Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Club Gaeilge sa scoil
Options
-
30-08-2012 6:41pmDia Dhaoibh gach duine,
Tá mé i seú bhliain i meánscoil an bhlian seo agus tá mé féin agus cuplá do mo chairde ag cur tús ar club Gaeilge i mo scoil (scoil lán buachaillí) le haghaidh daltaí as chead bhliain. Beidh sé ar súil ag am lón lá amhain as gach seachtain. An cúis le haghaidh an post seo ná táimíd ag iarraidh smaointe le haghaidh rúdaí le deánamh sa club. Táimid ag iarraid focasaigh ar Gaeilge labhartha ach tar éis é sin níl a lán smaionte againn, bfheidir cúpla comórtais nó cluichí ach sin é. Tá cead againn as ár bpríomhoide cúpla aoichainteoirí a tabhair isteach go dtí an scoil freisin so má tá fhias agat ar duine éagain abair é dom le do thoil. Mar sin, táímíd ag iarraidh do cabhair. Má tá aon smaointe agat chuir iad síos anseo le do thoil. Freisin, má tá aon smaointe agat chun daoine a fháil chur iad síos freisin le do thoil ach ná deán dearmad tá siad i chéad bhliain agus mar sin tá brú orthu óna gcairde agus cad a cheapann gach duine eile cad atá "cool".
Go raibh míle maith agaibh
Hi guys,
I'm currently in sixth year in an all boys school and me and a few of my mates are trying to set up an Irish club for first years in the school. Its basically just to get them talking Irish and having a bit of craic at the same time. The club would be on at lunch one day a week, for about half an hour. Thing is we don't really have that many ideas for things to do with them. We were thinking of maybe having a few competitions and playing a few games but apart from that we don't really have any idea what to do. We have permission from the Principal to bring in any guest speakers or anything like that but we need ideas for things to do each week. If anyone has any ideas on someone to bring in that would also be greatly appreciated. If anyone has any ideas please feel free to post them below. Also if anyone has any ideas on encouraging them to join the club in the first place that'd be great, bearing in mind that they are first years and so easily susceptible to peer pressure and the idea of what's cool and what isn't etc.
ThanksTagged:0
Comments
-
Hi Raeral.
Fair Play duit, the below list was given to me by Aodhán Ó Deá, he is the Third Level officer with Conradh na Gaeilge, he works with second level as well, he's well worth getting in touch with, he's the guy who gives out all the free stuff, CD's, stickers etc, PM Me for his number.
Bear in mind that the list is aimed at Third level Cumann Gaelach's, so some of it won't really be suitable, still I'm sure you will see a few ideas you like.
IMEACHTAÍ ‘An bhfuil tu níos cliste ná na léachtóirí?’
12 pub na Nollag
Agallaimh Bheirte, lúibíní is araile
Aifreann lán-Ghaeilge/dátheangach
Aíonna- Des Bishop, Dara Ó Briain, Heathers, Coronas, Dirty 9s,
Amhráin a aistriú go Gaeilge
Amhrán an choláiste as Gaeilge
An Fhéile Cheilteach
An Fugitive Gaelach- duine difriúil ag caitheamh éadaí éagsúla gach lá, agus bhí ar dhaoine ceist a chuir orthu, “An tusa an Fugitive Gaelach?”
An Liathróid (‘’Bál na Gaeilge’’ neamhfhoirmiúil- oíche amuigh i gclub oíche)
An Mhaidin Caife bhliantúil
An Mháirt Nimhneach
Aoichainteoir - stair na Chumann Lúthchleas Gael, deiseanna fostaíochta san earnáil gaelach.
Athraigh Teangacha- imeacht le cumainn eile teanga agus cuid den teanga a mhúineadh dá chéile
Babhláil mar ghrúpa
Bailiúchán airgid do charthanachtaí ar maidin ar lá Gaeilge
Bainisteoir Cáiliúil
Bál Ceilteach
Bál Gaelach/Bál na Gaeilge
Bál na dTeangacha i bpáirt leis na cumainn teangacha eile
Balla na Gaeilge a chruthú sa choláiste, eolas, póstaeir agus ealaíon as Gaeilge
Banna Ceoil cáiliúl le hamhráin Ghaeilge
BBQ le bior-róst(spit roast)
Biongó as Gaeilge
Blaiseadh Fíona is Cáise
Bolscaireacht/grúpaí a eagrú le haghaidh ócáidí sóisialta atá á n-eagrú ag dreamanna lasmuigh den choláiste, m.sh drámaí/imeachtaí as Gaeilge.
Bréagchúirt sa choláiste/mar chuid de Bhréagchúirt Uí Dhálaigh
Bricfeasta/ maidin caife trí Ghaeilge
Buail le chéile ag Café sa chathair/baile mór agus comhrá Gaeilge a bheith ann, eolas a scaipeadh air seo
Búzcrúz-Booze Cruise as Gaeilge ar an tSionainn
Cabaret Craiceáilte- eagraigh bhúr gceann féin nó freastal ar cheann Rónáin ó RnaG mar ghrúpa
Cabhrú le naoínraí/Gaelscoileann/coláistí
Cabhrú le scoil, bun nó meánscoil áitiúil, le ranganna Gaeilge cainte a chur ar fáil
Caife agus Comhrá
Campáil as Gaeilge a eagrú ag na féilte móra ceoil; An Picnic Leictreach, Oxegen is mar sin de.
Campáil as Gaeilge- in Éirinn nó i gCeanada, An Beilg
Carúil na Nollag a déanamh ar son carthannais
Catch the Leprechaun
Cath seanfhocal
Cé chomh glan is atá do theach? – clár teilifíse ar champas/seó
Ceardlann amhránaíochta, drámaíochta, scríbhneoireacht le Cló-iar Chonnachta, Áiseanna Múinteoireachta na Gaeilge, ceol, damhsa
Ceardlann“Ár dTeanga Mo Rogha” Ceardlann maidir le cearta teanga - úsáid na Gaeilge sa Choláiste – Aoichainteoir ó eagraíocht Ghaeilge
Céilí / Cóisir na Nollag i mBaile Átha Cliath le cúpla Cumann Gaelach eile. Bus á eagrú i gcomhair 100 mac léinn
céilí + cluiche na ndealbh - éasca le eagrú le ceol no banna trad sa bhar ar champas
Céilí ar phríomhshráid – bobghaiste (Flash céilí)
Céilí Glasanna
Céilí na bhFreisear -Príomhimeacht na Seachtaine - 500 duine sa bheár – Céilí trí Ghaeilge
Céilí na bPobal (mar chuid de Sheachtain na Sláinte Intinne.)
Céilí na Nollag
Céilí Soilse Tráchta
Céilí taobh amuigh sa choláiste nó sa chathair
Celebrity Bainisteoir le CLG OCBÁC agus Na Gaeil Óga
Ceol – Taifead le clár raidió- traidisiúnta- Céilí House ar RTÉ
Ceolchoirm – an grúpa Kíla
Ceolchoirm-ceol uainn féin/amhráin a aistriú
Ceolchoirm-ollmhór (le daoine eile lasmuigh de bhúr gcoláiste féin)
Ceoldráma nó Geamaireacht/ pantó as Gaeilge
Ciorcal Comhrá Rialta - comhrá-réchúiseach deis cleachtadh
Ciorcal léitheoireachta
Cistin Anraith/carthanachta a eagrú/ i gcomhpháirt le carthanachtaí
Clár raidió
Cleamhnas- ar nós an tseó teilifíse
Club leabhar, bunaithe ar leabhair Ghaeilge, ón leabharlann
Cluiche bleachtaireachta "Fiosrú Dúnmharaithe" as Gaeilge (grúpa beag go leor)
Cluichí agus cártaí trí Ghaeilge.
Cócaireacht as Gaeilge
Coirpeach na Gaeilge
Cóisir dírithe ar daoine ar champas
Cóisir Ghléasta- figiúirí stairiúla na hÉireann
Cóisir ghléasta na Samhna
Cóisir na Nollag
Cóisir tí ar champas, dul go tithe éagsúla, is Gaeilge a spreagadh
Cóisir UV
Colláis(collage) a dhéanamh le ArtSoc
Comharthaí- ealaíon- Gaeilge Gnéasach
Comhoibriú le carthanachtaí
Comhoibriú le cumann eile
Comórtais spóirt
Comórtas Amhrán nuachumtha as Gaeilge
Comórtas Amhránaíochta as Gaeilge
Comórtas an ghoile gharbh (Iron Stomach)
Comórtas cainte poiblí
Comórtas Ceoil trí Ghaeilge
Comórtas Cumadóireachta Rapcheoil- rap off
Comórtas Damhsa ar an Sean-nós
Comórtas Déanta Fear Sneachta(sa Gheimhreadh amháin, tá súil againn!)
Comórtas deartha as Gaeilge
Comórtas Ealaíne
Comórtas Filíochta ar champas, comórtas gearrscéalaíochta
Comórtas Greannáin (Comic Books) as Gaeilge
Comórtas grianghrafadóireachta-téamaí Gaeilge/gaelacha
Comórtas iriseoireachta
Comórtas liathróid láimhe
Comórtas Mú agus Bú” ar siúl- beirt shonóg againn, dhá bhó gléasta suas, ag siúl timpeall na hollscoile. Bhí ar dhaoine pictiúr a fháil leo, é a chuir ar Facebook agus clib a chuir ar Chumann Gaelach OCBÁC. Bhuaigh an céad cúigear a rinne é seo cochaill.
Comórtas ollmhór sa pheil Ghaelach idir foirne as na scoileanna éagsúla ar fad.
Comórtas Peile na Gaeltachta don Ollscoil
Comórtas póstaeir a dhearadh
Comórtas Quidditch/Peile trí Ghaeilge Foireann ó gach cúrsa sa Choláiste. Pionós má tá Béarla le cloisteáil ó fhoireann ar bith. Réiteoireacht agus rialacha trí Ghaeilge
Comórtas sa Pheil Ghaelach nó Sacar as Gaeilge
Comórtas Scrabble as Gaeilge
Comórtas Treabhadóireachta Náisiúnta National ploughing champs
Comórtas Wii/ pro-ev
Cór Gaeilge a bhunú
Countdown trí Ghaeilge
Cow Bingo?
Crash Gaeilge… Do mhic léinn gan aon Ghaeilge
Cruthaigh duais agus ansin tabhair cuireadh do dhuine mór le rá agus bronn orthu é!
CTN-Dráma as Gaeilge
Cuir dúbail ar scannán as Gaeilge
Cuirtear sceideal TG4 ar crochadh ar Bhalla na Gaeilge.
Cúrchéilí
Cúrchóisir
Curiarracht Domhanda in éineacht le TG4 as Gaeilge
Cúrsaí agus ranganna éagsúla ag imirt in aghaidh a chéile trí Ghaeilge- Réitóirí ag labhairt as Gaeilge- Píonóis i gcoinne aon foireann nach usáideann an Ghaeilge
Cúrsaí Spóirt: an club sodair; an fhoireann camógaíochta; l; an club peile
Daidí na Nollag rúnda
damhsa gléasta
Damhsa Seite
Daoine Cáiliúla -Séan Óg, Páidí Ó Lionáird, Glen Hansard, Luke Fitzgerald, Des,Hector, Des Bishop/Hector/Dara Ó Briain
Dáta dall- blind date
Deochanna roimh dhul amach- bualadh in áit faoi leith le grúpaí de Ghaeil
Dialann Físe ar suíomh BnaG
Díolacháin Cístí/Cácaí Milse
Díospóireacht as Gaeilge ar ábhar reatha
Díospóireacht idir lucht leighis agus treibh na tréidlíochta
Díospóireacht in éadan Choláiste eile.
diospóireacht leis an gCumann Dlí agus leis na cumainn pholaitiúla
Díospóireacht –mic léinn agus aoichainteoirí cáiliúla (mar shampla Éamon Ó Cuiv agus Harry McGee.
Doras na Gaeilge- faigheann daoine milseáin má tá siad sásta Gaeilge a labhairt, nó gan chead dul tríd!
Doras oscailte sa scéim chónaithe
Dornálaíocht an Bhóna Bháin
Dráma trí Ghaeilge i bpáirt leis an gCumann Drámaíochta sa Choláiste - dráma grinn trí Ghaeilge faoi shaol na Mac Léinn agus an grá
Dreolín sna clubanna
Duine ag dul tríd an champas ag caitheamh geansaí dearg mar shampla. Bíonn fhios ag gach duine go mbeidh an Fugitive ag caitheamh Dearg- Caithfidh siad teacht air agus ceist a cuireadh- “An tusa an Fugitive Gaelach”. iPod no duais mór le buachaint
Dul go drámaí Gaeilge in amharclanna móra; BAC/Gaillimh/Féile Drámaíochta Náisiúnta
Éacht aistriúcháin- Facebook nó Wikipedia a aistriú go Gaeilge
Eagraigh imeachtaí a dhíríonn orthu sin atá ina gcónaí ar champas/hallaí
Éalú, 24 uair chun taisteal go dtí an méid is mó contae is ar féidir gan pingin, cúpla foireann le 3nó4- déan iarracht imeacht ón gcoláiste gan Béarla agus gan airgead.
Erasmus Society- déantar imeachtaí leo; céilithe, ranganna éasca greannmhara Gaeilge.
Faigh an méid duine is féidir chun Gaeilge a labhairt ar feadh 24 uair mar dúshlán.
Fán-seinm/Buscáil ar an tSráid
Féile Cheilteach
Féile Drámaíochta na gcoláistí 3ú Leibhéal.
Féile Dramaíochta na hOllscoile.
féile IMRAM.
Féilte áitiúla- eagraigh imeacht as Gaeilge iontu
Feirm factor le CAORA
File/seanchaí sa seomra caidrimh chomh maith le healaíontóirí éagsúla-léacht nó máistir-rang leo.
Físeán Gaeilge/amhrán a dhéanamh- ar nós Lurgan
Fleadh sa Choláiste
Focal an lae ar chóras ríomhairí an choláiste
Focal na Seachtaine - crochtar timpeall an Choláiste agus ar Bhalla na Gaeilge é
fógra mór curtha in aice lena mboird ‘Gaeilge agus Fáilte’.
FÓGRAÍOCHT don seomra caidrimh, má tá ceann agaibh
Foireann na hOllscoile/Léachtóirí ag úsáid Gaeilge ina léachtaí
Fugitive Gaeilge/Fugitive Gaelach
Gaeilge níos oscailte tábhachtach
Galf as Gaeilge
Geansaithe/t-léinte agus málaí le logo an Cumann.
Géilí i rith seachtain LGBT (daoine aeracha, déghnéasacha agus trasghnéasacha).
Gig Gaelach- cath na mbannaí le Gaeilge/amhrán Gaeilge
Glantachán gluaisteán as Gaeilge
Grá don Ghaeilge ar Choiscíní (Condoms)
Grúpa lúthschleasaíochta trí Ghaeilge
Halla Gaelach/ Doras Gaelach
Hiopnóis as Gaeilge (Zack Powers)
Imbolc- féile
Imeachtaí ar Lá Fhéile Vailintín; scóráil sciobtha, céilí rómánsúil!
Imeachtaí idir coláistí- tá gach rud níos fearr le beagán comórtasaíochta! Aimsigh coláiste eile atá sásta bualadh libh!
Imir cluiche peile lánGhaeilge i gcoinne Na Gaeil Óga
Ionadaí Gaeilge i ngach Scoil cosúil le class rep.
Karaoke as Gaeilge
Lá amháin- geansaithe glasa ag daoine le Gaeilge
Lá Fhéile Pádraig ar champas
Lá Gaeilge a eagrú ar an idirlíon- twitter, facebook is araile
Lá Gaelach/ Lá na Gaeilge
Lá gan Bhéarla
Lá na gClubanna/Seachtain na bhFreisear
Lá oscailte-níos mó fógraíochta!!! Eolas faoin scéin, faoi na cumainn Ghaelacha
Lá spóirt- duaiseanna
Labhair le bhur seanscoileanna féin faoin gcumann is faoin scéim le daoine a mhealladh.
Lainseáil balún mar chuid de fhógairt imeachtaí
Lascaine sna clubanna- má labhraíonn daoine Gaeilge
Léachtaí Reiligiún/oideachais á reáchtáil go dátheangach.
Léamh filíochta le filí móra agus mic léinn
Liathróid nó Bál
Lón le Gaeilge
Lón na Gaeilge don fhoireann.
Margaíocht Víreasach(Viral Marketing) le físeán
Mataí Beorach-Frásaí Gaeilge ar thaobh amháin
Meirge mór don chumann/Gaeilge (banner)
Mic oscailte
Míle an Man-cini
Mo chéad 1,2,3 – ranganna sa damhsa Gaelach
Monster Oll-Chéilí
Mórdhamhsa
My first Gaeilge- do mhic léinn idirnáisiúnta
Na cumainn dhíospóireachta sa choláiste a mhealladh le díospóireacht as Gaeilge a dhéanamh/ dul in iomaíocht leo.
Nasc cruthaithe le Club an Chonartha, Árais Ghaeilge, agus le Comhaltas le mic léinn a spreagadh le freastal orthu, leis an Siopa Leabhar is Cumainn Ghaelacha eile.
Oíche amach I dTábhairne Gaelach
Oíche amach le cumann eile
Oíche amach le lascaine
Oíche amuigh faoin aer, gan dídean le Gaeilgeoirí do charthanachtaí
Oíche bia Éireannach
Oíche Casino/ Cártaí Party
Oíche cultúrtha – muintir idirnáisiúnta
Oíche Dhathanna Contae
Oíche ghaelach-gig go hiomlán as Gaeilge
Oíche ghrinn, ceardlann ghrinn
Oíche Mhic Oscailte trí Ghaeilge -Comórtas le deichniúr mac léinn ag iarraidh an duais don duine is greannmhaire sa choláiste le Gaeilge. Ar siúl sa bheár – 200 duine
Oíche na mac léinn a chur ar siúl i gClub Áras na nGael/ Club Chonradh na Gaeilge/ teach tábhairne a labhraítear Gaeilge ann nó roghnaigh teach tábhairne is cruthaigh ceann ann!
Oíche Pócair
Oíche scannán Gaelach le Cumann Scannán
Oíche Scéalaíochta
Oíche Traidisiúnta
Oíche Úsáid do Theanga as Gaeilge
Oíche/laethanta gan alcól
Oilimpicí, i nGaeilge
Oireachtas na hOllscoile (Oireachtas Beag)
Oireachtas na Samhna- Faigh bus- faigh teach – sabháiste agus éasca
Paisean Faisean
Paráid agus imeachtaí ar lá randamach
Peigín Leitir Móir (Miss Gaeltacht Pageant) ach le buachaillí
Picnic na Gaeilge
Pionta a shlogadh siar- comórtas óil le huisce/ bainne
Piontaí a fháil le ordú as Gaeilge
Pógathon
Porters – dia duit
Póstaeir le nathanna cainte greannmahra a chrochadh timpeall na háite
Póstaer mór: “An Ghaeltacht” a chuir ag príomhbhealach isteach na hollscoile, do sheachtain na Gaeilge nó don bhliain
Póstaer, féilire, imeachtaí coláiste
Raidió na Gaeltachta -craoladh beo ón gcoláiste(clár Rónán Mac Aodha Bhuí)
Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, craoladh beo ón gcoláiste/clár a bheith agat leo/ agallamh leo
Rang ag múineadh Téacschaint as Gaeilge –an8 agus mar sin de.
Ranganna Damhsa
Ranganna do mhic léinn idirnáisiúnta
Ranganna Gaeilge
Rás Carthanachta trí Ghaeilge
Rás UCD
Rith 2012
Rith Buinsí/tarbhluascach -bungee run/bucking broncho
RnaG ag craoladh beo-buzz mór a chruthú.
Rós na hOllscoile
Rugbaí Res (cosúil le Sraith Sacair)
Scannán Gaeilge/Gaidhlig/Breatnais-le cumann na scannán
Scannán/ Clár Teilifís as Gaeilge
Scátáil Oighir
Scavenger Hunt timpeall Res ar fad
Scéim ó choláiste amháin in aghaidh scéim ó ollscoil eile
Sciúrd Tralaí (Supermarket dash)
Scóráil Sciobtha
Scoráil Sciobtha (Speed dating) as Gaeilge i mBeár na Mac Léinn ar an gcampas - 200 duine
Seachtain na bhFreisear – seastán le bronntanais
Seachtain na nGiobal (Rag Week) Buscáil do charthanachtaí
Seanfhocal na seachtaine
Seirbhís chúnaimh- crochadh thart as Gaeilge
Seirbhísí as Gaeilge a úsáid chomh fada agus is féidir, gearán a dhéanamh nuair nach féidir sin a dhéanamh le forais stáit ach go háirithe.
Seirbhísí Reiligiúin/ Neamh-reiligiúin lán-Ghaeilge
Séisiún Ceol a chuir ar súil i rith na seachtaine san ollscoil
Seisúin sna hárasáin
seó ceisteanna
Seo Faisean
Seo faisin as Gaeilge- le gúnaí/faisean ceilteach ann chomh maith
Seó Tallann as Gaeilge
Siopa- Gaeilge sa siopa i gcomhair lá amháin
Siúlóid faoin tuath/ timpeall ar ionad oidhreachta le treoraí le Gaeilge
Snámh
Sobal Clár ar Youtube le cumann drámaíochta
Sonóg
Sraith léachtaí – polaitíocht, Gaeilge, leigheas, tréidliacht, aon ábhar eile san ollscoil, logainmneacha an cheantair, béaloideas
Sraith spóirt- gach seachtain
Sraith Tag-Rugbaí
Sticéirí in aice le na scipéid(tíleanna) ar fad
Strippers as Gaeilge
Tacaíocht a thabhairt do dhaoine atá ag déanamh cleachtadh múinteoireachta i nGaelscoileanna.
Taispeáin clár cosúil le Paisean Faisean/South Park as Gaeilge gach seachtain
Taispeántas Rince Gaelach
Tar chun Dinnéir liom (Come Dine Liomsa)- dul áit difriúil gach lá
Tatúanna as Gaeilge (aerthatúanna)
Thraenáil do na coisteoirí nua
Tionscadal Ealaíne i rith Sheachtain na hEalaíne.
T-léinte as Gaeilge
Tobchéilí
Tobshlua (Flashmob) as Gaeilge- Sean nós, Amhrán na bhFiann
Tóg Amach Mé
Toraíocht taisce ar champas
Toraíocht Taisce timpeall na cathrach – scavenger hunt
Tórramh bréagach, cónra, fuisce, pórtar agus cluichí an tórraimh
Tóstal do dhaoine a bhuail lena chéile sa Ghaeltacht
Tóstal do na Cumainn Gaelaigh ar fad-teacht le chéile
Trad Discó
TradSoc /DJ sa chlub.
Tráth na gCeist
Tráth na gCeist le hAoichainteoir Tráth na gCeist sa bheár
Tráthnóna sóisialta le ceol agus soláistí.
Triatlón Spóirrt as Gaeilge
Trisco (Trad Discó)
Troid Uisce- ar nós LurganWaterfight as Gaeilge/ Troid sneachta (más ann dó!)
Troscadh ó bhia do charthanacht
Turas – Turas Rúnda agus Turas chuig Gaeltacht Chonamara i ndiaidh na Nollag.
Turas chuig an Gaeltacht….”D4 go Gaoth Dóbhair”
Turas chuig an mBruiséal
Turas chuig an nGaeltacht -Turas i gcomhair na mball nua ón gcéad bhliain chun aithne a chur ar a chéile. An Cheathrú Rua, Baile an Fhéirtéáraigh, Gaoth Dobhair, Rann na Feirste.
Turas go dtí an Bhreatain Bheag/ Eisteddfod
Turas go Dún Éideann chun ceangail a dhéanamh le Comann Ceilteach Ollscoil Dhún Éideann –
Turas go hAlban, foghlaim Gaidhlig na hAlban Gaelg Oileán Mhanann, maoiniú ó Iomairt Chomcille
Turas go Halla na cathrach /zú as Gaeilge
Turas go Ros na Rún
Turas Mistéire as Gaeilge
Turas Scavenger- leideanna as Gaeilge
Turas Timpeall na hOllscoile trí mheán na Gaeilge ar na Laethanta Oscailte
Twister ollmhór
Twister/cluiche ollmhór
UCD Ball/Trinity Ball/féile mhór de chuid an choláiste-seastán gaelach-ponchos le Gaeilge orthu/rud éigin úsaideach
Urlár oscailte-
Use Your Tongue” le Cumann Fraincise, an Cumann Gearmáinise, an Cumann Iodáilise, an Cumann Spáinnise, agus an Cumann Seapáinise.
Vox Pops Gaeilge- ceisteanna craiceála
X Factor as Gaeilge
Yes Gaeilge
FEACHTAIS
Acrainm Gaeilge na hOllscoile a bhrú chun tosaigh- msh COBÁC in áit UCD, COC in áit UCC agus mar sin.
An Ghaeilge a choinneáil is a láidriú mar ábhar acadúil sna Colaistí Oilliúna
Aontas na Mac Léinn – cead/ fáilte a bheith roimh dhaoine plé as Gaeilge leis na cruinnithe, iad a spreagadh le ar a laghad A chairde’ ‘slán’ ‘Conas atá sibh’ ‘a Chairde’ ‘Slán tamaill’ a úsáid ar dtús.
Freastal ar Ardfheis chonradh na Gaeilge mar chraobh is glac páirt lárnach ann
Biachlár sa cheaintín- bheith i nGaeilge/dátheangach
Bíodh oifigeach Gaeilge don aontas
Bíodh oifigeach Gaeilge don ollscoil
Bronnadh na gCéimeanna a dhéanamh dátheangach agus na céimeanna páipéir féin a bheith i nGaeilge
Brú a cuir ar na cumainn eile- fógraí dhátheangach
Brúigh leis an gcoláiste a chur faoi Acht na dTeangacha, Scéim Cónaithe a bhunú,
Ranganna Gaeilge cearta a rith, Oifigeach Gaeilge a fostú san ollscoil.
Bunreacht a dhéanamh, leagan Gaeilge de bhunreacht an aontais/an choláiste a dhéanamh
Cabhrú le Feachtas Chonradh na Gaeilge maidir leis an nGaeilge san Ard-teist –USI, na Cumainn Ghaelacha
Cabhrú leis an nGaeilge a mhúineadh i scoileanna faoi mhíbhuntáiste sa cheantar.
cárta na mac léinn
Céatadán áirithe de fhógraí/eile an aontais a bheith as Gaeilge- déan iarracht 25 ach bheadh 10% ina thús maith.
Greamaitheoirí /sticéirí agus fógraí taifeadta agus mar sin de a bheith i nGaeilge
Cinntigh go bhfuil ar a laghad leathanach nó leathanaigh Ghaeilge ar an nuachtán ollscoile.
Cinntiú go bhfuil Gaeilge in aon rud a íocann mic léinn as ach go háirithe- is éasca seo a iarradh nuair a íocann sibh féin as!
Clárúchán a bheith ar fáil as Gaeilge/ sainseirbhísí a úsáidtear go minic ar dtús.
Coinnigh súil ar chúrsaí acadúla na hOllscoile agus cinntigh go bhfuil caighdeán agus fáil leathan ar réimse de chúrsaí Gaeilge á choinneáil ag an gColáiste, go háirithe I gcás na gcoláistí do mhúinteoirí, go gcoinnítear le haon riachtanas Gaeilge.
colún gaelach le sonrú go seachtainúil i nuachtán an Choláiste
comharthaí datheangacha le Gaeilge ar chomhmhéid iontu san ionad mac léinn nua,
agus aon taifead.ealaíon/eolas ina irde nó le feiceáil ann as Gaeilge na háiseanna sp órt ar fad istigh a bheith datheangach.
Comharthaí dhátheangach-Lá iomlán ag cur lipéid“As Gaeilge anois” ar comharthaí nach bhfuil dhátheangach sa Choláiste - beidh comórtas i gceist don bhfoireann a fhaigheann an méid is mó
Comhfhreagas idir Aontas na Mac Léinn agus le hOifigigh na Gaeilge.
Cruthaigh dea-chaidreamh leis an Aontas/roinn na Gaeilge/foireann na hollscoile
cuairteanna do dhaltaí meánscoile (Lá oscailte ‘Higher Options, eolas/ daoine le Gaeilge ann
cuir leis an méad Gaeilge sna nuachtáin/irisí/foilseacháin uile an choláiste
Daoine le Gaeilge a spreagadh le bheith mar ionadí ranga/ páirt a ghlacadh san aontas
dátheangach, agus mar thús fáilte/ roinnt lch as Gaeilge
Deá-chaidrimh le hAontas na mac léinn, gach foireann cumann luathchleas Gael is aid a spreagadh leis an nGaeilge a úsáid.
Déantar séirbhís leathan aistriúcháin a éileamh
dialann an aontais dhátheangacha an bhliain seo chugainn. Bíonn seirbhísí agus foirmeacha i nGaeilge sa Choláiste cheanna féin.
Eolas a scaipeadh faoi fheachtais atá ag Conradh na Gaeilge nó eagraíochtaí eile Gaeilge.
Faigh cead le dul isteach I léachtaí na mac léinn Gaeilge, na mac léinn in aon chúrsa le labhairt leo faoi fheachtais/imeachtaí
Fáilte a bheith iomlán dátheangach
Fáinne a spreagadh
Feachtais- foirm acht na dteangacha
Feachtais….d’ainm a aistriú go Gaeilge…Lipéad a thabhairt amach, grúpa ar facebook
Feachtas éigin a chuirfeadh an Ghaeilge chun cinn i measc fhoireann na hollscoile,.
Feachtas Gaeilge agus fáilte/fáinnía scaipeadh ar mhic léinn/foireann a bhfuil Gaeilge acu.
feachtas 'is libhse mé' faoin nGaeilge, scaipeadh eolais faoi ranganna , má eagraíonn an coláiste féin iad.
Feachtas le daoine a spreagadh le Gaeilge a úsáid ar Facebook
feachtas le Seomra Caidirimh a chaint amach.
Feachtas-gaeilge a labhairt leis an tiománaí bus
Fógraíocht bhuan agus fógraíocht I mbialanna is mar sin de a athrú go Gaeilge
foirmeacha Gaeilge
Gaeilge a úsáid le baill foirne ar lá/laethanta áirithe
Gaeilge Gach Aoine – labhraítear Gaeilge timpeall an choláiste gach Aoine.
Gaelscéal/nós/comhar/fáinní/leabhair Ghaeilge a bheith ar díol i Siopaí de chuid an Aontais ansin daoine a spreagadh le hiad a cheannach
glac páirt i Rith 2012
Labhairt le scoileanna sa cheantar faoi dheiseanna le Gaeilge a roghnú mar chúrsa/ dul isteach sa chumann/scéim nó eile.
Litreacha dearfacha faoin nGaeilge a sheoladh chuig nuachtáin a fhoilsíonn ailt I gcoinne na teanga.
Suaitheantas/lógó aontas na mac léinn dhátheangach
Daoine a spreagadh le leagan Gaeilge dá n-ainmneacha a úsáid
Má táthar ag glacadh páirte in agóidí eile de chuid na mac léinn, déantar as Gaeilge- é le comharthaí mór as Gaeilge
mar sin leis ba chóir díriú isteach ar chuid mhaith de gach publications,a bheit i nGaeilge
Mic léinn a spreagadh le seirbhísí Gaeilge a úsáid - Seirbhísí gutháin póca, Google trí Ghaeilge, Facebook trí Ghaeilge.
Mic léinn chur ar an eolas faoi Chomhluadar/pháistí a thógáil le Gaeilge(léacht faoi) agus bheith i dteagmháil leis an Naíonra áitiúil/feiscint an bhfuil seirbhís ann.
Microsoft as Gaeilge
Ní mholtar meascadh le haon pháirtí polaitiúil faoi leith agus ba chóir iarracht a dhéanamh an teanga a chur chun cinn ar bonn traspháirtí agus trasphobail.
Níos mó cláracha as Gaeilge ar an stáisiún Raidió
níos mó Gaeilge a bheith ar phóstaeir agus foilseacháin an Aontais
No Béarla-Feachtas 24 uair a' chloig gan Béarla a labhairt nó a úsáidi gcomhair carthanachta
Ó thaobh Belfeild fm/observer ba chóir go mbeadh ar a laghad méid áirithe Gaeilge ann- íocaim as an observer is ní bhíonn ach alt amhain as Gaeigle- teastaíonn níós mó!!!
Páirt a ghlacadh in agóidí ar son na Gaeilge
póstaeir- cuid Ghaeilge ar gach ceann agus/nó céadatán airithe as Gaeilge amháin (d'fheádfaí mic léinn a úsáid chun iad a aistriú- bheadh daoine sásta é a dhéanmah, is mura bhfuil déánfaidh mise é! D'fhéádfaí córas iina ndeánfadh daoine rudaí a aistriú ar soin an aontais
Programme Officers and Class Reps.- d'fheádfaí a rá leo teagmhail dátheangach/ ar a a laghad beagán Gaeilge a úsáid is iad ag caint leis na ranganna / eile
Ról na Gaeilge i mbunreacht an aontais agus sa choláiste féin a bhrú chun tosaigh le cinntiú go gcolíontar a ndualgasaí
Scaiptear an focal faoi ríomháiseanna na Gaeilge
Scéim Chónaithe sa Choláiste- Lá Eolais a reáchtáil chun daoine a bheadh suim acu cónaí le chéile trí Ghaeilge a chlárú -ainmneach a thabhairt don Oifig Lóistín sa Choláiste
Scéim Chónaithe a chur chun cinn
Scrúduithe a dhéanamh as Gaeilge
Seirbhís fóin- as Gaeilge
seirbhísí leictreonacha dátheangach
seo an rud ó shuíomh an aontais faoi ról oifig feachtais
Seomra a fháil don chumann.
seomra caid. Gaeilge/seomra do Ghaeilgeoirí ann?
Seomra Caidrimh sa Choláiste- Achainí agus agóid (más gá) chun seomra caidrimh Gaeilge a fháil sa Choláiste
Seomra na Gaeilge a fháil in ionad mac léinn/I bhfoirgneamh ar champas
Siopa- Gaeilge sa siopa I gcomhair lá
Súil a choinneáil ar imeachtaí na hollscoile; aon fhoirgneamh nua/athrú bialainne nó mar sin, bí ag déanamh stocaireachta le cinntiú go mbeidh seirbhísí Gaeilge/comharthaíocht Ghaeilge iontu.
Súil a choinneáil ar gaelport.com agus scéalta faoin nGaeilge sna nuachtáin
suíomh an aontas go Gaeilge
tacú le gnólachtaí Gaeilge; m’sh má tá duaiseanna, dearbhán leabhar le bronnadh ar dhaoine, faightear a leithéid I siopaí leabhar Gaeilge
Tacú le Na Gaeil Óga/ foireann Ghaeltaca i gCorcaigh agus tionscnaimh eile pobail.
Teicneolaíocht na Faisnéise (IT) nó pé duine atá i gceannas air roinnt ríomhairí le Microsoft agus windows as Gaeilge a chur orthu nó ar a laghad go mbeadh cinn as Gaeilge nó le Gaelspell (litreoir as Gaeilge) ar fail in Newman. Cúlra na ríomhairí a bheith dátheangach
Timpeall na hOllscoile – as Gaeilge- comharthaí, suíomh, blackboard, gmail an choláiste, scrúduithe, seirbhísí i ngach foirgneamh, fógraíochta Ghaeilge sna siopaí, nuachtáin irisí Gaeilge sna siopaí, gan glacadh le UCD mar ainm ar COBÁC, ríomhairí a bheith as Gaeilge agus gaelspell micrososft as Gaeilge orthu. agus aon rud eile!
Úsáid a bhaint as seirbhísí Gaeilge na hollscoile/ iarracht a dhéanamh tuilleadh seirbhísí a fháil
Yes Gaeilge
Comharthaí a athrú go Gaeilge/dátheangacha
Comharthaí nua a chinntiú I nGaeilge
Eolas a scaipeadh faoin gCoimisinéir Teanga agus seirbhísí as Gaeilge
FOILSEACHÁIN/FÓGRAÍOCHT
Suíomh an choláiste- bíodh nasc ann chuig an gcumann
Vicipéide/Wikipedia- cruthaigh leathanach daoibh féin
Bunreacht – scríobh ceann
Cabbage /clickatell –córas téacsanna a sheoladh amach ón idirlíon
E-leathanach á sheoladh amach go dtí bunscoileanna agus chuig na mic léinn ar fad sa choláiste, a chabhraíonn leo agus iad ag pleanáil do cheachtanna Gaeilge ar cleachtadh múinteora.(coláistí múinteoireachta)
Bíodh an cumann ar Facebook, Youtube, Twitter, Blag ar blogsport.com, google+, agus agch rud eile agus coinnigh súil ar shuímh nua ag teach chun cinn
Suíomh idirlín- bíodh ceann agaibh má tá sibh in ann é a choinneáil cothrom le dáta/íoc as
Seoladh ríomhphoist – moltar gmail a úsáid, is ainm an chumainn is an choláiste as Gaeilge
Fógráin/eitleoigíní - a úsáid do imeachtaí móra, iad a scaipeadh ar léachtaí
Eagraíochtaí Gaeilge- Glór na nGael, Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge, Conradh na Gaeilge, Údarás na Gaeltachta, Foras na Gaeilge, Gael Linn
Irisleabhar an Chumainn – go bliantúil le cur síos ar imeachtaí na bliana
Irisleabhar bhliantúil Gaeilge
Leabhair Ghaeilge sa leabharlann a phoibliú, cinn a fháil mura bhfuil siad ann
Nós/Gaelscéal/Comhar/Foinse a cheannach ag an gcumann do na baill is eolas a scaipeadh fúthu seo
Leabhrán Gaeilge de na gearrscéalta, filíocht/ailt is fearr ó Roinn na Gaeilge, mic léinn is foireann gach bliain
Leathanach Gaeilge/leathanaigh sa nuachtán ollscoile/ nuachtán iomlán ollscoile a chruthú
Nuachlitir mhíosúil
Nuacht trí Gaeilge ar raidió an choláiste
Nuachtlitir na Scéime go míosúil
Podchraoltaí Gaeilge
Poiblíocht; raidió an choláiste, stáisiúin raidió áitiúla/ dhaoine óga, Raidió Rírá, Raidió na Life, Raidió Fáilte, Raidió na Gaeltachta agus TG4, Saol na Gaeilge, Gaelscéal, Comhar, Nós, An t-Ultach,
Seomra Caidrimh- bíodh na meáin Ghaeilge ar siúl ann
Foilseacháin na hOllscoile- do iarmhic léinn is mar sin, cinntigh go bhfuil eolas foain gcumann ann
Stionsail (Stencils) – agus úsáidtear píobán uisce faoi bhrú leis an íomhá a ghlanadh(bíonn siad timpeall na gcathracha)
Twitter – úsáid seo agus déan ceangail le cumainn agus dreamanna eile Gaeilge
Hi Again:D There are also Competitions run by Foras na Gaeilge and Glor na nGeal for second Level Cumann Gaelach's
One thing that would be interesting to try in a secondary school would be a Lá/Seachtain Gan Béarla, basicly a group of people get to gether and do a sponsered day/week where they speak only Irish. Think of it like a 24 hour fast except with No English instead of no food. Any money raised goes to charity (This stops people giving out to you for refusing to speak English )0 -
Thanks a million An Coilean you must have gone to some trouble to post all that. There's plenty of ideas there for us to use, thanks0
-
-
Join Date:Posts: 133
An Coilean wrote: »You thnk I wrote all that:eek:
Copy and paste little grasshopper, copy and paste;)
Jaysus, ya must have spent days typing all that out into Boards. Féir plé dhuit. :P0
Advertisement