Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Gaelscéal ag teacht!

  • 16-03-2010 5:50pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    "Beidh Gaelscéal, an nuachtán seachtainiúil Gaeilge is nuálaí, is bríomhaire agus is tráthúla dá bhfuil ann, ar fáil sna siopaí gach Aoine ón 26ú Márta, 2010. Tabharfaidh sé spléachadh do léitheoirí fud fad oileán na hÉireann ar chúrsaí reatha, idirnáisiúnta, náisiúnta agus réigiúnach; oideachas, spórt, cúrsaí saoil, caitheamh aimsire maraon le saol na Gaeilge & na Gaeltachta."




Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    go hiontach ar fad, An beidh cuid ar son foghlaimeoirí ann?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Dea-scéala amach is amach. Tá mé ar gor ag fanacht leis ach bíonn cúpla alt go maith in Foinse.


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Ar fheabhas.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael




  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Go hiontach! Shíl mé go mbeidh moill mór ar sheoladh an nuachtáin mar bhí ceann de na grúpaí a bhí in iomaíocht chun an nuachtán a fhoilsiú ag tógáil cás cúirte in aghaidh Foras na Gaeilge. Is mór an faoiseamh é go bhfuil dáta socraithe don chéad eagrán.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 5,246 ✭✭✭conor.hogan.2


    an mbeidh sé i ngach siopa?

    agus

    ce mhéad?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    an mbeidh sé i ngach siopa?

    agus

    ce mhéad?

    Ní dóigh liom go mbeidh sé i ngach siopa - ní bheidh siad ag clóbhualadh an oiread sin cóipeanna. Déarfainn go mbeidh sé le fáil sna siopaí chéanna a bhí an sean Foinse le fáil. Níl aon rud cloiste faoin praghas go fóill - bhí €1.50 ar Fhoinse.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    an mbeidh sé i ngach siopa?

    Ní bheidh mar ní bheidh siopaí sásta spás a sholáthar do nuachtán nach mbeidh aon éileamh air


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir


    32 leathanach. Praghas €1.65. Roinnt sonraí breise san Irish Times ar maidin (Tuarascáil). Féach www.irishtimes.com. Níl aon sonraí ar an suíomh fós (www.gaelsceal.ie)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    craoltoir wrote: »
    32 leathanach. Praghas €1.65. Roinnt sonraí breise san Irish Times ar maidin (Tuarascáil). Féach www.irishtimes.com. Níl aon sonraí ar an suíomh fós (www.gaelsceal.ie)

    Léigh mé an t-alt sin agus deirtear ann go mbeidh leagan leictreonach den nuachtán ar fáil ar an suíomh idirlín dhá lá tar éis a fhoilsithe. Sin an-smaoineamh, dar liom. Bhí a leithéid ag Lá Nua nuair a bhí sé á fhoilsiú ach ní raibh rud ar bith mar sin ag Foinse.


  • Advertisement
Advertisement