Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Na Cloigne (Dráma TG4)

  • 19-12-2009 2:55am
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭


    Tháinig mé trasna ar an físeán seo cúpla nóiméad ó shin.

    http://www.vimeo.com/8268409

    Bhí cara liom ag caint faoi le gairid. Scéinséir osnádúrtha(supernatural thriller) atá ann. (Go raibh maith agaibh focal.ie :p)

    Chonaic mé ar IFTN.ie gur 3 clár de 50 nóiméad atá i gceist. Tá an chuma air go bhfuil caighdeáin léiriúcháin arda i gceist.

    Beidh mé ag tnúth go mór leis agus déanfaidh sé cúis bhféidir, go dtí go mbeidh House M.D. ar na scáileáin arís. :D


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Cuma maith air cinnte. Tá mé ag súil go mór leis. 13 Eanáir curtha i m'fhéilire.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ha! beidh mé ag breathnú ar sin gan amhrás!

    An mbeidh sé ag craolú, nó ar líne amháin?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Cliste wrote: »
    An mbeidh sé ag craolú, nó ar líne amháin?
    Seans maith go gcraolfar é déarfainn. ;)

    Mar a luaigh mé. is cosúil gur 3 clár 50 nóiméad atá ann. Thar 3 seachtain b'fhéidir?

    Bhí mé ag ceapadh go mbeadh sé go deas mar sraith gearr thar deireadh seachtaine, ach bheadh sé sách trom ó thaobh am i ndeireadh seachtaine amháin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,850 ✭✭✭FouxDaFaFa


    Braitheann sé an-suimúil. Go raibh míle.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chonaic mé fógra ar TG4 faoi - tá sceitimíní orm! :D

    "13/1/10"! :D


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Chas mé le cara aréir a dúirt liom gur ghlac sé páirt beag ann, mar aisteoir breise nó rud éigin.

    Tá sé ag tnúth go mór leis agus cheap sé go mbeadh sé go maith ón méid atá ar eolas aige.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,850 ✭✭✭FouxDaFaFa


    Chas mé le cara aréir a dúirt liom gur ghlac sé páirt beag ann, mar aisteoir breise nó rud éigin.

    Tá sé ag tnúth go mór leis agus cheap sé go mbeadh sé go maith ón méid atá ar eolas aige.
    Iontach!Táim ar bís anois.:D


  • Closed Accounts Posts: 5,588 ✭✭✭JP Liz


    go maith :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chonac fógra don chlár seo inné. Tá cuma an-mhaith air, ag súil go mór leis.


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir




  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Ag meabhrú daoibh arís, tá sé ar siúil i gceann cúpla uair a chloig. :cool:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Cheap mé go raibh sé sin an-mhaith.

    Táim ag tnúth go mór leis an chéad chlár eile.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 18,503 ✭✭✭✭Also Starring LeVar Burton


    Thaithin sé liomsa... Deas Macdara Ó Fatharta agus Joe Steve Ó Neachtain a fheiceáil sa clár...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Các, rinne mé dearmad ar an chlár, tháinig mé ar líne ag a 11

    So, is fiú féachaint air, nuair a tagann sé ar tg4.tv? :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Deas Macdara Ó Fatharta agus Joe Steve Ó Neachtain a fheiceáil sa clár...
    Sea agus suimiúil go bhfuil seans ag Joe Steve le carachtar níos dorcha ná mar is iondúil dó.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Cheap mé go raibh sé ar fheabhas. Ag súil go mór leis an chéad chlár eile.

    Is léir go bhfuil tallann nach beag aisteoireachta, léiriúcháin agus scríbhneoireachta ag teacht as Conamara.


  • Registered Users Posts: 98 ✭✭goatboy1000


    Cliste wrote: »
    Các, rinne mé dearmad ar an chlár, tháinig mé ar líne ag a 11

    So, is fiú féachaint air, nuair a tagann sé ar tg4.tv? :)

    Beidh athcraoladh dé sathairn, 9.25


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Cliste wrote: »
    Các, rinne mé dearmad ar an chlár, tháinig mé ar líne ag a 11

    So, is fiú féachaint air, nuair a tagann sé ar tg4.tv? :)

    Tá sé ar fáil sa chartlann drámaíochta anois.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Múinteoir wrote: »
    Tá sé ar fáil sa chartlann drámaíochta anois.

    Cad é do bharúil faoi a mhac?


  • Closed Accounts Posts: 1,184 ✭✭✭Múinteoir


    Stollaire wrote: »
    Cad é do bharúil faoi a mhac?

    Níor bhreathnaigh mé air go fóill ach tá mé ag súil lena leithéid a dhéanamh ag an deireadh seachtaine.


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 215 ✭✭Baile an Locha


    Bhí sé go hiontach. Chuir sé iontas orm. Bhí sé i bhfad nios fearr na aon drama ar RTE1 nó TV3.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Bhí sé go hiontach. Chuir sé iontas orm. Bhí sé i bhfad nios fearr na aon drama ar RTE1 nó TV3.

    Níl sé sin deacair ;)


    Ach caithfidh mé aontú! Bhí sé sin thar barr! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá mé tar éis an t-athchraoladh a fheiceáil. Iontach, b'fhéidir an clár is fearr a chonaic ar TG4 riamh agus ní dóigh liom go bhfuil dráma níos fearr feicthe agam ar RTÉ.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Tá an dara clár ag tosú i gceann píosa, ag 10.30.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    So cad a cheap sibh san deireadh?

    Bhain me taitneamh as na cead dha cinn, ach ni raibh an deireadh sasuil (Caithfidh admhail go raibh me leath ag staidear ag an am, mar sin ta me chun breathnu ar aris sula deanaim cine ceart!)


  • Banned (with Prison Access) Posts: 36 vinnyb


    Cheapas féin go raibh tús iontach leis sa chead clár ach ina ndiaidh bhí an iomarca bearnaí sa scéal.

    Cailltear amach ar go leor deiseanna iontach ar nó níos mó forbairt a dheanamh ar caractairí ar nós Jacko.

    Chomh maith leis an deireadh is léir go raibh siad ag cruthú deis chun sraith eile a dheanamh.

    Is dócha go raibh an sraith sach maith san iomlán ach fós níl sé beagnach ce chomh maith le Running Mate agus roinnt drama eile a bhí ann le blianta beaga anuas


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    vinnyb wrote: »
    Cheapas féin go raibh tús iontach leis sa chead clár ach ina ndiaidh bhí an iomarca bearnaí sa scéal.

    Cailltear amach ar go leor deiseanna iontach ar nó níos mó forbairt a dheanamh ar caractairí ar nós Jacko.

    Chomh maith leis an deireadh is léir go raibh siad ag cruthú deis chun sraith eile a dheanamh.

    Is dócha go raibh an sraith sach maith san iomlán ach fós níl sé beagnach ce chomh maith le Running Mate agus roinnt drama eile a bhí ann le blianta beaga anuas

    Déarfainn go ndéanfaidh níos mó forbartha ar na carachtair amach anseo.

    Nílim cinnte fós cé atá freagrach as dúnmharú na gcailíní!

    Tríd is tríd, clár iontach.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Níos measa ná 'Lost' ó taobh críoch!

    Tá súil agam a thuile a feiceáil san todhchaí, ach Stollaire, tá sé éasca, is iad na taibhsí dubh a rinne é, tá súil agam gur dún siad an doras go dtí an taobh eile orthu! :D


Advertisement