Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie

Dánta nua.

Options
  • 16-04-2011 3:07pm
    #1
    Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,905 Mod ✭✭✭✭


    Do fuaras comhairle den scoth anseo anuraidh nuair a bhí dánta eile le ceartú agam. Táim tar éis feabhas a chur ar mo chuid gramadaí amach as sin, ach fós féin tá a fhios agam nach bhfuil gach aon riall ar eolas agam. Mar sin, bheinn fíor-bhuíoch dá dtabharfadh sibh cabhair liom leis an saothar seo.

    1.
    Mothaim fuinneamh ionam inniu,
    Fuinneamh neirbhíseach an dalta
    Ar lá roimh sprioc-dáta
    Is gan an obair bheith déanta.

    Ritheann na huaire ina nóiméid
    Agus chreidfeá go bhfuil gach doras
    Á dhúnadh go ró-luath.

    Bagraíonn oíche gan chodladh mé
    Le meangadh gránna dorcha.

    Aoibhinn laethannta deiridh mo bheatha mar scoláire.

    2.
    Feicim m'ainm i gcló dubh na hirise
    Agus saothar simplí ós cionn
    Agus is beag nár aithním é
    Mar mo scríbhneoireacht féín.

    Tá sé chomh fada sin ón lá
    Ar a scríobhadh iad go seasann
    Siad romham ina n-íomhánna scamallach'
    Nós scáthán bréagach nó griangraf gan flash.

    Mé féin atá iontu, tá fhios agam,
    Sa slí chéanna go bhfuil píosaí díom
    Sna phictiúir a thógas agus mé im gharsún;
    An duine céanna, ach roimh fhorbairt phearsa.

    Ach, ah, táim ró-dháiríre!
    Táim bródúil astu, déanta na fírinne.

    3.
    D'fhéachas amach tríd an fhuinneog inniu
    Is do chonac draíocht an earraigh
    Mar dhea is gur phléasc na crainn thar oíche
    Mar feileachán ag éalú ó chrysalis.
    Déántar dearmad ar a bhfoirme loma chreatlacha,
    Bindealán bog mín glas ar ghach chnámh anois,
    Agus titeann céad chith d'Aibreán
    Ag múchadh tarta na páirceanna théis coicís geal te.


Comments

  • Registered Users Posts: 941 ✭✭✭An gal gréine


    Do fuaras comhairle den scoth anseo anuraidh nuair a bhí dánta eile le ceartú agam. Táim tar éis feabhas a chur ar mo chuid gramadaí amach as sin, ach fós féin tá a fhios agam nach bhfuil gach aon riall ar eolas agam. Mar sin, bheinn fíor-bhuíoch dá dtabharfadh sibh cabhair liom leis an saothar seo.

    1.
    Mothaim fuinneamh ionam inniu,
    Fuinneamh neirbhíseach an dalta
    Ar lá roimh sprioc-dáta
    Is gan an obair bheith déanta.

    Ritheann na huaire ina nóiméid
    Agus chreidfeá go bhfuil gach doras
    Á dhúnadh go ró-luath.

    Bagraíonn oíche gan chodladh mé
    Le meangadh gránna dorcha.

    Aoibhinn laethannta deiridh mo bheatha mar scoláire.

    2.
    Feicim m'ainm i gcló dubh na hirise
    Agus saothar simplí ós cionn
    Agus is beag nár aithním é
    Mar mo scríbhneoireacht féín.

    Tá sé chomh fada sin ón lá
    Ar a scríobhadh iad go seasann
    Siad romham ina n-íomhánna scamallach'
    Nós scáthán bréagach nó griangraf gan flash.

    Mé féin atá iontu, tá fhios agam,
    Sa slí chéanna go bhfuil píosaí díom
    Sna phictiúir a thógas agus mé im gharsún;
    An duine céanna, ach roimh fhorbairt phearsa.

    Ach, ah, táim ró-dháiríre!
    Táim bródúil astu, déanta na fírinne.

    3.
    D'fhéachas amach tríd an fhuinneog inniu
    Is do chonac draíocht an earraigh
    Mar dhea is gur phléasc na crainn thar oíche
    Mar feileachán ag éalú ó chrysalis.
    Déántar dearmad ar a bhfoirme loma chreatlacha,
    Bindealán bog mín glas ar ghach chnámh anois,
    Agus titeann céad chith d'Aibreán
    Ag múchadh tarta na páirceanna théis coicís geal te.

    Tá saothar mór déanta agat ansin.
    Cupla mion-rud, dár liom.

    1. Mothaím.
    2. ..nach n-aithním é (nó) nár aithin mé é.
    2...sa tslí ..sna pictiúir.
    3...féileacán...déantar...ar gach..na bpáirceanna.

    Sin mar a fheicim é a Insect Overlord..ach faigh barúil eile.


  • Registered Users Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    1.
    Mothaím fuinneamh ionam inniu,
    Fuinneamh neirbhíseach an dalta
    Ar lá roimh spriocdháta
    Is gan an obair a bheith déanta.

    Ritheann na huaireanta ina nóiméid
    Agus chreidfeá go bhfuil gach doras
    Á dhúnadh go róluath.

    Bagraíonn oíche gan chodladh mé
    Le meangadh gránna dorcha.

    Aoibhinn laethanta deiridh mo bheatha mar scoláire.

    2.
    Feicim m'ainm i gcló dubh na hirise
    Agus saothar simplí ós a cionn
    Agus is beag nach n-aithním é
    Mar mo scríbhneoireacht féin.

    Tá sé chomh fada sin ón lá
    Ar a scríobhadh iad go bhfuil siad ina
    Seasamh
    romham ina n-íomhánna scamallacha
    Ar nós scátháin bhréagaigh nó griangraf gan flash.

    Mé féin atá iontu, tá a fhios agam,
    Sa tslí chéanna go bhfuil píosaí díom
    Sna pictiúir a thógas agus mé im gharsún;
    An duine céanna, ach roimh fhorbairt phearsa.

    Ach, ah, táim ródháiríre!
    Táim bródúil astu, déanta na fírinne.

    3.
    D'fhéachas amach tríd an bhfuinneog inniu
    Is do chonac draíocht an earraigh
    Mar dhea is gur phléasc na crainn thar oíche
    Mar fhéileacán ag éalú ó chrysalis.
    Déantar dearmad ar a bhfoirmeacha loma creatlacha,
    Bindealán bog mín glas ar gach cnámh anois,
    Agus titeann an chéad chith Aibreáin (1st) / Agus titeann céad cith Aibreáin (100)
    Ag múchadh thart na bpáirceanna théis coicís geal te.


    Maith thú. Tá cumas iontach ionat!


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,905 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Do thánaís chugam ar an
    Satharn mar mo chéad chathú
    Agus mé sa fásach,
    Tusa féin á n-ofráil dom,
    Do dhuine gan aon chreideamh
    Seachas muinín ina chairde
    Agus muinín ann féin dul
    Gan díobháil a dhéanamh,
    Is ar eagla go mbeinn ciontach
    Ní rabhas in ann dom féin a ligint
    Páirt a ghlacadh sa mhéad
    A mhúchfadh an tart atá orm,
    Diúltú searbh a chuir i ndólás tú,
    Do chéad diutú riamh.
    Do sheolas abhaile tú is imíos
    Uait ar mo bhealach féin,
    Gan a fhios agam cathain
    A bhuailfimis le chéile arís,
    Nó conas gur éirigh an dílseacht seo
    Chomh láidir ionam,
    Dílseacht don chara geal sin
    Is a chroí, an croí a bhrisfeá dó
    Muna mbeinn mar atáim.


  • Moderators, Social & Fun Moderators, Society & Culture Moderators Posts: 30,905 Mod ✭✭✭✭Insect Overlord


    Beidh leagan nua den dán "Cló Dubh" i mo chnuasach nua, "Ar An Leoithne", a thiocfaidh ar an margadh go luath. Dochreidte, beagnach, go bhfuilim ag obair air chomh fada seo!



Advertisement