Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Agallamh Drámatúil - Moltaí?

  • 16-02-2011 11:31am
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭


    Do scríobhas an sliocht seo cúpla oíche ó shin. Níl sé ró-chruinn ó thaobh gramadaí de. Seo an chéad dréacht, is níl dul siar déanta agam air fós. Scríobhadh an chuid is mó de gan úsáid a bhaint as foclóir nó aon rud mar sin.

    Tá seans go gcuirfidh mé isteach i gcomórtas scríbhneoireachta é, anso sa choláiste. Mar sin, tá critic ag teastáil uaim. Más maith le héinne é a léamh agus do léirmheas a dhéanamh bheinn an-bhuíoch de. :)

    Tá beirt ag caint ann:
    -Glac peann agus té ag scríobh, a chara!

    -Tá peann im lámh agam anso, Rob. Ach n'fheadar céard faoi a scríbhfidh mé?

    -Pé rud ar bith! Is cuma!

    -Ní haon cabhair sin dom.

    -Right, tá brón orm. An bhfuil suim agat in aon ábhar ar bith?

    -Tá, i rudaí áirithe!

    -I rudaí áirithe, an ea? Nó in aon rud amháin?!

    -Feic as, a phleidhce! Aithním an meangadh gránna sin ar d'aghaidh.

    -Ó, an aithníonn tú? Bhuel, níl aon bhac ar mo shúile ach an oiread! Chonaic mé tú, agus Rachel ag siúl thart cúpla nóiméad ó shin, agus na súile amuigh ar stalks agat ina diaidh!

    -Dún do chlab! Haha! Táim ag éirí as foighne leat!

    -Níl tú, is tá a fhios agam nach bhfuil! Tá d'intinn ró-ghnóthach leis an filly sin ag rith tríd. Rudaí áirithe, mar dhea! An rud sin idir do ghlúinne, sin an méad atá ar d'aigne!

    -An fhadhb é sin?! Sure bíonn tú díreach mar an gcéanna pé oíche a bhíonn tú sa chlub! Ag luascadh timpeall an dance-floor i ndiaidh an divining rod sin. Ar a laghad táim deabhéasach nuair a bhíonn Rachel timpeall na háite.

    -Bíonn tú chiúin, gan dabht. Ha, cheapadh sí gur duine aisteach tú.

    -Táim chomh haisteach le haon duine eile, sin an méad!

    -Sin an méad, ach níl aon gá a bheith chomh soiléir faoi! Caithfidh tú bheith mar an sean-chóipleabhar sin ar an mbord. Ná lig ort go bhfuil an iomarca ar siúl ar an gclúdach agat, cé gur féidir leat an-chuid rúin a chlúidigh faoin surface!

    -Ní mór duit an íoróin a fheiscint ansin!

    -Ó, cím é, ach bainim taitneamh as a bheith iorónach! Is fear iar-nua-aoiseach mé, a Bhriain.

    -Sin go maith duit. Táim fós gan aon rud ar an leathanach seo.

    -Right, beir greidhm ar an bpeann sin anois! An bhfuil sé agat? Now, bíodh Rachel id cheann agat, má cabhraíonn an nós sin leat, is ná stop ag croitheadh an pinn go dtí go bhfuil sásamh bainte amach agat!

    -Tusa leis an feckin' ceann salach sin ort!

    -Nach fearr ceann lán salach thar cheann íon folamh?

    -Hmmm. Cogar, ní féidir liom m'ainm a chur le píosa scríbhneoireachta mar sin. Nach féidir leat aon rud a mholladh dom seachas cúrsaí collaí?

    -An molfá aon rud eile d'éinne?! Haha. Níl aon rud cearr leis, a chara. Seo an t-aonú hAois is fiche, leaid. Mholfainn deoch nó dhó duit, dá gceapfainn go ndéanfadh sé aon maitheas duit.

    -Nílimid go léir tugtha don óil anseo! B'fhéídir oíche amárach. Bheadh pionta phórtair go deas, isteigh i bpub ciúin éígin. Bhuel, tá siad go léir ciúin anois, ach tuigeann tú mé. Beidh na sráideanna cosúil le radharc slua ó scannán uafáis istoíche don seachtain seo, leis an Institiúd Teicneolaíochta ag ceiliúradh.

    -Nach mbeidh tú ag gleacadh páirt freisin? Ah man, tá tú ró-dháiríre ar fad!

    -B'fhéídir go bhfuil mé ag éirí beagáinín sean! Haha. Táim tuirseach tar éis an mhaidin a chaitheamh sa spórtlann.

    -Ó 'sea, ag obair ar na guns chun dul i bhfeidhm ar Rachel! Is imreoir tú, a Bhriain.

    -Ah, ach cén cluiche atá á imirt agam? Bhéinnse ádhúil dá mbeadh níos mó ná imirteas focail ar siúl agam. Cén duais atá ar fáil don gcomórtas so ar aon nós?

    -Duais? Níor chualathas aon rud faoi duaiseanna. Is cuimhinn liom nuair a scríobh tú ar son na healaíne amháin. Bhíodh gach rud daithiúil is gránna á scrúdú agat! Is anois ní féidir leat tada a rá? Céard a tharla?

    -Is cuimhinn liom é chomh maith. N'fheadar céard a tharla. Chaileas an splainc anuraidh. Anois, tá an neart imithe uaim. C'mon, beidh dinnéir againn. Scríbhfidh mé rud eigin níos déanaí.


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 865 ✭✭✭Stollaire


    Tá sé go maith, ach níl sé fíor-drámatúil, leis an fhírinne a rá.
    D'fhéadfá an ghramadach a fheabhsú beagáinín freisin.
    http://borel.slu.edu/gramadoir/foirm.html

    An locht is mó atá agam leis ná ní féidir liom an radharc a shamhlú; óir níl aon chúlra tugtha don radharc. Cén fáth go bhfuil duine ag iarraidh scríobh, agus duine eile ag rá leis scríobh? An bhfuilid i scoil? Cad é an caidreamh eatarthu? Tá cuma ar an scéal gur múinteoir duine amháin acu agus dalta an mhúinteora an duine eile, ach níos faide síos táid ag caint faoi chlub oíche!

    Lasmuigh de sin; thaitin líofacht an chomhrá liom agus an chaoi a bhfuil sé scríofa i gcaint na ndaoine.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,916 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Míle maith agat! Sin buntáiste an dara péire súile.

    Aontaím leat ar ghach phointe. Caithfidh mé é a fheabhsú.

    Tá seans go ndéanfaidh mé gearrscéal de. Ní dóigh liom go mbeinn in ann an radharc a chruthú gan úsáid a bhaint as meán níos oscailte.


  • Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 2,503 Mod ✭✭✭✭dambarude


    Ní haon saineolaí mé (agus sin an fhírinne) ach mar ghnáthléitheoir, aontaím leis an méid atá ráite ag Stollaire.

    Ba dheacair dom comhthéacs an phíosa a shamhlú. Ach seans go raibh tú ag iarraidh go mbeadh sé mar sin? Nach ndéanfaí an iomarca a rá faoi chúlra/chomhthéacs an chaidrimh idir an bheirt? Dá gcuirfeá abairt bheag faoin gcomhthéacs sin isteach ag an tús is dóigh liom go gcabhródh sé go mór leis an léitheoir, ionas nach mbeadh sé ag smaoineamh faoin gceist 'cé atá ann, agus cá bhfuil siad?' agus é ag léamh. (Táim ag ceapadh nach air sin atá béim an phíosa leagtha). Ní dóigh liom go mbeadh sé riachtanach scéal a dhéanamh de.

    Go n-éirí leat leis a IO.


Advertisement