aghaidh Cláirsigh na Finne i gcupán na sraithe anuraidh, tar éis dom cloisteáil nach raibh sé go maith.

    Sin é an séasúr a tháinig Séamus Conneely tríd ón foireann faoi-aois. Bhí Jeff Kenna mar imreoir/bainisteoir ag an am agus ní shásódh aon rud é ach é féin a imirt in aghaidh foirne a bhí ábalta muid a ithe síos an taobh sin den pháirc. Bhí Seamie óg, ach bhí sé cuid mhaith níos fearr ná Kenna. Bhí Kenna cliste, ach chaith sé an oiread am ag fógairt ar daoine eile ar an bpáirc nár thóg sé an dóthain aird ar jab an cúlaí ar dheis. Nuair a chas tosaithe na freasúra é, theastódh gluaisrothar uaidh breith orthu arís.

    É sin ráite, d'ith Cóbh muid thíos i gCorcaigh, 4-1, agus an bheirt acu ag imirt taobh lena chéile ach b'fhéidir nach raibh an mhilleán iomlán orthu an oíche sin. Ní cuimhin liom go díreach.

    Bhí an turas abhaile tar éis sibhse muid a bhualadh 3-2 sách fada... ach an turas abhaile as Cóbh... Bhí m'inchinn déanta suas agam an oíche sin nach raibh aon rud ach ísliú céime i ndán dúinn ag deireadh an tséasúir sin.

    Tá rudaí níos measa ná a bheith ag imirt i reilig sraith na hÉireann. Dhéanfadh muid rud ar bith áit a bheith againn ann anois...

  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC

    Cinnte go mbeadh, ach ní raibh ann ach ionadaí a tháinig isteach don ceathrú-uaire ag an deireadh an lá sin.

    Chuala mé go raibh Daisy sách tinn anuraidh, ach is cosúil go bhfuil biseach tagtha air arís. Bhí sé ainmnithe i bpainéal Sraith Maigh Eo don chluiche in aghaidh Cláirsigh na Finne i gcupán na sraithe anuraidh, tar éis dom cloisteáil nach raibh sé go maith.

    Bhí Tommy Dunne ag iarraidh Glynn a shíniú cúpla uair le déanaí ach, faraor, níor tháinig sé. Bheimis i bhfad níos fearr as le Daryl Kavanagh agus é mar thosaithe.
    Sin é an séasúr a tháinig Séamus Conneely tríd ón foireann faoi-aois. Bhí Jeff Kenna mar imreoir/bainisteoir ag an am agus ní shásódh aon rud é ach é féin a imirt in aghaidh foirne a bhí ábalta muid a ithe síos an taobh sin den pháirc. Bhí Seamie óg, ach bhí sé cuid mhaith níos fearr ná Kenna. Bhí Kenna cliste, ach chaith sé an oiread am ag fógairt ar daoine eile ar an bpáirc nár thóg sé an dóthain aird ar jab an cúlaí ar dheis. Nuair a chas tosaithe na freasúra é, theastódh gluaisrothar uaidh breith orthu arís.

    É sin ráite, d'ith Cóbh muid thíos i gCorcaigh, 4-1, agus an bheirt acu ag imirt taobh lena chéile ach b'fhéidir nach raibh an mhilleán iomlán orthu an oíche sin. Ní cuimhin liom go díreach.

    Bhí an turas abhaile tar éis sibhse muid a bhualadh 3-2 sách fada... ach an turas abhaile as Cóbh... Bhí m'inchinn déanta suas agam an oíche sin nach raibh aon rud ach ísliú céime i ndán dúinn ag deireadh an tséasúir sin.

    Ach tháinig sibh ar ais chun fanacht sa Phríomh Roinn sa chluiche deireanach. Déarfainn go bhfuil sin chomh mhaith le trófaí a bhuachaint ach.
    Tá rudaí níos measa ná a bheith ag imirt i reilig sraith na hÉireann. Dhéanfadh muid rud ar bith áit a bheith againn ann anois...

    Aontaím leat. Cheapas nach mbeadh Cathair Chorcaí ag imirt i Sraith na hÉireann i 2010. Buíochas le Dia, tháinig muid slán le cúnamh na dtacadóirí. Agus bhuamar é i 2011 sa nóiméad deireanach, tar éis a bheith deich bpointe taobh thiar cúpla mí roimhe.

    Níl aon dabht agam go bhféadfadh Gaillimh Aontaithe an rud céanna a dhéanamh. Fad is atá na tacadóirí i láthair, fanfaidh an club beo go deo.

  • Registered Users Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Paz-CCFC wrote: »
    Bhí Tommy Dunne ag iarraidh Glynn a shíniú cúpla uair le déanaí ach, faraor, níor tháinig sé. Bheimis i bhfad níos fearr as le Daryl Kavanagh agus é mar thosaithe.
    Níl's a'm an smaoineamh maith é sin... Tá trí séasúr caite ó d'imir Daisy sa sraith náisiúnta.

    Tá sé píosa fada ó chonaic mé ag imirt ach bhí an chuid is mó dá chuid luais caillte aige. Seans nach raibh sé 100% ag an am, ach bhí titim aisteach ann mar sin féin.
    Paz-CCFC wrote: »
    Ach tháinig sibh ar ais chun fanacht sa Phríomh Roinn sa chluiche deireanach. Déarfainn go bhfuil sin chomh mhaith le trófaí a bhuachaint ach.

    Ná bíodh aon imní ort, níl dearmad déanta agam ar an oíche sin fós! Bhí an cupán i '91 roimh mo am, so níl mórán ann dom i dtaobh ceiliúradh, ach ceapaim gurbh é sin an oíche is fearr a bhí agam ag leanadh Gaillimh Aontaithe. Baineadh geit astu sa teach tábhairne i UCD nuair a tháinig na céadta ag cuardach pionta roimh an chluiche. Seans go raibh 750-800 de lucht leanúna na Gaillimhe ann an oíche sin.
    Paz-CCFC wrote: »
    Aontaím leat. Cheapas nach mbeadh Cathair Chorcaí ag imirt i Sraith na hÉireann i 2010. Buíochas le Dia, tháinig muid slán le cúnamh na dtacadóirí. Agus bhuamar é i 2011 sa nóiméad deireanach, tar éis a bheith deich bpointe taobh thiar cúpla mí roimhe.
    Bhí na lads i FORAS iontach le haghaidh comhairle agus cúnamh do GUST nuair a bhí muid ag iarraidh na píosaí a phiocadh suas tar do Leeson bailiú leis.
    Paz-CCFC wrote: »
    Níl aon dabht agam go bhféadfadh Gaillimh Aontaithe an rud céanna a dhéanamh. Fad is atá na tacadóirí i láthair, fanfaidh an club beo go deo.
    Braitheann sé uile ar cén taobh den leaba a éiríonn an FAI amach as. Tá siad ag rá na rudaí cearta uile faoi láthair, ach tá an oiread polaitíocht i gceist, is deacair a rá céard a tharlóidh fós.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    An bíonn aon duine ag brathnú ar "gChluiche na Ríchathaoir" (Game of Thrones)?

    Cad a cheap sibh faoin chlár is deanaí? Léigh mé na leabhair, mar sin ní raibh ionadh orm cad a tharla, ach ag an am céanna rinne siad go hiontach é! :)

  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana

    Bhí sé thar barr, níl na leabhair léite agamsa ach chuala mé ó chupla cairde go raibh an bhainis dhearg ag teacht agus go mbeadh rud eicínt mór ann, ach ní raibh mé ag tnúth leis an rud a tharla ar chor ar bith. Ach sílim go raibh sé sin ag taisteál, cheap mé go raibh an dara sraith cineálín mall.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Uaireanta bíonn na leabhair an mhall chomh maith! :pac:

    Bhí neart daoine ag gearán faoin eachtra mar bhí sé ró foréigneach nó mar mharaigh siad na daoine mícheart, ach cheap mé gur léirigh siad é go hana mhaith! Tharla rudaí mar seo san stair, agus ní buainn na daoine maith i gcónaí!

    Ar aon nós beidh an aimsear iontach don deireadh seachtaine! Tá mé chun fulachta agam cinnte :D

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Tá siúl agam gur bhain sibh go léir taithneamh as an aimsir le seachtain anuas. Bhíos féin ar Inis Oírr. Bhí sé go haoibhinn ach creidim go bhfuil an bháisteach ar ais san iarthar cheana féin!

  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    Tá sé scamallach i Luimneach inniu, ach is cuma. Ba dheireadh seachtaine iontach don chathair é ar aon nós! :D

Advertisement