Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Bhur nasc leis an nGaeilge ar feadh na mblianta scoile

  • 11-09-2010 7:17pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭

    Dia dhaoibh arís,

    cuirim an cheist orm go minic faoin suim atá ag na daltaí coitianta (gan trácht ar na cinn sa Ghaeltacht agus sna Gaelscoileanna) ar feadh a mbliana scoile. Thairis sin, déanaim iontas arís is arís nuair atáim ag taisteal chuig an Éirinn faoi na difríochtaí i gcumas na Gaeilge atá ag na hÉireannaí nár fhreastail ar Ghaelscoil nó scoil Gaeltachta. Mar sin féin, chonaic mé samplaí gur féidir Gaeilge líofa nó uaireanta paiteanta a bheith ag daoine tar éis fágáil na scoile náisiúnta.
    Anois, an bhfuil ceann acu anseo san fhóram a raibh Gaeilge líofa aige nó aice tar éis fágáil na scoile coitianta agus a bhí craiceáilte faoin nGaeilge cheana féin ar feadh fhreastail ar scoil?
    Do léigh mé go bhfuil an Béarla inniu suchloiste sna clóis scoile sa Ghaeltacht. An bhfuil an mhalairt ann uaireanta chomh maith go bhfuil beágán Gaeilge le cloisteáil sa chlós scoile sa mheánscoil coitianta lasmuigh den Ghaeltacht? An bhfuil neart daltaí coitianta ann a thosaíonn an Ghaeilge a úsáid ina saolta agus i measc comráidí scoile ar feadh an ama meánscoile? B´fhéidir go bhfuil grúpaí déagóirí aonair ann lasmuigh den Ghaeltacht a úsáideann an Ghaeilge go minic toisc go bhfuil sé faiseanta dar leo....?
    B´fhéidir go bhfuil bhur dtaithí féin nó ó bhur mhac nó bhur n-iníon acu maidir le mo cheisteanna.
    Go raibh míle maith agaibh.
    Go n-éirí an Ghaeilge libh.
    Alex

Comments

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Ní raibh mé líofa sa Ghaeilge nuair a d'fhág mé an mheanscoil (níor ghaelcholáiste a bhí ann) ach bhí caighdeán réasúnta ard bainte amach agam. Nuair a bhí mé sa 5ú bliain fuair mé ranganna breise nó 'grinds' lasmuigh den scoil mar theastaigh uaim bunmhúinteoireacht a dhéanamh agus cheap mé nach raibh mo chuid Ghaeilge maith go leor.

    Ba fhuath liom Gaeilge nuair a bhí mé sa chéad, dara, tríu bliain ar scoil, ach nuair a thosaigh mé leis na grinds musclaíodh suim éigin ionam sa teanga. Is dóigh liom go bhfaca mé go raibh mé in ann an teanga a fhoghlaim agus a labhairt i gceart, agus nach raibh sé chomh dona agus a bhí mé ag ceapadh.

    Bhí múinteoir uafásach agam ar scoil a bhí go maith ag cinntiú gur cludaíodh chuile dhán agus scéal a bhí ar an siollabas, ach nach raibh go maith le cruinneas teanga. Ní raibh sí in ann an teanga a labhairt, ní raibh gramadach cheart aici, ní raibh sí in ann aon rud a litriú i gceart. Ba é an rud ba mheasa ná nach raibh fhios ag na daltaí eile go raibh na rudaí seo mícheart aici, is thosaigh siad ag déanamh na botún céanna. Mar shampla, ní raibh fhios ag an múinteoir seo go raibh sé mícheart amach is amach 'Dé Déardaoin' a scríobh/rá - ba mar sin a scríobh sí é an t-am ar fad.

    Níor thug na daltaí eile i mo rangsa rudaí mar sin faoi deara agus bhíodh na botúin chéanna á dhéanamh acu i ngan fhios dóibh féin. Ba mhinic a 'cheartaigh' sí mo chuid ghramadaí, agus d'athrodh sí focal a bhí agam i gceart go bhfocal mícheart. Bhínn an-fheargach!:mad:

    Anois agus mé leath tríd mo chúrsa bunmhúinteoireachta caithfidh mé rá go bhfuil imní orm faoin sort Gaeilge a bheidh á mhúineadh sna scoileanna sa todhchaí. Tá neart daoine sa chúrsa liom nach bhfuil suim dá laghad acu sa teanga (a mhalairt atá ann), is nach bhfuil in ann Gaeilge shimplí a labhairt gan é a bheith foghlamtha acu roimhré, nó gan dul 'ooooohhhh, ahhhh, ní maith liom Gaeilge! Tá sé deacair!:mad:'

    Sin mo scéilín!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke

    Is scéilín spéisiúil é!
    Tá sé dochreidte go bhfuil an cead ag an mbean sin an Ghaeilge a mhúineadh agus droch-chaighdeán ar an nGaeilge aici! Sa Ghearmáin, bíonn ardchaighdeán ag gach mhúinteoir teangacha ar an dteanga múinte aige nó aici.
    Is dóigh liom nár úsáid na daltaí a bhí i do rang an Ghaeilge riamh lasmuigh den seomra scoile. Má bhaintear úsáid aisti, tabharfaidh faoi déara Gaeilgeoir oilte nó dúchais na botúin troma.
    Go dearfa, sin é post na múinteoirí Gaeilge ná gná ar an teanga a mhúscailt chun go déarfaidh cuid daltaí lena dtuismitheoirí:"Tá mé craideáilte faoin nGaeilge. Is mian liom athrú go dtí an nGaelscolaíocht!"
    Chonaic mé ar feadh mo scolaíochta cad is féidir a bhaint as múineadh na teanga. Tar éis amháin dhá bhliain na Fraincise ar an ngraméarscoil, bhí Fraincis sách-mhaith agamsa! Mar sin, bheinn ag súil go mbeadh Gaeilge líofa ag na daltaí tar éis 12 bliain mhúineadh na Gaeilge ar scoil.

    Mar sin féin, bíonn an-iontas orm go bhfuil sách-Ghaeilge ag roinnt Éireannach agus nach bhfuil aon Ghaeilge ag roinnt eile, fiú amháin eatarthu siúd nach bhfuil gná ná fuath acu ar an dteanga, gan trácht orthu siúd ar Ghaelscoil nú scoil Gaeltachta.

    Uair amháin, do labhair mé le fear an bhanna céilí in Inis. Agus d´inis sé liom gur bhain sé úsáid as an nGaeilge idir a chairde go rialta mar déagóir agus é gan fhreastal ar Ghaelscoil. D´iarr mé orm an sampla an-annamh atá ann lasmuigh den Ghaeltacht nó an dtarlaíonn sé corruair.

    Go n-éirí an Ghaeilge leatsa, a dhambarude!

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Ba í an fhadhb a bhí an ná nach raibh Gaeilge an mhúinteora chomh dona sin go dtabharfadh daltaí é faoi deara. Rudaí beaga a bhí ann. Dá mba rud é go raibh sé go holc is dócha nach mbeadh an scéal ródhona, thuigfidís nach bhféadfaidís bheith múinineach as an nGaeilge a bhí aici.

    Ba é an rud a chuir isteach orm ná go raibh chuile dhuine ag rá go raibh an múinteoir go hiontach ar fad!

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,912 ✭✭✭pog it

    dambarude wrote: »
    Ba í an fhadhb a bhí an ná nach raibh Gaeilge an mhúinteora chomh dona sin go dtabharfadh daltaí é faoi deara. Rudaí beaga a bhí ann. Dá mba rud é go raibh sé go holc is dócha nach mbeadh an scéal ródhona, thuigfidís nach bhféadfaidís bheith múinineach as an nGaeilge a bhí aici.

    Ba é an rud a chuir isteach orm ná go raibh chuile dhuine ag rá go raibh an múinteoir go hiontach ar fad!

    Tuigim do chás! Bhí múinteoir ionaid agam sa bhFraincís ar feadh míosa nuair a bhí mé sa tríú bliain. "Froot" an foghrú speisialta a bhí aici ar an bhfocal Fraincíse 'Fruit' :) Níl seo ach sompla den uafás!
    An múinteoir Frainicise a bhí againn de gnáth, ba mhúinteoir den chéad chéad scoth í agus chaith sí an-dua leis na ranganna i gcónaí gan ach beirt nó triúr againn buíoch di.
    Ag deireadh na míosa seo leis mo dhuine agus a ranganna speisialta thug na daltaí cárta buíochais di agus chuaigh sé go rite leo an méid céanna a dhéanamh don mhúinteoir a bhí i bhfad i bhfad níba fhearr.

    Caithfidh foighde a bheith agat Dambarude agus do cheann scríbe bainte amach agat! (Is maith liom an dea-scéala seo go mbeidh tú ag goil sa dtreo seo!).

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    pog it wrote: »
    Tuigim do chás! Bhí múinteoir ionaid agam sa bhFraincís ar feadh míosa nuair a bhí mé sa tríú bliain. "Froot" an foghrú speisialta a bhí aici ar an bhfocal Fraincíse 'Fruit' :)

    Is deacair tuiscint conas a éiríonn le daoine mar sin BA a bhaint amach, tá sé dochreidte.

  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,479 ✭✭✭t-ha

    Conas atá sibh a chairde? Is rud an-suimiúil é cad a deireann sibh. Smaoinaim gur chúis amháin, nach bhfuil a lán daoine a fhoghlaim Gaeilge ceart (a bheith in ann cómhrá iomlán as Gaeilge a dheanamh), é mar gheall níl aon chúis a thugtar dóibh é a fhoghlaim. Is cuma liom dá bhfuil an rud sin ár stair, nó a bheith in ann labhairt go príobháideach i dtíortha eile, ach caithfidh tú chúis éigin a bheith agat??

    Nuair a bhí mé féin sa bhunscoil, ní raibh leid ar bith againn cén fáth an raibh sé orainn an teanga seo a fhoghlaim? Agus mar sin, ar ndóigh, bhí fuath linn ár gcheachtanna Gaeilge. Cosúil le go leor eile, tá sé ach anois (go bhfuil mé beagán níos sine) ar mian liom mo chuid Gaeilge a bhí níos fearr! Agus do mo chairde a labhairt í freisin, ar ndóigh (gá agat le duine a labhairt leis)!

    Ar aon nós, táim díreach tar éis tús a fhoghlaim arís, agus tá mé ag tabhairt cuireadh roinnt cairde an rud chéanna a dhéanamh chomh maith. Mar sin, beidh muid go léir ag an caighdeán céanna, agus is é an plean a fháil le chéile san Earrach agus baint triail as! N'fheadar má tá sé seo an bealach is fearr dóibh siúd, atá ag foghlaim Gaeilge le fada ach ní úsáidtear é, a fháil ar a dteanga ar ais arís? Beagán cosúil leis na dhéagóirí a bhí Alex ag caint faoi?!

    Tadhg

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 165 ✭✭AlexderFranke

    Sa bhunscoil, is gá do mhúinteoirí na cúiseanna foghlama na Gaeilge a léiriú agus naisc le saol na ndaltaí a chumadh. Is dóigh liom gur scéal sách-éasca é suim na mbun-dhaltaí a dhúisiú trí bhealaí an teagaisc a fhreastalaíonn le gnáth-suimeanna na bpáistí. Mar sin féin, sin í an bhealach éifeachtach chun suim a dhúisiú ná na páistí a thabhairt chun teagmháil leis an nGaeilge sa bhaile, mar shampla trí thabhairt leabhair pháistí dóibh nó amhráin Ghaeilge a rá linn. Ach is gá le cumainn Ghaeilge grúpaí do pháistí a bheith ar tairiscint.

    Nuair ar thosaigh mé le foghlaim na Fraincise ar scoil, deireadh linn cén fáth an bhfoghlaimeoidh muid an teanga sin. I gcás an Bhéarla, bhí suim againn uilig i bhfoghlaim an Bhéarla toisc gur chuala muid an Béarla go minic ar an radio nó ar an teilifís. Uaireanta, chonaic muid an Béarla chomh maith. Agus bhí teacsanna sna leabhair a mbaineann le saol ghach lá na ndéagóirí.
    B´fhiú é a bhaint le saol pháistí na gcainteoirí dúchais sa bhunscoil.

    Go n-éirí an Ghaeilge libh!

  • Registered Users Posts: 49 Tulyar

    An fhadhb atá agamsa leis an méid seo ná go bhfuil mórchuid de mhúinteoirí óga bunscoile ar bheagán Gaoluinne – cuid díobh le fíor droch Ghaoluinn.
    Cuireann sé d’fhiachaibh orainn na lúibíní a bhaint amach, na sraimlí a bhaint dár súile agus an cheist a chur.
    Cad is cúis le seo?
    Ar leathláimh amháin tógaimis an Scrúdú Béil san Ardtéist. Ní scrúdú cainte é seo a thuilleadh ach sraith ceisteanna. Bíonn na freagraí de ghlanmheabhair ag na scolairí agus má sea éiríonn go seoidh leo. Faigheann said ard mharcanna. Faigheann said áit ins na Coláistí Oiliúna, más é sin a bhíonn uathu. Ní dhéanann an scrúdú seo cumas cainte na scolairí a thástáil in aon chor. Tá an donas ar an scéal. Ní fiú mún spideoige an scrúdú béil seo mar ceileann sé an fhírinne.
    Ar an leathláimh eile tá an donas ar an gcaighdeán Gaoluinne ins na Coláistí Oiliúna, fiú Coláiste Oideachais Mhuire gan Smál (gan trácht ar Choláiste Phádraig ná Coláiste Hibernia - Dia idir sinn agus an tolc). Tráth dhéantaí obair na gcapall ar son na Gaoluinne i gCol. Mhuire gan Smál ach faraor géar a mhalairt atá fíor anois. Tá an caighdeán chomh hainnis anois go mbíonn ar na féitheoirí nótaí Gaoluinne na nábharmhúinteoirí a cheartú. Conas is féidir le duine ar bheagán Gaoluinne, Gaoluinn a mhúineadh agus páistí a spreagadh?
    An máinlia ná creideann I bhfaobhar a scine cén maitheas é? Caithfear an cancar a ghearradh amach.

  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude

    Tulyar wrote: »
    Ar an leathláimh eile tá an donas ar an gcaighdeán Gaoluinne ins na Coláistí Oiliúna, fiú Coláiste Oideachais Mhuire gan Smál (gan trácht ar Choláiste Phádraig ná Coláiste Hibernia - Dia idir sinn agus an tolc). Tráth dhéantaí obair na gcapall ar son na Gaoluinne i gCol. Mhuire gan Smál ach faraor géar a mhalairt atá fíor anois. Tá an caighdeán chomh hainnis anois go mbíonn ar na féitheoirí nótaí Gaoluinne na nábharmhúinteoirí a cheartú. Conas is féidir le duine ar bheagán Gaoluinne, Gaoluinn a mhúineadh agus páistí a spreagadh?[/FONT]
    Is oth liom é a dhéanamh, ach caithfidh mé aontú le chuile rud a deir tú. Táim féin i mo mhac léinn i gColáiste Mhuire gan Smál anois, agus bíonn faitíos orm nuair a fheicim agus nuair a chloisim an caighdeán Gaeilge atá ag cuid de na scoláirí anseo. Níl sé ceart gur féidir bunmhúinteoireacht a dhéanamh le grád C3 amháin san ardteist.

    Luann tú obair na bhfeitheoirí ag ceartú nótaí ceachta na nábharmhúinteoirí, ach creid é nó ná creid tá roinnt feitheoirí ann nach bhfuil Gaeilge acu ar chor ar bith. Táím díreach tar éis críochnú ar chleachtadh múinteoireachta ar an Aoine, agus ní raibh aon Ghaeilge ag an bhfeitheoir a bhí agam ar an gcleachtadh seo. So d'fhéadfainn bheith ag múineadh "tá tú cailín, tá mé múinteoir, An maith tú an teilifís?" agus ní bheadh a fhios ag an bhfeitheoir seo go raibh gach rud a bhí á múineadh agam mícheart. Tarlaíonn sé seo mar bíonn feitheoirí fostaithe ag an gcoláiste nár mhúin riamh, léactóirí sa tsíceolaíocht/fealsúnacht srl a bhíonn ann den chuid is mó (is fíormhúinteoirí iad an chuid is mó de na léachtóírí sna hábhair eágsúla, Mata srl.)

    Is í an fhadhb is mó a fheicimse leis na léachtóirí Gaeilge Ghairmiúil ná nach ndéanann siad mórán iarrachta cinntiú go bhfuil an Ghaeilge againn i gceart. Ní chaithtear a dhóthain ama ar an teanga sa choláiste, agus fiú nuair a bhíonn léachtaí againn, feictear domsa gur cuma sa tsioc leis na léachtóirí faoin gcaighdeán Gaeilge atá againn. Déantar 'dumbing down' chun cinntiú nach dteipeann ar gach duine. Mar shampla, nuair a bhí scrúdú againn ar an tuiseal ginideach bhíomar in ann tomhas a dhéanamh faoi na focail a scrúdófaí ar an bpáipéar scrúdaithe. Tagann na cinn chéanna suas chuile bhliain. Agus mar gheall air sin, d'éirigh le daoine pas a bhaint amach, fiú nar thuig siad an tuiseal ginideach ar chor ar bith.

    Tá 'radical overhaul' ag teastáil, mar a déarfá, ach d'fhéadfá an rud céanna a rá faoi chuile rud sa choláiste, ní faoin nGaeilge amháin.

    Is léanmhar an scéal é seo. Cad é in ainm an donais atá ar bun acu sa choláiste cáiliúil seo? Tá a gcuid maidí imithe le sruth faraor.
    Dáirire cuireann an scéal sin mo sháith feirge orm.
    In ainm Chroim conas is féidir le féitheoir gan Gaoluinn, féitheoireacht a dhéanamh ar cheacht Gaoluinne? An dall ag déanamh eolais don dall. Níl aon fhoighne agamsa don tsórt sin géaitsíochta. Braithim cráite, mí-thuisceanach agus cantalach.
    Mholfainn do hUdaráis an Choláiste níos mó iar phríomhoidí a hireáil mar fheitheoirí mar ar a laghad bheadh fios a ngótha acu chomh maith le Gaoluinn mhaith agus anuas air sin ba fhíormhúinteoirí iad.

  • Advertisement
Advertisement