Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

An Aimsir Aisteach

  • 01-04-2010 9:04pm
    #1
    Closed Accounts Posts: 494 ✭✭

    Táimid tar éis raibh sneachta, flichsneachta, baisteach, sioc agus grianmhar an tseachtan seo.An aimsir aisteach é atá againn.Ach is é an mhí Aibreán!

Comments

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cinnte.. Nollaig déanach atá againn. Ní cuimhin liom aon mí aibreán chomh salach riamh. B'fhéidir go bhfuil na ráflaí faoi athrú aeráide ceart!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá an gnáth-aimsir ar ais anseo ar chósta an Iarthair - ag stealladh báistí

  • Registered Users Posts: 4,048 ✭✭✭dolliemix

    Poll Dubh wrote: »
    Tá an gnáth-aimsir ar ais anseo ar chósta an Iarthair - ag stealladh báistí

    lol! i mBaile Átha Cliath chomh maith :D

  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    dlofnep wrote: »
    Cinnte.. Nollaig déanach atá againn. Ní cuimhin liom aon mí aibreán chomh salach riamh. B'fhéidir go bhfuil na ráflaí faoi athrú aeráide ceart!

    Tá mé in amhras ar athrú aeráide, creidim go bfhuil sé bréagach.Tá an domhan ag fáil níos fuaire ach......

    Áfach, tá súil agam a fháil againn samhraidh maith :cool:

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire

    Tá mé in amhras ar athrú aeráide, creidim go bfhuil sé bréagach.Tá an domhan ag fáil níos fuaire ach......

    Áfach, tá súil agam a fháil againn samhraidh maith :cool:

    Smaoinigh faoi sin arís a Réabhlóid a chara! :D

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Tá mé in amhras ar athrú aeráide, creidim go bfhuil sé bréagach.Tá an domhan ag fáil níos fuaire ach......

    Áfach, tá súil agam a fháil againn samhraidh maith :cool:

    Tá sé doiligh creidiúint i rud nach bhfuil tú in ann a fheiceáil ach má athraíonn muid cothromaíocht an atmaisféir tá seans ann go n-athróidh ár n-aeráid cosúil le aeráid Véineas! Seo an cás is measa ach an féidir linn dul sa seans?

  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    Ba mhaith liom chreideann dócha i "Runaway greenhouse effect" in ionad a chreidiúint i an fear-déanta theoiric an athrú earáide.I smaoineamh ar aeráide ag athrú go léir an t-am.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Mar sin ní chreideann tú san eolaíocht go léir a thaispeánann go bhfuil téamh domhanda ag tarlú de bharr gníomhartha an cine daonna?

    Cén fáth? Cad é a léigh tú chun do bharúil a bhunú air?
    Ní chreideann tú go bhfuil tionchar ag C02 i dtéamh domhanda agus mar sin athrú aeráide?

  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    Stollaire wrote: »

    Creidim go bhfuil an eolaíocht faisnéas bhréagach.Creideann eolaithe go leor nach bhfuil an athrú aeráide fear-déanta.Tá se ina dhéanamh cánacha níos mó a ghlachadh ó dhaoine.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Creidim go bhfuil an eolaíocht faisnéas bhréagach.
    Eolaíocht bhréagach! Agus creideann tusa go bhfuil Runaway greenhouse effect i gceist! (Rud nach dtarlaíonn ach ar phláinéid ina bhfuil na farraigí ar fiuchadh!)
    Cad é faoin eolaíocht nach gcreideann tú?
    Taispeánann an eolaíocht go léir go bhfuil an domhan ag téamh mar gheall ar an iarmhairt cheaptha teasa cruthaithe ag C02 á chur isteach san aeráid.
    Creideann eolaithe go leor nach bhfuil an athrú aeráide fear-déanta

    Creideann 97% d'eolaithe aeráide go bhfuil an cine daonna cionsiocair le téamh domhanda atá ag tarlú faoi láthair
    Tá se ina dhéanamh cánacha níos mó a ghlachadh ó dhaoine.
    An mbreathnaíonn tú ar Fox News nó an léann tú nuachtáin ó Shasana?

  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    Cuid acu eolaithe bhfuil tú ag caint faoin áit a fuarthas a bheith ag bréagadóireacht le bliain seo caite, re:climategate??
    Cén fáth ar mhaith leat muinín liom do na daoine??
    Fox nuachta, nuacht Béarla lol, is maith liom mo bhárúil féin.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Cuid acu eolaithe bhfuil tú ag caint faoin áit a fuarthas a bheith ag bréagadóireacht le bliain seo caite, re:climategate??
    Cén fáth ar mhaith leat muinín liom do na daoine??
    Fox nuachta, nuacht Béarla lol, is maith liom mo bhárúil féin.

    Má tá do bharúil féin agat maidir le "climategate" beidh a fhios agat faoin am seo nach raibh aon ní as ord déanta ag na heolaithe siúd a bhí i gceist.
    Is é sin le rá ní raibh aon ní sna ríomhphoist a bhréagnódh an eolaíocht i leith téamh domhanda de bharr C02 curtha ann ag gníomhartha dhaoine.

    Beidh a fhios agatsa faoin am seo freisin nach raibh aon chomhcheilg i gceist, agus mar sin níl aon fháth a bheith in amhras faoi na heolaithe .i. an eolaíocht.

    http://en.wikipedia.org/wiki/Climatic_Research_Unit_e-mail_hacking_incident

    http://www.desmogblog.com/phil-jones-exonerated-british-house-commons

    Mar sin, cén gné den eolaíocht a bhaineann le hathrú aeráide nach gcreideann tú?
    Conas is féidir leat teacht ar an tuairim nach bhfuil an cine daonna is cionsiocair le téamh domhanda atá ag tarlú anois?

  • Closed Accounts Posts: 494 ✭✭Truthrevolution

    Tá sir Muir Russell imscrúdú "climategate" agus nach bfheiceann tú fadhb le sin??
    An bfhuil tú muinín an fear seo.....

    http://www.guardian.co.uk/environment/2010/feb/01/leaked-emails-climate-jones-chinese

    Níl bfhad níos mó daoine a chreideann sé freisin......

    http://www.sovereignindependent.com/?p=1123

    http://www.examiner.ie/opinion/columnists/ryle-dwyer/its-time-to-stop-worshipping-the-false-gods-behind-global-warming-110857.html

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cad a cheapann sibhse faoi na creathanna talún ar fud an domhain le déanaí?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    dlofnep wrote: »
    Cad a cheapann sibhse faoi na creathanna talún ar fud an domhain le déanaí?

    Háítí an ceann déireanach a chuala mé féin faoi - an bhfuil an domhan ag titim as a chéile i ngan fhios dom?

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Poll Dubh wrote: »
    Háítí an ceann déireanach a chuala mé féin faoi - an bhfuil an domhan ag titim as a chéile i ngan fhios dom?

    Bhí ceann eile inné (7.8 ar an richter scale). Sumatra sílim...

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Sin ceann mór - aon scéal faoi daoine maraithe nó tsúnámí?

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Níor chuala mé, ach ní doigh liom go mbeidh tsunamí acu..

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh

    Má cloiseann tú faoi crith talún as chósta Mhaigh Eo cuir ar an eolas mé -tá mé ag feitheamh ar an lá go bhfeicim súnámaí ag teacht i mo threo ón Atlantach

  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep

    Cuirfidh mé! Ach sílim go mbeidh ceart go leor! ;)

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá sir Muir Russell imscrúdú "climategate" agus nach bfheiceann tú fadhb le sin??
    An bfhuil tú muinín an fear seo.....

    Is fearr a rá - an bhfuil tú muiníneach as an bhfear seo? (ná bí ag brath an iomarca ar Google translate)
    Táim, go huile is go hiomlán.

    Agus fiú mura bhfuil tú níl aon ní as ord leis an eolaíocht ina ainneoin!

    Dá mbeifeá ag léamh nuacht reatha beidh a fhios agat gur chóir duit a bheith muiníneach as freisin. Ach feictear domsa go bhfuil tú fós ag creidiúint an sean-bholscaireacht ó na nuachtáin agus iriseoirí atá naimhdeach in aghaidh eolaíocht ar athrú aeráide!

    Ná bí ag creidiúint gach uile bholscaireacht ón tionscadal ola/guail agus a gceithearnaigh sna meáin!
    Téigh go dtí an foinse, breathnaigh ar an eolaíocht.Tá comhaontú iomlán ann. Tá téamh domhanda ag tarlú agus tá muidne taobh thiar de.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    dlofnep wrote: »
    Cad a cheapann sibhse faoi na creathanna talún ar fud an domhain le déanaí?

    Níor mhaith liom a bheith i mo chónaí sa bhFáinne Tine!

    http://en.wikipedia.org/wiki/Pacific_Ring_of_Fire

    http://earthquakes.tafoni.net/

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 16,250 ✭✭✭✭Iwasfrozen

    Tá an aimsir ar fheabhas i lathair na huaire !

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Iwasfrozen wrote: »

    Nach bhfuil a chara? Tá an ghrian ag scoilteadh na gcloch, gan braon báistí ar chor ar bith!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 16,250 ✭✭✭✭Iwasfrozen

    pog it wrote: »

    Is maith an rud go bhfuil sé nach bhfuil sé ag cur báistí. Ta go leor uisce againn in Éirinn !

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Is maith, go deimhin! Nach bhfuil sé iontach na laethanta fada a bheith againn faoi dheireadh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 16,250 ✭✭✭✭Iwasfrozen

    pog it wrote: »
    Is maith, go deimhin! Nach bhfuil sé iontach na laethanta fada a bheith againn faoi dheireadh.
    Níl sé lá fada ar deireadh. B'fhéidie trí nó ceithre lá.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Iwasfrozen wrote: »
    Níl sé lá fada ar deireadh. B'fhéidie trí nó ceithre lá.

    Tá sé beagnach a hocht a chlog agus tá sé fós an-gheal amuigh! Is breá liom laethanta fada an tsamhraidh.

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 16,250 ✭✭✭✭Iwasfrozen

    pog it wrote: »
    Tá sé beagnach a hocht a chlog agus tá sé fós an-gheal amuigh! Is breá liom laethanta fada an tsamhraidh.
    Aontáim. Ochón cheapim mbeidh sé nuair a bheidh me ag déanamh mó Ardteist...

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    Tá an ghrian ag spalpadh anuas orainn inniu aríst :)

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire

    Tá sir Muir Russell imscrúdú "climategate" agus nach bfheiceann tú fadhb le sin??
    An bfhuil tú muinín an fear seo.....

    http://www.guardian.co.uk/environment/2010/feb/01/leaked-emails-climate-jones-chinese

    Níl bfhad níos mó daoine a chreideann sé freisin......

    http://www.sovereignindependent.com/?p=1123

    http://www.examiner.ie/opinion/columnists/ryle-dwyer/its-time-to-stop-worshipping-the-false-gods-behind-global-warming-110857.html

    Ar eagla nach raibh tú ag leanúint an scéal faoi "Climatecacgate":

    http://www.economist.com/science-technology/displaystory.cfm?story_id=15905891

    Chomh maith leis sin bhí Eanáir go Márta i mbliana na trí mhí is teo, go domhanda, sna taifid ar fad ó tosaíodh iad. Agus tá 2010 réidh le bheith an bhliain is teo riamh!

    http://tadenc.blogspot.com/2010/04/m20100408.html

Advertisement