Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Ceard a dheanamid feasta gan Gaeilge

  • 05-03-2010 11:54pm
    #1
    Registered Users Posts: 77 ✭✭


    Chairde
    Tá sé ar intinn agam feabhais a chúr ar mo chuid Gaeilge, ach níl fhios agam conas a bheadh mé abalta é sin a dheanamh. Nílim sa scoil nó i ollscoil le roinn gaeilge, is níl ceann amhain do mo chairde abalta abairt íomlain gaeilge a chur le cheile... ceard a dheanann an gná duine sna laethanta seo? Is níl oicheanna sa pub i gceist :p.


Comments

  • Registered Users Posts: 6 SiogNabhFiacla


    Tuigim do chás go maith a "LazyFecker!" :P

    Is dócha gurb é an chaoi is fearr le do chuid gaeilge a choimead suas/ a fheabhsú ná iarracht a dhéanamh a bheith ag breathnú ar TG4, ag léamh an nuachtáin/leabhair as Gaeilge agus ag éisteacht le RnaG.

    Faigh amach an bhfuil aon ócáidí ar siúl i do cheantar i rith Sheachtain na Gaeilge (atá ag tosnú inniu dála an scéil!) Breathnaigh ar snag.ie le tuilleadh eolais.

    Thabharfadh sé sin deis duit casadh ar daoine eile a bhfuil an tsuim chéanna sa Ghaeilge acu. Chuirfeadh sé ionadh ort an méid daoine atá ann ag iarraidh í a labhairt!!

    Ádh mór leis :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 619 ✭✭✭Dj Stiggie


    Tuigim do chás freisin. Tá mé san ollscoil anois agus tá Cumann Gaelach ann ach ní dóigh liom go bhfuil in iomarca Gaeilge labhartha inti. Deirinn cairde liom gur iontach an rud é nach labhraíonn siad Gaeilge nuair atá siad leis an Cumann ach ní feicim an phointe le sin.

    Is mór an trua é mar bhí mé iomlán líofa cúpla bliain ó shín ach anois tá deacracht agam le comhrá shimplí. Tá foclóir Gaeilge Mozilla Firefox á úsáid agam anois!

    Tá brón orm ach níl aon tuaraim agam conas gur féidir leat feabhas a chur ar do chuid Gaeilge seachas cad a dúirt Síog.

    Chur éirí leat ar aon nós!


  • Registered Users Posts: 77 ✭✭LazyFecker


    Dj Stiggie wrote: »
    Is mór an trua é mar bhí mé iomlán líofa cúpla bliain ó shín ach anois tá deacracht agam le comhrá shimplí. Tá foclóir Gaeilge Mozilla Firefox á úsáid agam anois!

    Ceapaim go bhfuil an fadhb ceanna ag gach duine tar éis an scoil.
    Ceard é an pointe don teanga a muineadh, is ina dhiaidh sín gan áiseanna a chúr ar fail ag na dhaoine atá ag iarraidh é a choiméad leo....


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 619 ✭✭✭Dj Stiggie


    LazyFecker wrote: »
    Ceapaim go bhfuil an fadhb ceanna ag gach duine tar éis an scoil.
    Ceard é an pointe don teanga a muineadh, is ina dhiaidh sín gan áiseanna a chúr ar fail ag na dhaoine atá ag iarraidh é a choiméad leo....

    Tá tú iomlán i gceart ansin. Agus is fuath liom an chuí go déanann siad an méid sin iarracht do Seachtain na Gaeilge agus níl feac don chuid eile don bhliain. Tá aithne agam ar bean amháin a téann síos go dtí an Gaeltacht go minic chun feabhas a chur ar a Gaeilge ach tá costas mór ag baint leis agus níl an t-am nó an t-airgead ach an chuid is mó ag Gaeilgeoirí do rudaí mar sin


  • Registered Users Posts: 6 SiogNabhFiacla


    Is eagraíocht dheonach í Seachtain na Gaeilge- is é sin le rá nach bhfaigheann siad maoiniú díreach ón stáit. Mar sin ní dóigh liom gur féidir an milleán a chur orthu siúd toisc nach mbíonn imeachtaí ar siúl i rith na bliana ar fad! Agus bíonn go leor imeachtaí is ócáidí trí Ghaeilge ar siúl le linn na bliana chomh maith má théann tú á lorg!

    Caithfidh mé a rá nach raibh deacracht agam riamh mo chuid Gaeilge a choinneáil suas tar éis na scoile. Má chasaim ar duine agus má tá Gaeilge ag an duine sin, labhraím i nGaeilge leo- tá sé chomh simplí sin! Táim ar an ollscoil i mBÁC agus déarfainn go labhraím an méid céanna Gaeilge is Béarla go laethúil cé nach bhfuilim ag déanamh staidéir ar an nGaeilge!

    Beatha teanga í a labhair. Ná bí cúthaileach agus labhair Gaeilge leis na Gaeilgeoirí eile a bhfuil aithne agat orthu!!


  • Advertisement
  • Registered Users Posts: 77 ✭✭LazyFecker


    Beatha teanga í a labhair. Ná bí cúthaileach agus labhair Gaeilge leis na Gaeilgeoirí eile a bhfuil aithne agat orthu!!

    Tuigim ceard atá á rá agat, ach duirt mé roimh seo, an fadhb is ea nach bhfuil alán daoine in ann an teanga a labhairt, ar a laghad níl alán cé go bhfuil aithne agam fein ar. Is táim cinte go bhfuil an fadhb ceanna ag an iomarca daoine eile.
    Mar sín, anois nuair atá é sín ar eolais againn, caithfidh muid rud eigin eile a moladh. :)


Advertisement