Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Dánta as Gaeilge

  • 23-10-2009 3:13pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭


    1


    Im' shuí i seomra ciúin dorcha
    le peann im' lámh
    is fón im' phóca,
    agus brón laistigh i ndiaidh mo ghrá.

    Lasmuigh tá balla liath ann
    le duilleoga glasa
    ag rince trí na poill
    agus bláthanna beaga de chuile dhath.

    Sa seomra níl faic chun m'aird a thógáil,
    seachas leathanach folamh bán
    a chuireann i m'aigne íomhá
    dem' chailín féin is í ar thrá

    Ag baint taitneamh as an ngriain chéanna
    nach bhfeicim ach i rith cuairte' annaimhe
    nuair a éiríonn an bháisteach ró-thuirseach chun titim
    is imíonn na scamaill ar shosanna beaga.

    Coimeádaim im' cheann a súile gorma,
    chomh geal is soiléir leis
    an bhfarraige faoin spéir
    sna soicindí idir titim bháistí.


    le Tomás Ó C


Comments

  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    2

    Ag Meabhra

    Súile dúnta ar feadh tamaill,
    Ciúnas beagnach iomlán timpeall,
    Mise suite i lár teampaill,
    Fadhba' seolta lasmuigh den imeall.

    Faoiseamh.
    Suaimhneas...


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    3

    Ealaín

    Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán;
    Sna pictiúir a chruthaigh siad ba dhian an dúshlán,
    Cé go raibh samplaí foirfe ar scáileán
    Chun iad a spreagadh, mar muse ag tús dáin.

    Do bhí orthu dhreapadh thar bhalla an leadráin,
    Billeoga folamha a líonadh le dath amháin,
    Éalú ón mbogha báistí gan aon ghearán;
    Ní raibh sé chomh héasca le dubh agus bán.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    4

    Pictiúr de Thinneas Ghrá

    Feicim aghaidheanna dathúla,
    Radharcanna áille i súile,
    Cósúil le réaltaí ós mo chomhair
    Nó le daifidil i nDeireadh Fomhair.

    Ní féidir liom casadh timpeall gan titim glan i ngrá,
    Mé cósúil le beach ag eitilt i ngáirdín lán le bláth'
    Faoi dhraíocht na háilleachta, mar i mbrionglóid le spéirmhná,
    Mo chroí ag bualadh níos taipiúla, gan trácht ar bhrón nó ar chrá.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    5

    Ba mhaith liom
    An tintreach
    A thógáil ón spéir
    Is a chur ar pháipéar
    Leis an bpeann im' lámh,
    An fuinneamh
    Ag rith trí mo chorp
    Is trí mo chroí,
    Is an toirneach dorcha
    A scread óm bhéal
    Le neart an stoirme seo
    Lár an tsamhraidh.


Advertisement