Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Imbolc - Cruinniú inspioráideach i gCorcaigh - 6/2/2010

  • 12-01-2010 12:56am
    #1
    Closed Accounts Posts: 5


    A chairde,

    Tá comhdháil nua á reáchtáil i mBaile Bhúirne, Co. Chorcaí, agus tá seans ann go mbeadh suim agaibh ann. Tugaim duit roinnt eolais faoi sa r-phost seo, ach is féidir leat an scéal ar fad a fheiceáil ar http://www.imbolc.ie chomh maith.

    Beidh an tionól ar siúl ar an Satharn, 6 Feabhra 2010 san Ionad Cultúrtha, Baile Bhúirne, Co. Chorcaí (nach bhfuil ach 45 nóiméad ón gcathair). Is tionól aon lae é, agus beidh Gaeilgeoirí iontacha inspioráideacha ag caint ann, Gaeilgeoirí a bhfuil obair nó taighde ceannródaíoch ar bun acu, ó gach aon earnáil den saol - gnó, na healaíona, na heolaíochtaí & srl. 'Sé an t-aon ábhar amháin atá á sheachaint againn ná cás na Gaeilge féin - tá a lán comhdhálacha ann cheana agus an Ghaeilge mar ábhar plé acu, agus ina áit sin is mian linn díriú isteach ar na tionscadail chruthaitheacha nuálacha atá idir lámh ag Gaeilgeoirí. Tá sé ar siúl ar bhonn go hiomlán neamhbhrábhúsach, agus níl baint ar bith againn le dream polaitíochta - tá na cainteoirí ag tabhairt a gcuid ama saor in aisce don ócáid.

    Beidh deichniúr ag caint ann, agus tabharfaidh gach cainteoir cur i láthair gairid, fiche nóiméad ar a mhéad, ar an obair a bhfuil ar siúl aige - tugann sé sin deis don lucht féachana réimse leathan d'ábhair a bhlaiseadh. Ba sheans iontach é bualadh le daoine a bhfuil cúrsaí ag éirí go hiontach leo, agus a bhfuil an Ghaeilge mar pháirt lárnach dá saolta ag an am céanna. Is é "meascán smaointe" atá á lorg againn - idir na cainteoirí agus an lucht féachana araon. Daoibh a bhfuil taithí agaibh air, samhlaigh ted.com as Gaeilge (ar ndóigh is tionscadal i bhfad níos mó é ted, ach tá an spiorad céanna uainn!)

    Mar is léir thíos, tá cainteoirí den scoth againn, le saothar agus scéalta fíorspéisiúla ag gach duine acu. Gan dabht beidh téama an tionóil, "Inspioráid na bliana", tuillte go maith aige!

    Fionnbarra Ó Brolcháin
    Is iar-ollamh le DCU, NUI Maigh Nuad, agus UCD é Fionnbarra. Bhunaigh an t-ionad gnó Gaeilge, Fiontar, agus tá leabhar foilsithe aige le déanaí, “Capitalising on Culture, Competing on Difference : Innovation, Learning and Sense of Place in a Globalising Ireland”. Deir sé féin é seo faoina shaothar sin: “Is iad saintréithe na hÉireann an buntáiste iomaíoch is mó atá ag an bpobal. Cén fáth nach mbaintear feidhm as na saintréithe sin i bhfad níos mó ó thaobh polasaithe iomaíochta agus nuálaíochta de?”

    Siobhán Ní Chonchúir
    Is bainisteoir i roinn na Táirgí Tomhaltóirí i nGoogle i mBaile Átha Cliath í Siobhán. Freastalaíonn an grúpa seo ar chustaiméirí ar fud na hEorpa, an Mheánoirthir agus na hAfraice, custaiméirí atá ag baint leas as táirgí saor in aisce ar nós Gmail, Blogger, Maps, Search, & srl.

    Ciarán Mac An Bhaird
    Is léachtóir i NUI Maigh Nuad é Ciarán a bhfuil suim ar leith aige in oideachas na matamaitice. Tá taighde ar bun aige faoi láthair faoi na buntáistí a bhaineann le modhanna nua teagaisc, mar phodchraoltaí, 'screencasts', agus scáileáin tadhaill.

    Peadar Ó Riada
    Is é an ceol an príomh suim sa saol aige ach go háirithe ceol traidisiúnta, ársa, treibheach, ceol eaglasta nó spioradálta agus ceol clasaiceach ach tá suim aige i ngach saghas ceoil ina dteannta san. Fear ildánach é a bhfuil ina oideachasóir, scríbhneoir, stiúrthóir chomh maith.

    Rossa Ó Snodaigh
    Is ball é Rossa den ghrúpa cáiliúil Kila, agus chomh maith lena bheith ina cheoltóir ildánach, tá sé ina aisteoir, fhile, D.J., mhúinteoir agus chleasaí! Tá albam nua le foilsiú díreach timpeall am Imbolc, agus ba sheans iontach é foghlaim faoin bpróiseas cruthaitheach sin.

    Aoife Nic Canna
    Is DJ í Aoife a chuireann ceol nuálaíoch leictreonach os comhair a lucht éisteachta. Tá clár aici ar an stáisiún raidió NEAR90 fm, a dhíríonn isteach ar cheol leictreonach dúchasach Éireannach, agus tá sí leis sin ina DJ rialta ag South William, Bia Bar agus The Pod i mBaile Átha Cliath.

    Colmán Ó Raghallaigh
    Tá cáil ar Cholmán Ó Raghallaigh mar scríbhneoir agus tá an-tóir ar a chuid leabhar. I 2002 d'fhoilsigh sé An Sclábhaí, an chéad úrscéal grafach as Éirinn. Insint úr shamhlaíoch ar ghabháil agus éalú Naomh Pádraic atá ann agus ghnóthaigh sé Duais Bisto dó. Tá ceithre cinn eile scríofa aige ó shin: An Tóraíocht (2003), An Teachtaire (2004) An Táin (2006), agus Deirdre agus Mic Uisnigh (2008).

    An tOllamh Annraoi de Paor
    Is iar-ollamh innealtóireachta in UCD é Annraoi de Paor, a bhfuil clú agus cáil air i measc na ndaltaí mar gheall ar na léachtaí suimiúla a thugann sé. Tá réimse suimeanna an-leathan aige, ina measc: Innealtóireacht Bithleighis, Geomaighnéadas, agus Córais Fhuinneamh In-athnuaite.

    Máirín O' Lionáird
    Is fiontraí í Máirín, a bhunaigh an comhlacht rathúil Folláin lena fear céile Peadar. Tá Folláin lonnaithe i nGaeltacht Mhúscraí in Iarthar Chorcaí. Is é aidhm an chomhlachta, ná bia den chaighdeán is airde a chur ar fáil i siopaí ar fud na hÉireann, agus i siopaí áirithe i Sasana agus i Meiriceá Thuaidh. Tá Folláin anois sé bliana is fiche d’aois agus fás agus borradh mór tagtha ar an ngnó.

    Michal Mechura
    Is ceardaí ríomhaireachta é Michal Mechura atá ag obair le Fiontar, DCU. Is eisean ailtire na gcóras ríomhaireachta taobh thiar de focal.ie agus logainm.ie, dhá shuíomh a bhfuil clú agus cáil orthu i measc lucht na Gaeilge.


    Beidh fáilte agus fiche roimh gach éinne ag Imbolc. Sílimid féin nach bhfuil tionól Gaeilge díreach mar seo ar an bhfód cheana - tionól a bhfuil sé mar aidhm aige a bheith ina "Inspioráid na Bliana" do Ghaeilgeoirí. Má tá eolas breise uait is féidir leat glaoch a chur orm ag 026-61165, nó freagair ar an r-phost seo. Is féidir a thuilleadh eolais agus clárú a dhéanamh ar http://www.imbolc.ie chomh maith.

    Beir bua,
    Tomás Ó hAodha
    026-61165
    http://www.imbolc.ie


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    meascán smaointe" atá á lorg againn - idir na cainteoirí agus an lucht féachana araon. Daoibh a bhfuil taithí agaibh air, samhlaigh ted.com as Gaeilge (ar ndóigh is tionscadal i bhfad níos mó é ted, ach tá an spiorad céanna uainn!)

    Bhí mé ag smaoineamh faoi Ted tar éis do shuíomh idirlín a bhreathnú.
    Seo smaoineamh iontach ar fad.

    Ba mhaith liom cad a bheas le rá ag Siobhán Ní Chonchúir agus Fionnbarra Ó Brolcháin a chloisteáil.
    An mbeidh imbloc cosúil le TED agus an gcuirfear físeáin de na cainteoirí ar an idirlíon dóibh siúd nach bhféadfadh taisteal síos go Múscraí?


  • Closed Accounts Posts: 5 imbolc


    Tá súil againn go mbeimid in ann iad a chur ar líne ceart go leor - ach tá Catch-22 ann chomh maith mar tá airgead de dhíth chun é sin a dhéanamh, agus ar ndóigh tagann an t-airgead ó dhíolachán ticéad!

    Ag an am seo táimid ag díriú isteach go hiomlán ar an lá féin, agus ag iarraidh é a bheith chomh fónta agus is féidir linn do na daoine a bheadh i láthair. Le cúnamh Dé beimid in ann na cainteanna a scaipeadh níos leithne níos déanaí.

    Tomás.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    imbolc wrote: »
    Tá súil againn go mbeimid in ann iad a chur ar líne ceart go leor - ach tá Catch-22 ann chomh maith mar tá airgead de dhíth chun é sin a dhéanamh, agus ar ndóigh tagann an t-airgead ó dhíolachán ticéad!

    Ag an am seo táimid ag díriú isteach go hiomlán ar an lá féin, agus ag iarraidh é a bheith chomh fónta agus is féidir linn do na daoine a bheadh i láthair. Le cúnamh Dé beimid in ann na cainteanna a scaipeadh níos leithne níos déanaí.

    Tomás.

    Le cúnamh Dé.

    Ach, ar ndóigh tá You Tube saor in aisce, agus níl uait ach ceamara, tríchosach agus duine atá toilteanach iad a chur suas ar líne.
    Tá a leithéid déanta ag Concubhar Ó Liatháin d'imeachtaí eile i Múscraí


Advertisement