Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Cainteanna Imbolc 2010 ar fáil ar-líne anois!

  • 18-03-2010 10:20pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 5


    A chairde,

    Ag tús Mí Feabhra, 2010, bailíodh i mBaile Bhúirne, Corcaigh, Gaeilgeoirí inspioráideacha chun a gcuid smaointe agus a gcuid tionscadal a roinnt lena chéile agus le lucht féachana. Anois tá na físeáin ón lá go léir thuas ar an suíomh idirlín http://www.imbolc.ie - ná bí drogall ort an nasc a scaipeadh i measc do chairde, is í sprioc Imbolc ná an inspioráid seo a roinnt leis an bpobal is leithne agus is féidir linn!

    Is í fís Imbolc ná Gaeilgeoirí a tharraingt le chéile ó réimse mór disciplíní a thrasnaíonn teorainneacha traidisiúnta chun a gcuid scéalta a roinnt agus chun na smaointe is deireanaí atá acu a phlé. Is í Imbolc 2010 an chéad bhliain den ócáid, agus d'éirigh go hiontach linn. Bhí ochtar ag caint ar an lá, agus bhí lucht féachana gníomhach i láthair, iad ag meascadh smaointe go bríomhar, dearfach, agus dúshlánach.

    Beidh fáilte roimh aiseolas ar bith - tá súil againn go bhfeicfimid sibh ag an gcéad Imbolc eile arís!

    Beir bua,
    Tomás Ó hAodha
    http://www.imbolc.ie

    PS: If féidir an bun-phostáil a léamh anseo.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Tá mé díreach tar éis breathnú ar caint Michal Mechura - thar a bheith suimiúil - go raibh maith agat!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Áis an-mhaith is ea é. Go raibh maith agat!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá sibh uilig le moladh as seo. Tá cuma an-phroifisiúnta ar an rud go léir.

    Go raibh maith agat.


  • Closed Accounts Posts: 5 imbolc


    Go hiontach ar fad, tá áthas orainn go bhfuil sibh ag baint tairbhe as.

    Ná déan dearmad an scéal a scaipeadh :)

    - Tomás


Advertisement