Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Margaí sna siopaí

  • 25-03-2010 3:09pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭


    Thug mé cuairt ar Aldi inné agus tá go leor beoracha iasachta ann ar shladmhargadh. €1.32 l'aghaidh Staropramen, agus Spaten ar phraghas maith, níos lú ná €2. Chuaigh mé ann mar gheall ar na glasraí agus torthaí sa tairiscint 'Super 6' agus tá siad blasta go leor, go háirithe na horáistí. Chuala mé gurb fhéidir go raibh said "ró-mhilis" ach ceapaim féin gur gnáth-oráistí atá ann. 79 cents atá ar seacht n-oráiste :)


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    http://www.moypark.ie/index.php

    Saor in aisce. Mura bhfuil printéir agat cuirfidh siad na dearbháin sa bpost.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    pog it wrote: »
    Thug mé cuairt ar Aldi inné agus tá go leor beoracha iasachta ann ar shladmhargadh. €1.32 l'aghaidh Staropramen, agus Spaten ar phraghas maith, níos lú ná €2. Chuaigh mé ann mar gheall ar na glasraí agus torthaí sa tairiscint 'Super 6' agus tá siad blasta go leor, go háirithe na oráistí. Chuala mé gurb fhéidir go raibh said "ró-mhilis" ach ceapaim féin gur gnáth-oráistí atá ann. 79 cents atá ar seacht n-oráiste :)

    Ní hamháin sin, ach tá cuid de na beoracha ón Mór-Roinn a dhíoltar in Aldi/Lidl ar ardchaighdeán. Níor cheart "beoir" a thabhairt ar chuid mhaith den stuif eile a dhíoltar sa tír seo.

    Faighimse cuid mhaith margaí maithe chomh maith sa rannóg 'reduced to clear' atá ar fáil in Dunnes.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    6 canna Guinness ó Tesco le haghaidh €6... giggity giggity

    Ar a laghad beidh muid ar meisce le linn an spealta seo


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it


    Níor bhlais mé Guinness ó channa ariamh! An bhfuil sé mórán mar an gcéanna nó an airíonn tú blas difriúil? Is maith liom fíon agus beoir a ól go hiondúil nuair atá mé sa mbaile, tá mé cleachta leis sin ach sa teach leanna is maith liom an corrphionta Guinness.

    Tagaim leat a Ghaeil agus tá sé fíordheacair a theacht ar fiú amháin Budvar sna tithe leanna ach is minic atá Paulaner agus Erdinger ann thar mar a bhíodh ann.. níl a fhios agam cén fáth ach ní bhíonn an phóit chomh dona an lá dár gcionn! :)

    Is breá liomsa aon chineál pilsner, tá fios a bheoir ag Phoblacht na Seice, tá pilsner urquell thar a bheith go deas.

    Oh! Maidir leis na sicín kievs ó Moypark, is dócha go mbeidh siad slán le n-ithe ach dúirt cara liom go raibh imní faoi bhia de chuid bia Moy Park píosa ó shin.. (ach ná bí buartha :) )


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    pog it wrote: »
    Níor bhlais mé Guinness ó channa ariamh! An bhfuil sé mórán mar an gcéanna nó an airíonn tú blas difriúil?

    Beagáinín difriúil, beagáinín, ach an-bhlasta mar sin féin (má thaitníonn Guinness leat)
    Tá feabhas nach beag ar Guinness sa channa le cúpla bliain anuas.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 634 ✭✭✭Míshásta


    Stollaire wrote: »
    Beagáinín difriúil, beagáinín, ach an-bhlasta mar sin féin (má thaitníonn Guinness leat)
    Tá feabhas nach beag ar Guinness sa channa le cúpla bliain anuas.

    Bain triail as Beamish nó Murphys. Sin í an fhíor-stuif.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Cé mhéad atá ar canna beorach, de gnáth?
    Go hiondúil cheannfainn Heineken ach níl 'fhios agam an praghas. Ní fhéachaim ar na praghasanna.
    Sílim go bhfuil €18 praghas maith ar son 24 buideal Miller i nDunnes


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Chonaic mé cannaí Carlsberg ar díol le haghaidh €1 inné!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Míshásta wrote: »
    Bain triail as Beamish nó Murphys. Sin í an fhíor-stuif.
    Dheara, tá blas caife ar Murphys. Ní thaitníonn sé sin liomsa.
    Níl Beamish ró-dhonna, tá sé cosúil le beoir seachas pórtar, agus bíonn sé measartha saor leis.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Tá a lán siopaí ag cur chun cinn deochanna faoi láthair.
    Chonaic mé 12 Corona ar €12 i Centra. Sin praghas maith, tá Corona an-bhlasta


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,286 ✭✭✭Gael


    Is é Budwar ó Phoblacht na Seice mo rogha beoir i láthair na huaire, cé nach beoir róshaor é in Éirinn (Thart ar €1.90 ar bhuidéal 500ml má cheannaíonn tú in Tesco é agus suas le €2.70 air in áiteanna eile). Ach ar ndóigh, tá sé thar a bheith saor i dtír a dúchais (Thart ar 60c ar bhuidéal 500ml). Níl sé ar fáil in Aldi ná in Lidl, faraor.


Advertisement