Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Eolas ó Amharclann na Mainistreach

  • 19-10-2009 12:16pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    LÉAMHA POIBLÍ AR SHAOTHAIR NUA I nGAEILGE Á gCUR I LÁTHAIR AG AMHARCLANN NA MAINISTREACH

    Tá an-áthas ar Amharclann na Mainistreach trí cinn de ghearrdhrámaí nua i nGaeilge le scríbhneoirí Gaeilge a chur i láthair i sraith darbh ainm GACH ÁIT EILE. Beidh léamha poiblí ar na saothair spreagúla seo i nGaeilge ar siúl ar stáitse na Péacóige ar an gCéadaoin 21 Deireadh Fómhair. Lena chois sin, mar chuid d’Fhéile Bhéal Feirste in Ollscoil na Ríona beidh na léamha ar siúl ar an Satharn 24 Deireadh Fómhair sa Chultúrlann, Béal Feirste.

    Rinne Amharclann na Mainistreach na trí cinn de dhrámaí 20 nóiméad le Dave Duggan, Celia de Fréine agus Aodh Ó Domhnaill a choimisiúnú. Is iad seo a leanas na drámaí a léifear; Casadh, Faoi Dheireadh, agus Cú Dé agus is céim amháin eile iad i dtreo straitéis i gcomhair coimisiniú Gaeilge a fhorbairt Amharclann.
    GAE_Ceart.jpgDúirt Stiúrthóir Litearthachta Amharclann na Mainistreach Aideen Howard, “Tá an-áthas ar Amharclann na Mainistreach bheith ag obair i gcomhar leis an triúr scríbhneoirí seo. Cuir beirt de na drámadóirí scripteanna gan iarraidh faoi bhráid Amharclann na Mainistreach san am a caitheadh. Cuirimid tacaíocht iomlán ar fáil do na scríbhneoirí seo maidir lé cóiriú drámaí, teacht ar leis na hacmhainní go léir atá ar fail in Amharclann na Mainistreach agus an deis a bheith ag obair leis na haisteoirí is fearr in Éirinn.”

    Dearbhaíodh Paul Mercier, Iarscríbhneoir Compántais Amharclann na Mainistreach mar stiúrthóir ar na léamha ar na drámaí i gcomhair GACH ÁIT EILE. Ar na drámaí a scríobh Mercier a cuireadh ar stáitse in Amharclann na Mainistreachta tá Homeland agus tá sé féin faoi choimisiún ag Amharclann na Mainistreach i láthair na huaire. Bhí Paul ina Scríbhneoir Compántais Anglo Irish Bank Writer in 2002. Scríobh sé agus stiúir sé dhá ghearrscannán a bhfuil gradam buaite acu i gcomhair Brother Films, Before I Sleep agus Lipservice. Tá sé i mbun an tsraith Ghaeilge do dhéagóirí Aifric a stiúradh le haghaidh TG4 faoi láthair.
    Más mian leat ticéad a chur in áirithe i gcomhair léamha GACH ÁIT EILE tabhair cuairt ar www.abbeytheatre.ie nó dean teagmháil linn ar (01) 87 87 222.

    Teagmháil: David McCadden
    (01) 8872229
    david.mccadden@abbeytheatre.ie


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Ní bheidh mé in ann dul:( - tá an t-ádh libh i mBaile Átha Cliath.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Dála an scéil, feicim go bhfuil suíomh gréasáin nua dátheangach ag Amharclann na Mainistreach. Is féidir do rogha teanga a fháil ag barr an leathanaigh ag http://www.abbeytheatre.ie/


Advertisement