Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Scaoil le do Racht Feirge anseo!

  • 16-01-2010 6:57pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭


    Tá géarghá le scaoileadh le rachtanna feirge ó am go chéile agus is ar mhaithe leis sin atá an tsnáithe seo á tosú.

    Más maith leat tabhairt amach faoi rud éigin - aon rud - seo é an áit chun é a dhéanamh i nGaeilge!

    Cuirfidh mé tús leis.

    American Idol agus na moltóirí

    Tá American Idol ar siúl ag mo chailín anseo (sea, níl mise ag féachaint air ;) ) agus tá mé ag éisteacht leis an aoi-mholtóir Mary J. Blige ag gáire faoi iarrthóir agus é ag déanamh a thrialach. Cén fáth a gceapann sí gur féidir léi gáire faoi dhuine agus an duine ag seasamh díreach os a comhair? Nach bhfuil béasaí ar bith ag daoine a thuilleadh?! Níl inti ach bómán!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Ní thuigim cén fáth go bhfuil luasteorainneacha againn sa tír seo ar chor ar bith.
    Má tá an luasteorainn ag rá gur chóir taisteal faoi 100km san uair ar bhóthar, ba mhaith le roinnt daoine taisteal ag 120km.
    Má tá an luasteorainn ag rá gur chóir taisteal faoi 120km san uair, ba mhaith le roinnt daoine taisteal amhail is go bhfuilid ar an focain autobahn thall.

    Chomh maith leis sin, is iad mná óga ina VWanna agus fir meánaosta ina BMWanna na tiománaithe is measa agus is contúirtí ar na bóithre gan aon agó ar bith. N'fheadar mé cén fáth nach dtugann na meáin aird ar seo, seachas a bheith ag cur an mhilleáin ar amadáin óga amháin i gcónaí.

    Agus cad é faoi mheon na ndaoine seo a ligean dóibh a chreidiúint go bhfuil sé ceart go leor a bheith ag scoitheadh ar chasadh sa bhóthar nó nuair atá carranna ag teacht sa treo eile?

    Nuair a fheicim a leithéid de thiomáint chontúirteach ba bhreá liom a bheith i mo Gharda agus iad a stopadh. Nó uaireanta nuair atá tiomáint an-chontúirteach i gceist, ba mhaith liom an carr a chasadh thart agus an droch-thiománaí a leanúint abhaile ionas go bhféadfainn batráil cheart fhíochmhar gan trócaire a thabhairt dóibh as ucht mo shaol, agus saol mo chuid, a chur i mbaol.

    ó, agus focal focain scór.
    Ní thuigeann aon focain amadán nó óinseach sa tír seo conas timpeallán a úsáid...........
    Níl an lána ar an taobh deas ann mar lána scoite timpeall an focain timpealláin! Baintear úsáid as an lána sin má tá sé i gceist an bóthar ar an taobh deas a thógaint.
    Ach arís agus arís eile feicim mná óga ina VWanna agus na seanlads meánaosta ina BMWanna/Mercanna ag tiomáint sa lána sin ar an taobh deas chun dul go díreach ar aghaidh as an timpeallán!!
    Chonac, leis, bean óg ina VWanna ag stopadh ar thimpeallán, san oighear agus sneachta, chun seans a thabhairt do charranna teacht isteach air!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Na bóithre clúdaithe le greanchloch agus amadáin fós ag tiomáint ar luas lasrach. Tá mo ghaothscáth scriosta ag na leibidí seo


Advertisement