Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cómhrá GAA

  • 06-01-2010 11:37pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭


    Ní fheicim aon áit chun spóirt ár gcluichí náisiúnta a phlé anseo. Seo daoibh... :D

    Níl mórán cur amach agam ar an CLG ach táim díreach ag léamh Foinse an lae inniu. Tá míniúchán ar na rialacha nua a bheidh in úsáid sna cluichí sraithe i mbliana. Céard a cheapann na daoine an bhfuil cur amach acu ar na gcluichí?

    Rialacha i leith an pheil agus an iomáint.
    - Bainfear úsáid as riail an bhuntáiste, mar atá i gcluichí eile.
    - Má chaitear an liathróid suas idir bheirt, ní mór é a dhéanamh 13m ón taobh líne, ar a laghad. (Mar gheall ar trioblóid ón taobhlíne, roimhe seo?)
    - Ní bheidh cead gualainn a bhualadh ar imreoir agus é ag tarraingt cic ar an liathróid.

    - Tá an pionóis a gearradh nuair a d'fhágfadh imreoir an pháirc chun buntáiste a fháil laghdaithe. Ceapadh go raibh sé ró-dhian.

    - Nuair a shroichtear leath ama, nó deireadh an chluiche ní fhéadfar an feadóg go mbeidh an liathróid imithe as imirt (mar a déantar i spóirt eile).

    - Tá deireadh leis an riail i leith a bheith sa gcearnóg beag, in imirt oscailte. Beidh sé fós i bhfeidhm agus ciceanna saor á thógáil.
    Rialacha peil
    - Ní féidir láimh oscailte a úsáid chun pas láimhe a dhéanamh nó chun iarracht ar scór a dhéanamh.

    - Beidh imreoirí ábalta "mark" a thógáil má bheireann siad ar an liathróid idir na dá línte 45 ón gcic amach.

    - Beidh spota ann chun ciceanna éirice a thógáil uaidh 11m ón gcúl, seachas ón líne 13m atá in úsáid faoi láthair.

    - Tógfar na ciceanna amach uile ón líne 13m.
    Rialacha iomáint
    Ní fheicim go bhfuil aon rud mór sna rialacha nua, seachas foclaíocht na rialacha a leasú.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Hmmmm, ní maith liom athrú, mar sin ní maith liom na iarrachtaí bliantúil na rialacha a feabhsú :D
    [/INDENT]Rialacha peil
    - Ní féidir láimh oscailte a úsáid chun pas láimhe a dhéanamh nó chun iarracht ar scór a dhéanamh.

    Tuigim, agus is maith liom an céad píosa do seo, tá an iomarca pas láimhe nach buile ceart.

    Ach ní thuigim an dara píosa, an bhfuil sé sin chun rá nach bhfuil cead é a chur thar an trasnán nuair atá an liathróid agat, ach fós tá cead do láimh oscailte a chur ar liathróid atá san chun é a díriú ar an cúl/cúilín?


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Ní bheidh cead gualainn a bhualadh ar imreoir agus é ag tarraingt cic ar an liathróid.

    agus

    Nuair a shroichtear leath ama, nó deireadh an chluiche ní fhéadfar an feadóg go mbeidh an liathróid imithe as imirt (mar a déantar i spóirt eile).

    agus

    Tá deireadh leis an riail i leith a bheith sa gcearnóg beag, in imirt oscailte. Beidh sé fós i bhfeidhm agus ciceanna saor á thógáil.

    i ndairíre? sin cac mhór.

    agus an ''mark'' sa pheil, cén spórt atá muid ag caint faoi?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    agus an ''mark'' sa pheil, cén spórt atá muid ag caint faoi?
    Nuair a úsáideadh an "mark" sa bpeil comhrialach in aghaidh na hAstrálaigh, d'fheil sé dúinn. Ní raibh an oiread sin cleachtadh acusan leis na liathróidí peile agus d'fheil sé dúinn freisin briseadh beag a bheith ann, ó tharla gur lúthchleasaithe proifisiúnta a bhí mar freasúra againn. Bheadh sé de dhualgas ar na cosantóirí marcáil i bhfad níos cóngaraí a chleachtadh ar imreoir ar bith ina leath féin den pháirc.

    Mar sin féin ní bheidh an "mark" in úsáid ach ón gcic amach. Dúirt an CLG sa prios ráiteas go raibh siad ag iarraidh spreagadh a thabhairt don "high-fielding". Bhíodh sé níos coitianta san am atá caite agus is mian leo aitheantas a thabhair don scil i bhfoirm an cic saor a bheidh bronnta. Tuigim go bhfuil siad ag iarraidh bealaí chun an cluiche a fheabhsú a aimsiú, ach tá súil agam nach bhfuil pleananna acu é a chur i bhfeidhm in imirt oscailte, ar nós san Astráil. Ceapaim nach bhfeileann sé dár gcluiche féin.

    Maidir le na rialacha eile, cabhróidh riail an bhuntáiste le foirne atá go maith ag frithionsaí. Feictear an iomarca feall á dhéanamh ag foirne i gcluichí áirithe, chun móiminteam an fhreasúra a bhriseadh. Mar a chloistear sa sacar go minic, "Sin feall nach raibh aon rogha aige ach é a thabhairt uaidh.". Tabharfaidh sé gach seans don tosaí leanúint leis an ionsaí, más féidir leis.


  • Closed Accounts Posts: 2,653 ✭✭✭conchubhar1


    Tuigim - bhí*mé ag magadh. Sin riall uafásach eile ón CLG.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    beidh sé fíor deacair an chluiche a smachtú agus riail an buntáiste a chur i bhfeidhm, níl ach réiteoir amháin ann, agus chun míniú faoi cad a tharla leath nóiméid ó shin dóibh...

    Ná dhéan dearmad go bhfuil riail an buntáiste againn cheana.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chuala mé daoine ag rá go raibh a lán athruithe sna rialacha a bhaineann leis an iomáint, ach mar a deireann tú, níl aon ní nua ann i ndáiríre seachas soiléiriú ar cad a bhí ann cheana fhéin.
    Rialacha peil- Ní féidir láimh oscailte a úsáid chun pas láimhe a dhéanamh nó chun iarracht ar scór a dhéanamh.

    - Beidh imreoirí ábalta "mark" a thógáil má bheireann siad ar an liathróid idir na dá línte 45 ón gcic amach.

    - Beidh spota ann chun ciceanna éirice a thógáil uaidh 11m ón gcúl, seachas ón líne 13m atá in úsáid faoi láthair.

    - Tógfar na ciceanna amach uile ón líne 13m.

    Ní féidir argóint in aghaidh aon ní anseo thuas, cuirim féin fáilte is fiche roimh na hathruithe nua seo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Stollaire wrote: »
    ach mar a deireann tú, níl aon ní nua ann i ndáiríre seachas soiléiriú ar cad a bhí ann cheana fhéin.
    Sea, agus bhí mo dhóthain scríofa agam faoin am sin ag déanamh amach na hathraithe daoibh. :D
    Stollaire wrote: »
    Ní féidir argóint in aghaidh aon ní anseo thuas, cuirim féin fáilte is fiche roimh na hathruithe nua seo.
    I ndáiríre ag deireadh an lae, is iad na himreoirí a cheart fios a bheith acu an n-oibríonn na hathruithe. Caithfear seans a thabhairt dóibh iad a úsáid ar dtús ar ndóigh (sp).


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    I ndáiríre ag deireadh an lae, is iad na himreoirí a cheart fios a bheith acu an n-oibríonn na hathruithe. Caithfear seans a thabhairt dóibh iad a úsáid ar dtús ar ndóigh (sp).

    Tagaim leat, agus mar imreoir, sílim go mbeidh fáilte curtha roimh na hathruithe seo.


  • Registered Users Posts: 6 Diomhaoin



    Rialacha i leith an pheil agus an iomáint.
    - Tá an pionóis a gearradh nuair a d'fhágfadh imreoir an pháirc chun buntáiste a fháil laghdaithe. Ceapadh go raibh sé ró-dhian.
    B'fhéidir go bhfuilimse sórt dúr ach ní thuigim cad atá i gceist le seo, an bhféadfadh le héinne é a mhíniú dom?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire




  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis


    Diomhaoin wrote: »
    B'fhéidir go bhfuilimse sórt dúr ach ní thuigim cad atá i gceist le seo, an bhféadfadh le héinne é a mhíniú dom?
    Mar shampla, tá seilbh na liathróide uait, ach tá imreoir sa mbealach ort. Tá sibh beirt cóngarach don taobhlíne ach níl sé de chead agat dul amach thar an taobhlíne chun dul thart ar an bhfear eile. Má dhéanann tú é seo, deirtear go bhfuil tú ag tógáil buntáiste mí-fhéaráilte.

    Bhí an riail seo ann cheanna, ach bhí daoine den tuairim go raibh an pionós ró-dhian.

    Chomh fada agus is eol domsa, dá ndéanfadh an réiteoir litir an dlí a chur i bhfeidhm, dá ndéanfadh imreoir é faoi dhó, chuirfí den pháirc é.

    Anois níl ann ach go mbronntar cic saor don foireann eile.

    Chomh fada agus is eol dom ar aon nós...

    EDIT: Tá an méid a dúirt mé thuas ceart. Tháinig mé ar an bprios ráiteas arís.
    4. Boundary Line

    Proposal: Amend the penalty for deliberately going outside the boundary lines to gain an advantage to “Free-puck/kick from where the foul occurred”.

    Rationale: It is considered that the current penalty of “Caution offender; order off for second cautionable offence” is too severe.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 374 ✭✭Stargazer7


    Tá súil agam gur chuala sibh faoin ráfla go mbeidh Usain Bolt ag imirt do Chiarraí an bhliain seo chugainn :)

    http://www.kerrygaa.ie/images/stories/galleries/usain_bolt/Team_shot.jpg


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    ...do na hiomáinaithe, beidh fáilte roimhe. Níl easpa ná uireasa ar na peileadóirí, fiú le himeacht Walsh agus Kenneally.


Advertisement