Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
11011121416

Comments

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    Níl scamall sa spéir anseo i mBarcelona anois! :D Beagáinín te, b'fhéidir, ach níl sé ró-dona. Ach thugadh rabhadh dom go mbeidh sé ag éirí níos te na míosa atá le teacht.

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Lá deirneach an Samhraidh agus tá mise greimithe anseo ag obair :(

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Hi, chuile dhuine!

    Cic sa tóin faighte agam anois, mar beidh an leaid óg ag tosnú ar réamhscoil mí meán-fómhair.

    Tá mé i ndiadh an lá uilig a chaitheamh ag labhairt Gaeilge leis don chuid is mó. Tá sé aisteach cé chomh éascaí a phiocann sé suas é, ach fós ní ghlacfaidh sé gurab é Bran an t-ainm Ghaeilge ar an madra ina leabhar. Tá an iomairce tathaí aige ar Spot sa leagan Béarla. :D

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ha, iontach!

    Maith thú, tá sé fíor easca ag an aois sin teanga a foghlaim!

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Tá an samhadh ar ais! Bain taithneamh as.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    craoltoir wrote: »

    Ar feadh tamall bheag ar aon nós :-D

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Ag suí istigh i mo oifig gan fuinneoga... sin ag baint taitneamh as... an bhfuil an ceart agam?

    :pac:

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Mise freisin :(

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    An úsáideann éinne anseo Twitter? Táim tar éis cuntas nua a dhéanamh chun www.foramnagaeilge.com a chur chun chinn. Is féidir é a leanúint ar @ForamNaGaeilge, más maith libh! :)

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    Mar aon le chuile tuismitheoir, is dóigh liom go bhfuil an páiste is cliste ar domhain agam.

    Tá muid ag labhairt beagán gaeilge leis chuile lá le dhá seachtain anuas agus aréir dúirt mé leis: "Céard is ainm duit?" "James is ainm dom. Tá mé trí bliana d'aois!"

    Bród!

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Das Kitty wrote: »

    Maith thú,

    Beidh sé réidh don Ardteist (gnáth léibhéil) i gceann seachtain nó dhó :pac:

  • Registered Users Posts: 148 ✭✭MusicalMelody

    Lad tá sé chomh te inniu... Nílim in ann ahhhhhhhhhhhhh

  • Closed Accounts Posts: 27,944 ✭✭✭✭4zn76tysfajdxp

    Cén teocht é in Éireann inniú?

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,724 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Cén teocht é in Éireann inniú?
    Tá sé sna meán-fichidí ach braitheann sé ag an suíomh a léann tú (idir 23 go 25)! Tá sé te ar aon nós.

    Bhí sé os cionn 20-25 le dhá mhí anuas anseo (Finland), go dtí an tseachtain seo caite. Anois tá sé fáighte fuar agus scamalach arís. :mad:

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine

    Cén teocht é in Éireann inniú?

    Bhí sé 22 chéim ar maidin ag 9.30 i mBaile Átha Cliath agus níos airde ó shin.

  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty

    26 faoi láthair i nGaillimh agus geallta 30 amárach.

    Tá mé ag tnúth leis an trá amárach!

  • Closed Accounts Posts: 1,824 ✭✭✭vitani

    Deireann yr.no go mbeidh sé ag cur baistí Dé Luain.

  • Registered Users Posts: 4,770 ✭✭✭jimmytwotimes 2013

    cá fhad a mhairfidh an aimsir seo, an bhfuil a fhios ag éinne? táim thar lear faoi láthair, ag súil go mbeidh sí fós go breá nuair a fhillfidh mé. ar chuala éinne réamhaisnéis fhadtéarmach?

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    cá fhad a mhairfidh an aimsir seo, an bhfuil a fhios ag éinne? táim thar lear faoi láthair, ag súil go mbeidh sí fós go breá nuair a fhillfidh mé. ar chuala éinne réamhaisnéis fhadtéarmach?

    Tá sé á rá ag daoine áirithe go mbeidh sé go deas go deireadh Mí Lúnasa, toisc go raibh lá breá te againn ar Lá Fhéile Swithun.

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 4,770 ✭✭✭jimmytwotimes 2013

    Tá sé á rá ag daoine áirithe go mbeidh sé go deas go deireadh Mí Lúnasa, toisc go raibh lá breá te againn ar Lá Fhéile Swithun.

    bhuel, níos fearr ná 40 lá báistí, is dócha!

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord

    bhuel, níos fearr ná 40 lá báistí, is dócha!

    I bhfad níos fearr! Tá sé go hálainn le coicís anuas. Ní aithneoidh tú an tír nuair a fhilleann tú. :P

  • Registered Users Posts: 4,770 ✭✭✭jimmytwotimes 2013

    I bhfad níos fearr! Tá sé go hálainn le coicís anuas. Ní aithneoidh tú an tír nuair a fhilleann tú. :P

    go breá, go raibh maith agat as an eolas, ag súil le tír úrnua, i ngach slí, nuair a fhillfidh mé!

  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,724 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Tá mé ag tnúth le deireadh na míosa mar gheall ar turas atá pleanáilte agam: beidh mé ag taistil san iardheisceart ar feadh seachtain nó dhó! Tá súil agam go maireann an aimsir álainn go dtí sin.

  • Registered Users Posts: 4,770 ✭✭✭jimmytwotimes 2013

    Tá mé ag tnúth le deireadh na míosa mar gheall ar turas atá pleanáilte agam: beidh mé ag taistil san iardheisceart ar feadh seachtain nó dhó! Tá súil agam go maireann an aimsir álainn go dtí sin.

    bain taitneamh as do thréimhse ann, téigh chuig cill áirne agus an daingean (go háirithe an taobh thiar den bhaile, bóthar cheann sléibhe) más féidir, ní bheidh aiféala ort.

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Is dócha gur féidir a rá go bhfuil an samhradh thart anois agus na laethanta ag éirí níos gaire, na scoileanna ag oscailt arís agus, inniu pé scéal é, báisteach (éadrom) ag titim anseo i mBaile Átha Cliath.

    Siúl agam nach mbeidh sioc agus sneachta ag teacht níos déanaí sa bhliain!

  • Registered Users Posts: 1,068 ✭✭✭Thataone

    craoltoir wrote: »
    Is dócha gur féidir a rá go bhfuil an samhradh thart anois agus na laethanta ag éirí níos gaire, na scoileanna ag oscailt arís agus, inniu pé scéal é, báisteach (éadrom) ag titim anseo i mBaile Átha Cliath.

    Siúl agam nach mbeidh sioc agus sneachta ag teacht níos déanaí sa bhliain!

    B'fhéidir! Bhí sé ag cur báistí anseo freisin (Uíbh Fhailí), is trua é sin, gan amhras!

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Ah, ná bí ag gearán faoin sneachta i lar Lúnasa! :D

    An rud is tabhachtach ná pé aimsir deas a tagann a úsáid! :)

  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir

    Sea, tá tuar na haimsire go maith don deireadh seachtaine pé scéal é.

  • Advertisement
  • Administrators, Entertainment Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 18,724 Admin ✭✭✭✭✭hullaballoo

    Chualas ar maidin go mbeidh sé i bhfad níos deise as seo amach. Níl a fhios ag éinne i ndáiríre ach tá sé tuartha ar aon nós. Tá siad (níl a fhios agam cé hiad!) ag tuar tonn teasa eile, i measc na fichidí ar feadh seactain nó dhó.

Advertisement