Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Rith 2010

  • 26-01-2010 3:56pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭


    http://www.rith.ie/
    Is féile náisiúnta nua d'Éirinn é Rith 2010 a bheidh ar siúl ón 9-17 Márta 2010 mar cheann de phríomhimeachtaí Sheachtain na Gaeilge. Tá cúrsa 1600km leagtha amach chun ollrith sealaíochta a dhéanamh, ag rith ó mhaidin go hoíche, ó Bhéal Feirste go Gaillimh thar 9 lá leis na míllte duine ag glacadh páirte ann thar 250 baile.

    Tá súil agam go mbeidh chuile mac máthar ó Thigh na nGealt ag glacadh páirte sa rith stairiúil seo!

    Tá an cúrsa le feiceáil faoi "oscail an mapa" ar an taobh deas den suíomh thuas.

    http://www.rith.ie/ankorrika
    korrika2.jpg

    Inspioráid do Rith:
    Gach dara bliain i dTír na mBascach, bíonn imeacht darb ainm Korrika ag tacú le agus ag ardú feasachta do Bhascais. Is é an Korrika a spreag muid le Rith 2010 a chur ar bhun. Thosaigh an Korrika i 1980 agus ó shin, tá fás agus feabhas air ó ceann go ceann. Sa bhliain 2009, ghlac breis is 600,000 duine páirt thar 14 lá!


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá sé de rún agam ciliméadar a chur faoi mo chosa i gCaisleán a Bharraigh...má tá spás ann i measc na céadta mílte.:rolleyes:


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Seo áis iontach le súil a choinneáil ar an rith agus an áit ina bhfuil sé.

    Zúmáil isteach le léargas níos fearr a fháil.

    Má tá tú i nDún Dealgan anois gabh amach láithreach agus rith leo.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    O a dhiabhal, tá siad ar an mbealach agus níor thosaigh mé ag traenáil go fóill! Tá mé ag súil níos mó le Club Rith Mhaigh Eo i Tigh Matt Molloy i gCathair na Mart ná an rith é féin.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Bualadh bos mhór do chách a ghlac páirt i Rith 2010.

    http://www.youtube.com/watch?v=KIliJQ2JnEQ


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Is ar éigin a bhfuilimse ábálta siúl síos an bóthar go dtí an bpub logánta gan fiú bheith ag cuimhneamh ar bheith ag sodar ar son na teangan. Ba mhór an baol go ngeobhainn bás ar a son de bharr taom croí.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Míshásta wrote: »
    Is ar éigin a bhfuilimse ábálta siúl síos an bóthar go dtí an bpub logánta gan fiú bheith ag cuimhneamh ar bheith ag sodar ar son na teangan. Ba mhór an baol go ngeobhainn bás ar a son de bharr taom croí.

    "Siúl mall go dtí an bpub ar son na Gaeilge 2010"

    Bualadh bos mhór do chách a ghlac páirt!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá CnaG ag lorg tuairimí faoi Rith2010 agus Raidió Rí-Rá

    Aon bharúil ag éinne anseo ina leith?


Advertisement