Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

An seomra suite

Options
1101112131416»

Comments

  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Aon phlean agaibh don athbhliain leaids?


  • Registered Users Posts: 780 ✭✭✭craoltoir


    Beidh céilí ar siúl sa Chomhaltas i mBaile na Manach oíche Chinn Bhliana.

    http://comhaltas.ie/events/detail/2013_new_years_eve_ceili/


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Aon craic libh?


    Tá mé idir dhá chomhairle gach focal faire atá agam a athrú tar éis an fabht Heartbleed...


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil aon rud chomh fhrustrachach leis an bhfoireann peile dá bhfuil tú i dtaca ag tabhairt an bhua go dtí lucht an fhreasúra ar phláta?

    An bhfuil aon rud níos fearr ná nuair a théann foireann an fhreasúra 1-0 chun tosaigh san 89ú nóiméad agus faigheann d'fhoireann féin cúl cothroim sa 93ú nóiméad? :D


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Paz-CCFC wrote: »
    An bhfuil aon rud níos fearr ná nuair a théann foireann an fhreasúra 1-0 chun tosaigh san 89ú nóiméad agus faigheann d'fhoireann féin cúl cothroim sa 93ú nóiméad? :D

    Cé a bhí ag imirt? :)


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    An File wrote: »
    Cé a bhí ag imirt? :)

    Cathair Chorcaí in aghaidh Ruagairí Shligigh. B'ionadh ná fuaireadh trí nó ceithre chúl an fhoireann. Baineadh cúpla liathród den líne agus bhí an bheirt chúl báire go maith, go mór mó ár gcúl báire féin. Éadóchas go sárdhóchas i dtaobh trí nóiméid. Is aoibhinn liom an pheil. :D


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Postaer iontach le haghaidh an chluiche idir Chathair Chorcaí agus Dhroicead Átha Aontaithe. Is é Droichead Átha an t-aon dream a bheidh á chéasadh ar Aoine an Chéasta!

    4fSnI.jpg
    EaEgEaEg


  • Registered Users Posts: 8,029 ✭✭✭SusieBlue


    Táim ag iarradh mo Gaeilge a feabhasú, nílim tar éis é a usáid are feadh cúpla bliain anois agus táim tar éis eirí beagáinín meirgeadh.

    Tá agallamh agam le haghaidh post iontach go luath, ag aistrigh doiciméid ó gaeilge go bearla le haghaidh comhlact nua atá á oscailt. Ceapaim go mbeadh mo agallamh trí gaeilge agus táim beagáinín neirbhísach faoi caighdean mo gaeilge.

    Tá fhois agam go bhfuil an oil agam ach táim i bhfad níos moille ná a bhí mé cúpla bhliain ó shin. Má teastaíonn ó éinne cómhrá liom in san "thread" seo, beidh mé an buíoch. Nílim chomh compordach leis an teanga is a bhí mé cúpla bliain ó shin, is trua é!


  • Moderators, Arts Moderators Posts: 17,231 Mod ✭✭✭✭Das Kitty


    Tiocfidh sí ar ais chugat le cleachtadh, WR.

    An bhfuil aon duine IRL a d'fhéadfadh comhrá a dhéanamh leat? Rud a mholfhainn duit, ná na téarmaí teicniciúl a bhaineann le gníomhaíochtaí an chomhlact a fhoghlaim.


  • Registered Users Posts: 1,527 ✭✭✭Paz-CCFC


    Aontaím, tá sí agat go deo. Is minic a labhraímse le daoine gur dóigh leo ná fuil Gaeilge agat a thuilleadh. An neomat a thosaímid á labhairt, áfach, is léir go bhfuil ard-chaighdeán acu. Is í an mhuinín an rud is tábhachtach, is dóighl. Ná bí eaglach roimh bhotúin – déanann gach cainteoir de gach uile teanga, más cainteoirí dúchais nó foghlaimeoirí iad, botúin ó am go céile.

    Mar chomhairle chun feabhais a chur léi, molaim duit éisteacht le Raidió na Gaeltachta go rialta. Gach maidin agus tú ag tiomáint chun na hoibre, i rith an lae agus tú ag obair, is d’oíche le do dhinnéar, srl. Tabharfaidh sé blas don Ghaelainn nádúrtha duit. Labhair í go minic, chomh maith – cúpla uair a’ chloig anso is ansiúd, le do chairde sa teach tábhairne, le cupán caife, srl. Glacaim leis go bhfaighidh tú an deis í a labhairt le do chomhghleacaithe i rith na hoibre?

    Seans go mbeidh na suímh seo áisiúil duit, ó thaobh aistriúchán teicniúil:

    http://www.focal.ie/
    http://www.achtanna.ie/

    Agus, gan amhras, an dá fhoclóir is cáiliúil, Ó Dónall agus de Bhaldraithe (déarfainn go mbeidh cóipeanna crua de siúd ag an gcomhlacht, chomh maith):

    http://breis.focloir.ie/ga/


  • Advertisement
  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,892 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Ó www.focal.ie inniu:
    !!! FÓGRA TÁBHACHTACH !!!
    Tá Foras na Gaeilge chun óstáil focal.ie a aistriú ó DCU chuig Tibus. Beidh éaradh seirbhíse ann fad a bheidh an t-aistriú ar siúl. Ní bheidh rochtain ar focal.ie ó 17:00 Dé Luain, 26 Bealtaine, go dtí 09:00 Dé Céadaoin, 28 Bealtaine. Tar éis an aistrithe seo, is Fiontar DCU a bheidh freagrach as an bhfeidhmchlár, ach is iad Tibus a bheidh freagrach as óstáil (infhaighteacht, tapúlacht, srl.) an tsuímh.

    Ní bheadh a fhios ag gach duine faoi seo!


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níor chuala mé faoi sin!

    Dhá lá gan rochtain ar focal.ie? Sin cuíosach mall nach bhfuil?


    Nílim ag gearán - mar is séirbhís iontach é áfach! (agus níl aon obair bhaile Gaeilge agam! :P)


  • Registered Users Posts: 23 MagicianBF


    Hélló... Táim díreach tar éis teach ar Boards (is léir), agus ar ndóigh! Tá forum Gaelach ann! :D Is aoibheann liom é.
    Ach ja, sin é really. Hi, tá mé nua. Tá Gaeilge á staidear agam san ollscoil


  • Registered Users Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Fáilte magician! Uaireanta bíonn sé ciúin I dteach na ngealt ach tosaigh snáth nua agus beidh freagra ann gan dabht!.

    Cá bhfuil tú ag staidear?


  • Registered Users Posts: 23 MagicianBF


    OÉ Gaillimh. Bliain amhain eile le dul o.O


  • Moderators, Recreation & Hobbies Moderators Posts: 4,497 Mod ✭✭✭✭dory


    Is fuath liom an-chuid cainteoirí Gaolainne. Olc an rud é go bhfuil an chuid is mó de mo chairde (a bhfuil Gaolainn acu) den tuairim céanna.

    Aon lá a bhímse ar Twitter, feicim na daoine seo ag caitheamh anuas ar éinne a labhraíonn Béarla ar an suíomh san. Táid chomh cosantach....deacair é a mhíniú ach is fuath liom iad!


  • Registered Users Posts: 23 MagicianBF


    Oh mo dhia, tuigim e sin cinnte.

    Bhuel mé le lad nach raibh ró-togtha le mo chuid Gaeilge mar ba léir do gur fhoghlaim mé sa scoil é!


  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Bhfuil tuairim nó eolas ag éinne maidir le cén fáth go bhfuil an focal 'Francach' ar dhuine as an bhFrainc agus ar 'rat'? Ní fhéadfadh gur comhtharlúint é seo! (ní hé go bhfuil rud ar bith in aghaidh na bhFrancach agam :pac:)


  • Registered Users Posts: 23 MagicianBF


    Bhí an cheist ceanna agam roimhe seo... B'fheidir gur mar gheall ar na Lochlainningh atá sé! Ní thaithin na Francaigh (french) leo :P


Advertisement