Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An aimsir

  • 07-01-2010 2:57pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭

    An bhfuil gach éinne bréan den aimsir?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Nílim ar chuir ar bith caithfidh mé rá, táim fós ag baint sult as! Bhíos amach ar siúlóid i Páirc an Fhíonnuisce ansin, agus bhí sé alainn!

    Baint taitneamh as an sneachta nuair atá sé anseo! ;-)

    1236692753355.jpg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Bhuel, tá mise braon den rialtas a bhí ar iarriadh go dtí inniu. Agus cá bhfuil an bobalán úd Noel Dempsey, Aire Iompair mar ea - é ina bhfolach áit éigin thar lear ag iarraidh éalú óna dhualgaisí. Chonac John Gormless ar an dteilí is é ag pasáil an bhoic ag iarraidh an milleán a chuir ar na comhairlí condae. Tá John níos fiannafáilí na lucht Fianna Fáil féin. Is géirchéim náisiúnta é John - tóg an mhéar amach agus beir greim ar na rámhaí.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Míshásta wrote: »
    Bhuel, tá mise braon den rialtas a bhí ar iarriadh go dtí inniu. Agus cá bhfuil an bobalán úd Noel Dempsey, Aire Iompair mar ea - é ina bhfolach áit éigin thar lear ag iarraidh éalú óna dhualgaisí. Chonac John Gormless ar an dteilí is é ag pasáil an bhoic ag iarraidh an milleán a chuir ar na comhairlí condae. Tá John níos fiannafáilí na lucht Fianna Fáil féin. Is géirchéim náisiúnta é John - tóg an mhéar amach agus beir greim ar na rámhaí.

    Caithfidh an phobal a guth a caitheamh ar pháirtí eile.... :(

    Faigh réigh leo, agus le FG, agus na Sinners, agus ....

    Níl fios agam an bhfuil mé sásta le páirtí ar bith faoi láthair!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    An bhfuil gach éinne bréan den aimsir?

    Táim bréan de mhuintir na tíre ag gearán faoi ar aon chaoi!
    Táim bréan de thiománaithe na tíre seo, leis, nach dtuigeann conas taisteal a dhéanamh thar sneachta nó oighear. Táim go hiomlán bréan de na "yummy mummies" ina 4 by 4s dubh i mBaile Átha Cliath nach dtuigeann conas an 4wheelsdrive a úsáid. Nó na tiománaithe le tiomáint roth deiridh ar a gcarranna costasach fada bánbhuí. Na daoine siúd nach dtuigeann go dtosóidh a gcarranna bánbhuí gránna ag sleamhnú thart má chuireann siad an bhróg leathar costasach síos go ró-throm agus iad ar an oighear!
    Táim bréan den rialtas atá ar iarraidh. Táim bréan de dhaoine ag cur an lochta ar an rialtas gan mhaith seo mar gheall ar an aimsir.
    Táim bréan de RTE (sic) toisc nach rabhadar ag rá faic nuair a thosaigh an drochaimsir seo roimh an Nollaig. Táid fós i gContae Shligigh agus Mhaigh Eo gan uisce! Níl raibh aon "Big Freeze" ar Nuacht RTÉ go dtí go bhfaca siad lena súile féin é.
    Táim bréan de na Dubs! "Jayyyysus..tá na cosáin sleamhain? Cén fáth nach ndéanann duine rud éigin faoi! Cá bhfuil an rialtas!"
    Ansin téann an focadán céanna abhaile agus déanann sé neamhaird den oighear ar an gcosán laistigh dá phrochóg lofa féin.

    Mar sin, tá.
    Táim bréan den aimsir. Ach go hindíreach

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    D'éirigh mé bréan den aimsir nuair a reoigh an t-uisce sna píopaí agus bhí orm mo shluasaid a thabhairt liom amach go dtí na páirceanna chun cac a dhéanamh.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Táim bréan - agus sin a bhfuil de.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Poll Dubh wrote: »
    D'éirigh mé bréan den aimsir nuair a reoigh an t-uisce sna píopaí agus bhí orm mo shluasaid a thabhairt liom amach go dtí na páirceanna chun cac a dhéanamh.

    Bhí an t-ádh leat go bhfuair tú áit nach raibh an talamh cosúil le coincréit.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,772 ✭✭✭civis_liberalis

    Is cuma liom sa diabhail faoin fuacht, fad is nach dtiteann aon bháisteach.

  • Registered Users Posts: 656 ✭✭✭Richard Cranium

    Braithim uaim an leac oighir a bhí againn an seachtain seo chaite, mar bhí sos againn ón mbáisteach. Tá mé fliuch go craiceann anois tar éis deich nóiméad ag súil sa "mhonsún" (grma focal.ie:rolleyes:) go dtí mo léacht is déanaí. Anois tá mé féin ag cur báistí ar an ríomhaire!

    Tá éadaí tirim ag teastáil uaim.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Hanamandiail, ach ní rabhamar ábalta cos a chuir thar tairsigh anseo i Chetwynde Downs inné ar eagla treascartha agus cnámha briste brúite. Sneachta, sioc, piobáin reoite, bóithre sleamhaine fealltacha.

    Anois thar oíche, monsún (grma Richard :rolleyes:), gálaí gaoithe, crainn leagtha, slinnte sciobtha réabtha, tuillte arís.

    Caithfidh go bhfuil na Déithe crosta colgach linn.

    Táimse fedupáilte i gceart fén am seo.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,942 ✭✭✭topper75

    Bhí an fuacht tirim ceart go leor, taobh amuigh fadhbanna na mbóithre agus easpa uisce tí.
    Ar a laghad, tiocfaidh an uisce ar ais chugham le teacht an fhearthainne agus beidh mé in ann tiomáint mar is ghnách arís (go dona).

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    Nilím bréan den aimsir ach táim brean bailithe de shéafóid is de mhíchumas ár bpolaiteóirí is ár gceannairí.

    Bhíomar i sáinn an chacamais de dheasca na doininne. Bhí mórchuid de shuaitheadh agus de thranglam agus de chorráil sa tír bheag seo sa dúluachair. Bhi daoine teanntaithe istigh gan aon teacht amach ar feadh roinnt seachtainí. Ní raibh tásc ná tuairisc againn ar an Aire Iompair - imithe áit éigint thar lear ar a laethanta saoire. Tuigim go dianmhaith go bhfuil sé go smior orainn bheith ag súil go mbeadh seal againn sna tíortha teo ach tá iompar an Aire in am na héigeandála seo do-mhaite. Is duine analógach é sa ré digiteach. Ba chóir bata agus bóthar agus an doras amach a thabhairt don jaingléir seo.

    Gurb amhlaidh don Aire Oideachais agus Eolaíochta Batt O' Keeffe. Bíonn gach rud tóin tuathail amuigh ag Batt. Mhol sé ar an Aoine seo a d'imigh tharainn go ndúnfaí na scoileanna ar feadh trí lá ansin tháinig sé ar athrú aigne. Mar a dúirt an té a dúirt "tráth bhínn idir dhá chomhairle ach anois niím ró shiúrálta". Níl tóin ná ceann tóna ar eolas aige faoi aon rud. A leithéid de ghamal. Chuirfeadh sé tinneas cinn ar aspairín.

    Buanóidh míchumas na beirte seo a gcuimhne i measc na ndaoine. Níl iontu ach gaoth i dtreabhsar.

    Tá an saoiste - an Taoiseach Brian Cowan lag, chomh lag le mún gandail. An dall ag déanamh eolais don dall. Níl na hAirí ar adhastar aige. Ní maith leis baint ná páirt a bheith aige in aon ní a shuaithfeadh iad. Níl den sponc ann é a rá leo go bhfuil siad ag déanamh magairlí cránach den obair. Fanann sé leo trí uisce, thine agus chath. Níl aon oidhre air ach buachaill bó a bheadh ag iarraidh broncho giodamach teaspúil a cheansú agus é ag dul de. Nil aon mhisneach aige tabhairt faoi aon ní a dhéanamh ar nós an tseanmhadra. Dá mhinicí a chuirfir seanmhadra ón tine ní bheidh do dhroim iompaithe agat nuair seo isteach é cois na tine.

    Tá siad ag déanamh seó bóthair díobh féin is den tír.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta

    Tulyar wrote: »

    :):) Post na míosa.

Advertisement