Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

GaelNet - Áiseanna ar líne

  • 01-01-2010 11:30pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 6


    A chairde,
    tá suíomh nua ag GaelNet agus is beag nach bhfuil ar fáil air. Anois is féidir leat ceangal a dhéanamh le do chuntas ar Facebook agus do chuntas ar GaelNet. Ní amháin sin ach is féidir áiseanna a íoslódáil

    • RSS
    • Áiseanna
    • Líonra sóisialta
    • Barra uirlis
    • Cluichí
    • Eolaire de shuíomhanna as Gaeilge (níos mó ná 178 ar fáil faoi láthair)

    Níl anseo ach sampla de na háiseanna atá ar fáil. Is fiú go mór cuairt a thabhairt ar an suíomh:

    http://www.gaelnet.info

    Faigh an barra uirlis inniu. Saor in aisce, RSS, Raidió na Gaeltachta 's níos mór air!

    http://gaelnet.toolbar.fm




Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    ...using the unique chat module that alerts you when other people are online...
    D'fhéadfadh sibh go leor airgead a dhéanamh as an smaoineamh sin, ag díol ceadúnais chun an teicneolaíocht sin a úsáid do comhlachtaí ar fud an domhain... más rud é nár chuimhne aon duine eile ar romhat... :D

    Is deas an suíomh é, ach shroich mé mo cuóta de foghlaim na Gaeilge nuair a d'fhág mé an coláiste. :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    An céad rud ná, b'fhéidir go mbeidh a thuile suim ar an fóram "múine" (nó teaching/lecturing as Béarla) faoin ainm 'Edu' ar barr


    Caithfidh mé rá ba mhaith liom níos mó Gaeilge a feiceáil ar an suíomh. Tá an iomarca áiseanna faoin Gaeilge, agus easpa áiseanna san Gaeilge. Mar atá ar an suíomh é fhéin "Beatha teanga í a labhairt." Ach níl deis ag aon duine an Gaeilge a úsáid ar an suíomh, fiú anseo, tá níos mó le rá agat as Béarla faoin suíomh (féach anseo). Nílim ag iarraidh gearán, ach ceapaim go bhfuil an ráiteas seo fíor:

    quote_i_hear.gif

    (Tógadh ó suíomh Gaeltacht).


    Tá fios agam nach raibh tú ag lorg mo dhá pingin, ach fuair tú iad. Lean leis an sár obair! :D


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Cá bhfuil an t-eolaire i bhfolach? Ní rabhas ábalta teacht air.


  • Closed Accounts Posts: 6 GaelNet


    Bhuel, fuair mé do theachtaireacht le déanaí agus ar dhóigh tuigim an rud atá i gceist agat ach caithfidh tú tuiscint nach bhfuil an leibhéal céanna ag dalta, mar shampla, maidir leis an Ghaeilge 's a bheadh agatsa. Mar sin ní fiú suíomh ar fad a aistriú muna bhfuil daoine nó daltaí in ann an suíomh a thuiscint agus áiseanna a aimsiú. Tá an suíomh ag freastal ar dhaoine nach bhfuil Gaeilge acu chun iad a spreagadh leis an Ghaeilge a fhoghlaim agus daoine a bhfuil an Ghaeilge acu. Tá grúpaí ar fáil freisin chun rudaí a phlé as Gaeilge amháin ach ní mór duit bheith cláraithe i dtosach báire.

    Maidir leis an rud a scríobh tú,
    Cliste wrote: »
    Ach níl deis ag aon duine an Gaeilge a úsáid ar an suíomh, fiú anseo, tá níos mó le rá agat as Béarla faoin suíomh (féach anseo).

    tá líonra sóisialta agus grúpaí ar fáil do dhaoine agus barra comhrá freisin chun comhrá a dhéanamh as Gaeilge. Lena chois sin tá 'Podcast Channel' ar fáil do dhaoine ar mhaith leo podchraoltaí as Gaeilge a chur isteach. Níl a fhios agam faoin oiread Gaeilge atá ag daoine agus scríobh mé sin i mBéarla ionas go dtuigfeadh gach duine faoi na seirbhísí atá ar fáil. Tuigim go bhfuil daoine ag foghlaim mar sin de ní thuigfeadh siad dá mba rud é gur i nGaeilge amháin a bhí sé.

    I dtaca leis an chomhartha a fuair tú ón suíomh Gaeltacht,

    quote_i_hear.gif

    Tá grá agam don Ghaeilge, sin an fáth a bhfuil an suíomh ar fáil.

    Má shíleann tú nach bhfuil go leor á rá as Gaeilge anseo nó ar an idirlíon seo do sheans chun áiseanna a chur le chéile agus cur leis na háiseanna atá ar fáil do dhaltaí.

    "Molann fear an obair."

    Beir bua.


  • Closed Accounts Posts: 6 GaelNet


    Go raibh maith agat a chara. Chuir mé an suíomh le chéile do dhaltaí agus do mhúinteoirí. Tá sé ag dul ó neart go neart. Tá an comhrá an-úsáideach. Tá sé cosúil le Facebook. is féidir leat caint le daoine as Gaeilge ar an toirt ar nós MSN. Ar bhain tú úsáid go fóill? Bain triail as seo http://gaelnet.toolbar.fm Seo nasc chuig an barra uirlis. An-suimiúil ar fad!


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 6 GaelNet


    A chara ní féidir leat an t-eolaire a úsáid muna bhfuil tú cláraithe leis an suíomh. Agus tú logáilte isteach feicfidh tú an nasc ag barr an leathanaigh. Go raibh maith agat as suim a chur in iúl faoin suíomh.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    GaelNet wrote: »
    Má shíleann tú nach bhfuil go leor á rá as Gaeilge anseo nó ar an idirlíon seo do sheans chun áiseanna a chur le chéile agus cur leis na háiseanna atá ar fáil do dhaltaí.

    "Molann fear an obair."

    Bí cinnte go déanaim mo dícheall ó taobh an Gaeilge de ;)

    Msh, fiú chur na teideal as Gaeilge, agus bain úsáid as an 'title', so mura tuigeann daoine beidh an Béarla le fáil má fágann siad an pointer thar é.

    Agus, seo áis siamsúil - as Gaeilge duit: http://riomhaireacht.webs.com/misc/Hyper.html - Bain taitneamh!


  • Closed Accounts Posts: 6 GaelNet


    Go hiontach maith ar fad!! Chonaic mé an suíomh seo tamall ó shin agus ní raibh a fhios agam gur leatsa an suíomh. Maith an iarracht a chara. Tá ardmheas agam ortsa.:) Is cinnte go ndéanann tú do dhícheall gan amhras ón mhéid atá feicthe agam agus ba mhaith liom ardmholadh a thabhairt duit mar tá daoine cosúil leatsa lán de dhíth. Tá cúlra ilmheánach agam freisin agus is breá liom na háiseanna atá ar siúl agatsa. Táim ag déanamh más maith leat, gur féidir linn plé a dhéanamh ar theicneolaíocht agus an ról atá aige maidir leis an Ghaeilge. Tá brón orm dá mba rud é gur shíl tú go raibh mé giota beag diúltach ach lá an-fhada a bhí agam sular amharc mé ar do theachtaireacht. Tá súil agam go leanfaidh tú ar aghaidh leis an dea-obair atá ar siúl agus táim cinnte le do chuid scileanna go gcuirfidh tú áiseanna den scoth ar fáil do dhaltaí!!!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Nílim chomh iontach sin, ní rinne mé aithriú ar an suíomh ar feadh thart ar bhliain anois, is é an chluiche sin an t-an rud nua! :D

    ... agus ná ceap gur rinne mé mórán aistriúchán san liosta sin, is é an fear seo a déanann chuid mhaith obair aistriúcháin, agus ríomhchlárú ar son na Gaeilge: http://borel.slu.edu/gramadoir/index.html, chuala mé rafla faoi aistritheoir atá á forbairt aige, ceann Béarla Gaeilge a chuirfidh náire ar Google Translate...

    Chun an fhirinne a rá, is é http://gaeilge.ie/Usaid/Teicneolaiocht_na_Gaeilge.asp an áit chun eolas faoi úsáid do ríomhaire a fháil, neart cinn nach bhfuil ar mo suíomh :(

    Freisin, tá an nasc chuig: http://www.nuim.ie/language/vifax/ briste ar Gaelnet


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    ... ach tá súil agam go mbeidh muid ag caint faoi teicneolaíocht agus an Gaeilge!

    Tá píosa amach ansin cheana: Des Bishop


  • Advertisement
Advertisement