Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Scúp ar TG4

  • 01-03-2013 1:18pm
    #1
    Registered Users Posts: 9

    An bhfaca éinne an clár nua "Scúp" i rith na seachtaine? Chonaic mé é ar an player agus caithfidh mé a rá go raibh sé go maith. Dráma faoi foireann atá ag obair i bpáipéir nuachtán lán gaelach atá i gceist. Is iad Cyril McDuff as Fr. Ted agus Kate as Raw beirt de na príomh aisteoirí ann. Ceard a cheap sibh féin?

Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Ní fhaca mé é ach beidh athchraoladh ar an Luan. Seo iad na hamannta:

    Dé Céadaoin @ 22:00 | Atchraoladh Dé Luain @ 23:35

  • Closed Accounts Posts: 84 ✭✭johnolocher

    tá mé tar éis ag breathnú air, bhí iontas orm mar bhí sé go hiontach mar drama, an dráma, tá aisteoireacht den chead scoth ann agus níl an ceol camp cosiúl le Crisis Eile. Áfach taistíonn níos mo claracha i mBaile Átha Cliath uainn sílim, an bhfuil rud ar bith i mBÁC?

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭craoltoir

    Is dócha go mbraitheann sé ar na léiritheorí neamhspleácha a sholáthraíonn na cláracha do TG4.

  • Registered Users Posts: 9 Fr. Hank Tree

    Chonaic mé an dara eipeasóid aréir. Arís bhain mé taitneamh as. Bhí siad ag dul ó gaeilge go bearla i rith an eipeasóid seo agus tuigim gur seo gaelige atá i gceist ach cheap mé go raibh na píosaí bearla a bhí caite isteach cliste mar is docha go bfuil sin mar atá sé i saol réadúil. Bíonn ar roinnt mhaith de na daoine a úsáideann gaeilge gach lá bearla a úsáideann freisin. Rith siad tríd an scéal leis an bhfear a bhí i bpríosúin saghas tapúla ach tuigim gur caithfidh siad an scéal a críochnú san epeasóid chun "an scúp" a fháil. Níl ach gearán beag é seo. Táim ag tnuth leis an tríú eipeasóid anois. An bhfaca éinne eile an eipeasóid seo?

  • Registered Users Posts: 66 ✭✭ciaran1212

    D'fhéach mise air freisin, is ceapaim go raibh sé iontach mar dhráma Gaeilge. Beidh mé i mo lucht féachana den chéad ceann eile. Ach bhí sé deacair domsa an Ghaeilge a leanúint, is ba bhreá liom é má chuireann siad Gaeilge ar na fotheidil, beadh i bhfad níos mó fónaimh ann.

  • Advertisement
Advertisement