Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

So.. cé a cheannaigh an Indo inniu chun Foinse a fháil?

  • 25-11-2009 2:13pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭

    An chéad uair domsa.. Tá sé sa bosca bruscar anois, níl sé mo chupán tae. Ach, alt suimiúl le Bernard Dunne sa Foinse. Ní raibh a fhios agam go bhfuil gaeilge aige. Féir plé dó.. B'fhéidir go bhfuil sé inn ann cúpla rud a dhéanamh chun an ghaeilge a chur chun cinn.

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    dlofnep wrote: »

    An bruscar athchúrsála?

    Tagaim leat, tá an nuachtán lag ar nuacht agus anailís. Is "nuachtán" do scoileanna atá ann i ndáiríre.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Shíl mé go ndearna siad feabhsú air an tseachtain seo. Bhí seanchara liom Raj luaite ann agus bhain mé taitnimh as sin agus bhí píosa filíochta mínithe acu agus cheap mé go raibh sé sin suimsiúil.
    Beidh mé ag ceannach cinn chuile sheachtain ar aon chaoi. Cuidíonn chuile shórt agus mar sin de..!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Rinne mé dearmad air. Nílim ag dul amach as an teach arís inniu. :D

  • Closed Accounts Posts: 1,397 ✭✭✭Herbal Deity

    Níor thaitin Foinse liom nuair a bhí sé neamhsplách on Independent (\o/ puns idirtheangach!), agus ní dócha go mbeadh sé níos fearr anois.

  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Rinne me dearmad air an tseachtain seo. Tá 'Foinse' fíor-áisiúil do lucht na hArdtesite. Bhain mé an-úsáid as an tseachtain seo caite

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    An rud is fearr faoi Foinse marc II ná go bhfuil sé le fáil go forleathan. Ní gá dom dul as mo bhealach chun é a phiocadh suas cosúil leis a réamhtheachtaí. Má tá mé i siopa ar an gCéadaoin ceannóidh mé é gan dabht le léitheoireacht éadrom a bheith agam le haghaidh am sosa. Ach tá mé ag súil go mór leis an nuachtán nua san athbhliain agus rud éigin níos téagartha don tolg ar an Domhnach.

  • Registered Users Posts: 368 ✭✭Lame Lantern

    To sé soiléir (domsa ar aon chuma) go bhfuil sé i gceist ag an Indo greimm a bhaint as tionscal luachmhar na hardteiste atá go forleathan sa chló sa tír seo. Ní dhéarfainn go bhfuil mórán suim acu sa pháipéar féin.

  • Closed Accounts Posts: 108 ✭✭GLUEY

    Is dalta Ardteiste mé agus ceannaím é. Tá sé suimiúil, agus bhuaigh mé ticéidí don ceolchoirm Simple Minds. :D

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 939 ✭✭✭Aurora Borealis

    pog it wrote: »
    Shíl mé go ndearna siad feabhsú air an tseachtain seo. Bhí seanchara liom Raj luaite ann agus bhain mé taitnimh as sin agus bhí píosa filíochta mínithe acu agus cheap mé go raibh sé sin suimsiúil.
    Beidh mé ag ceannach cinn chuile sheachtain ar aon chaoi. Cuidíonn chuile shórt agus mar sin de..!

    Beidh orm e a fhail mar sin... Casadh Raj orm i dTi Hughes an oiche cheana. Ta togha na Gaeilge aige, fair play dho. Bhi an fear bocht baite ag rothaiocht thart.

    Grrr... is leir nach bhfuil me in ann sinte fada a usaid ar an deabhail riomhaire seo nios mo. Mo leithscealta.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,200 ✭✭✭imme

    Níor cheannaigh me an Indo inniú, ní maith liom an Indo go ginearálta. Chuala mé é seo ar an raidio cúpla lá ó shin. Ar cheannaigh an Grúpa Indo Foinse?

  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 187 ✭✭salamanca

    Cheannaigh mé an Indo inniu. Ceapaim go gceannóidh mé é an Chéadaoin seo chugainn freisin

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    imme wrote: »
    Níor cheannaigh me an Indo inniú, ní maith liom an Indo go ginearálta. Chuala mé é seo ar an raidio cúpla lá ó shin. Ar cheannaigh an Grúpa Indo Foinse?

    Ni cheannaigh.. Tá páirtíocht acu.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 374 ✭✭Stargazer7

    Tá suim agam i Foinse ach ní dóigh liom go mbeidh mé ag tabhairt m'airgead don Indo...an bhfuil aon nuachtán Gaeilge fágtha anois cosúil le Lá ar dhíol?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Beidh nuachtán nua gaeilge ann san athbhliain. Is socrú tráchtála atá idir Foinse agus an Indo. Tá an Indo ag siúl le cóipeanna breise den pháipéar a dhíol ar an gcéadaoin go háirithe leis na scoileanna de bharr go bhfuil leathanaigh dírithe ar na scoileanna i bhFoinse. Ní hé go bhfuil an Indo éirithe "gaelach"!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Cheannaigh mé an Indo chun é a fháil Dé Céadaoin seo caite. Thaitin sé liom.

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    craoltoir wrote: »
    Beidh nuachtán nua gaeilge ann san athbhliain.

    An bhfuil sonraí eile agat?

  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Thaitin sé liom chomh maith!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    craoltoir wrote: »
    Ní hé go bhfuil an Indo éirithe "gaelach"!
    Haha, sin ceann maith... :D :rolleyes:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 301 ✭✭theredletter

    Is maith an rud é go bhfuil fós teacht ar pháipéar nuachtán lán-Ghaeilge sa tír, ach is dócha go bhfuil na heagráin nua dírirhte ar fhoghlaimeoirí Gaeilge seachas ar chainteoirí na teanga. Chuir sé díomá orm cé chomh lag is atá an scríbhneoireacht iriseoireachta, imeacht na scríbhneoirí maithe agus an chaoi a ndéantar iarrachtaí a bheith níos nua-aimseartha.

    Tá fadhb mhór agam lena leithéid de ****e. Tógadh i mbaile uirbeach mé, ní duine 'sean-aimseartha' mé, táim sna 20í luaithe, ach cuireann an cacamas sin as go MÓR liom. Oh tá an Ghaeilge cool! Sorry, just ag éirí breán den tseafóid sin.

    Chualathas go mbeidh Gaelscéal ar fáil go luath. Nuachtán nua, dírithe ar lucht léithe na Gaeilge, agus cainteoirí na teanga sin seachas ar fhoghlaimeoirí agus mic léinn ardteiste. Nílim dá gcáineadh, ní mór an bhearna sin a líonadh sa margadh, ach tá sé déanta. Tá sé thar am nuachtán d'ardchaighdeán a chur ar athchló.

    Rant críochnaithe.

    Ar ndóigh tá Nuacht24 ag foilsiú nuachtáin atá i bhfad níos fearr ná Foinse Nua le fada anois, agus saor in aisce chomh maith, nó ar fáil trí shíntiús
    http://andrumamornuacht.blogspot.com/

  • Advertisement
Advertisement