Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

lánúin le Gaeilge- comhairle

  • 10-12-2010 10:16pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭


    An bhfuil aon chomhairle ag aon duine anseo chun triail a bhaint as mo chailín Gaeilge a fhoghlaim, níl suim ar bith aici inti, aon tactics?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,905 ✭✭✭Aard


    B'fhéidir an fáth is úsáidtí ná go mbeadh sibh in ann caint gan daoine eile do bhur dtuiscint.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 35 Tenente


    Nótaí/ litreacha/cartaí nó teachtaireacht teacs ghrá i nGaeilge. B'fheidir ba mhaith leí giota beag Gaeilge a foghlaim ma tosaigh tú ag scriobhadh i nGaeilge. Is teanga romansúil í, a stór, a chroí!

    Nó ceannaigh "Scrabble as Gaeilge" mar bronntanas Nollaig di!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Ná brú an iomarca. 'Is féidir asal...'

    Mol agus spreag í chun Gaeilge a úsáid. Má's féidir seol í chuig Gaeltacht maith!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Go raibh maith agaibh as bhur moltaí. Déanfaidh mé iarracht uirthi iad


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,921 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Nach uafásach an trua é go bhfuil Gaeilge agam, agus an-chuid fós ag mo mhuirnín ón Ardteist, ach ní úsáideann muid é ar chor ar bith eatrainn féin? Dúirt sí "slán" liom ar maidin, ach ní leor sin. N'fheadar cén fáth nach mbíonn níos mó Gaeilge eatrainn.

    B'fhéidir go gcaithfidh mé iarracht níos láidre a dhéanamh :o


  • Advertisement
  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Ná cuir brú ar d'iníonn a OP.

    Tá cosúlacht idir do scéalsa agus scéal na dtuistí a chuireann brú ar pháistí an pianó nó uirlis éigin eile a fhoghlaim. Déanann siad cupla bliain leis an uirlis agus ní úsáideann siad arís é. Is fuath leo ag dul go dtí na ceachtanna ceoil, agus bíonn siad ag gearán an t-am ar fad faoi.

    Tabhair seans di an teanga a chloisteáil agus a úsáid, ach ná cuir brú uirthi. Má bhíonn 'negative connotations' aici leis an teanga, tá dochar seachas rud maith déanta agat. Is dóigh liom go mbeadh sé níos fearr dá mbeadh sí gan aon Ghaeilge ar chor ar bith in áit beagáinín Gaeilge a bheith aici ach gráin aici don teanga.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Níl mé ag caint faoi m'iníon mar níl clann agam ar chor ar bith, Tá mé ag caint faoi mo leannán


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Brón orm!

    Níl mórán codlata faighte agam an tseachtain seo- caithfidh mé bheith níos cúramaí agus mé ag léamh!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    fadhb ar bith :)


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Níl aon réiteach ach bruinneall Ghaelach a fháil ina háit.


  • Advertisement
  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Tóg í go dtí an ghaeltacht ar feadh deireadh seachtaine. Ach mar a dúirt duine amháin anseo - Na chur brú uirthi.. Bheadh sin níos measa. Is féidir leat cúpla rud bheag a dhéanamh chun é a chur chun cinn..

    B'fhéidir movie night léi. Scannán gaelach nó rud éigin.. Cé chomh fhada atá sibhse le chéile?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    ocht mbliana


  • Closed Accounts Posts: 20,759 ✭✭✭✭dlofnep


    Comhghairdeas! :P


  • Closed Accounts Posts: 16 Guevara78


    Tá mo bheirt chairde ag siúl amach le mná ó thíortha eile- bean amháin ón tSlovéin agus an bean eile is as an Nua-Shéalainn í. Tá na mná ag dul go dtí ranganna Gaeilge agus ag éirí go maith. Bím ag labhairt Gaeilge lem chairde i gcónaí cé go bhfuil muid ón nGalltacht agus thug na mná é sin faoi dheara go bhfuil Gaeilge againn mar ghnáth theanga labhartha seachas mar caitheamh aimsire agus glacann siadsan leis anois. Mo chomharle duit ná í a thabhairt leat nuair a chasfaidh tú le do chairde le Gaeilge agus tuigfidh sí go bhfuil an teanga tabhachtach duit agus mar ghnáth theanga labhartha. Go néirí go geal leat!!


  • Registered Users Posts: 31 adelarge1


    Crosáidí wrote: »
    An bhfuil aon chomhairle ag aon duine anseo chun triail a bhaint as mo chailín Gaeilge a fhoghlaim, níl suim ar bith aici inti, aon tactics?

    ta cleas agam duite:D labhair gaeilge lei agus lig ort nach bhfuil aon bearla agat.


  • Registered Users Posts: 405 ✭✭doubleglaze


    Seinn Amhrán an Ghaeilgeora Mhóir di.

    http://www.youtube.com/watch?v=0dOFOcKK0Lo

    Ansin abair léi má tá An Fáinne uaithi, go gcaithfidh sí séipeáil suas.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Is brea liom an t-amhrán sin!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,044 ✭✭✭deirdremf


    Crosáidí wrote: »
    An bhfuil aon chomhairle ag aon duine anseo chun triail a bhaint as mo chailín Gaeilge a fhoghlaim, níl suim ar bith aici inti, aon tactics?
    Crosáidí wrote: »
    Níl mé ag caint faoi m'iníon mar níl clann agam ar chor ar bith, Tá mé ag caint faoi mo leannán
    Roinnt ceisteanna agam i dtosach - mar níor thug tú mórán eolais dúinn faoi do chás.
    An Éireannach í?
    Ar fhoghlaim sí Gaeilge ar scoil?
    An bhfuil sí i gcoinne na Gaeilge, nó díreach patuar?

    An bhfuil sé i gceist agaibh páistí a bheith agaibh?
    Mar má tá, agus má tá roinnt Gaeilge ag do chailín, fan go dtí go dtiocfaidh páiste ar an saol. Ach bíodh a fhios aici roimhré go bhfuil sé i gceist agat an Ghaeilge a labhairt leis an bpáiste!
    Nuair a thosós an pháiste ag freastal ar an nGaelscoil, feicfidh tú athrú áirithe, murar bhfeice tú athrú roimhe sin.

    Ach thairis sin, bain triail as na teachtaireachtaí grá as Gaeilge. Má tá misneach agat chun bhur nósanna a bhriseadh ...


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 4,057 ✭✭✭Krusader


    Níl sí in aghaidh na Gaeilge, níl clann againn go fóill ach dúirt sí go dtabharfaidh sí tacaíocht dom nuair a thiocfaidh an clann go mba cheart dóibh Gaeilge a fhoghlaim agus Gaelscoil a fhreastal. Measaim go bhfoghlaimeoidh sí cúpla focal nuair a tharlóidh sé sin


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 266 ✭✭snooleen


    Chun a bheith macánta, níl an Ghaeilge suimiúl do dhaoine óga atá ag foghlaim í sa scoil. Agus ceapaim go chfuil an ceart acu-cad atá suimiúl faoi rialacha ghramadaí a fhoghlaim agus foclóir a fhorbairt? Bhí mise mar an gcéanna ach nuair a d'fhreastal mé ar an nGaeltacht nuair a bhi mé dhá bhlian déag d'aois bhain mé an-taitneamh as agus as an dteanga a úsáid. Amach ó sin, bhí suim agam sa Ghaeilge sa scoil agus anois táim ag déanamh í mar ábhair roghnacha.

    Nuair atá tú ábalta an teanga a labhairt, athraíonn gach rud. Feiceann tú tábhacht an teanga agus an tábhacht a bhaineann leis í a choinneáil agus a labhairt. Ach muna bhfuil suim aici dul chuig an Gaeltacht, ná cuir brú uirthi. Má's maith leí, tógfaidh sí suim sa theanga :) G'néirí leat!


  • Advertisement
Advertisement