Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi all! We have been experiencing an issue on site where threads have been missing the latest postings. The platform host Vanilla are working on this issue. A workaround that has been used by some is to navigate back from 1 to 10+ pages to re-sync the thread and this will then show the latest posts. Thanks, Mike.
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Aon Guthán Gaeilge?

  • 10-04-2013 9:15pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,710 ✭✭✭


    An bhfuil aon guthán Gaeilge are an margadh anois? Is cuimhin an Samsung tocco a bhí againn cúpla bliain ó shin...

    Ag breathnú timpeall ní fheicim ach cúpla feidhmchláranna le Ghaeilge, ach níl an córas oibriúcháin ar fáil ach i mBéarla. De réir mar a thuigim, tá deachracht ag baint le hAndroid toisc go bhfuil an t-úfás leagan difriúil agus tá Microsoft ag obair ar na príomhtheangacha.

    An bhfuil ceann ann nach bhfeicim nó an bhfuil a fhios ag aon duine, an bhfuil duine éigin ag obair ar seo?


Comments

  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    (Níl fios agam mar táimse fós ag úsáid tocco as Gaeilge!)


    Nach bhfuil na fón Android le fáil as Gaeilge? Níl fios agam an aistriúcháin maith atá le fáil, ach cheap mé go raibh sé :-o

    Ní feicim fiú áit chun cabhrú aistriú... tá sin fíor suimiúil... :-(


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,710 ✭✭✭Monotype


    Is trua é sin. :(

    D'fhéach mé timpeall ach ní fheicim aon uirlisí chun aistriúchán mar sin a dhéanamh. Níl ann ach cinn le feidhmchláranna a scríobh. Tá an teanga lárnach mar chuid de Android agus mar sin ní bheadh tú in ann teanga eile a chuir mar 'chlúdach' air, de réir mar a thuigim, agus tá Windows ró-dhúnta chun do cheann féin a scríobh. Níor bhreannaigh mé ar Apple toisc gur maith leo a rud féin a dhéanamh.


  • Closed Accounts Posts: 3,648 ✭✭✭Cody Pomeray


    Bí cúramach gan an síneadh fada a usáid ann!

    (í mBearla) http://www.irishtimes.com/news/texters-charged-for-the-s%C3%ADneadh-fada-1.726504


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,710 ✭✭✭Monotype


    GRMA, ach ní nuacht é sin dáiríre. Cheap mé go raibh seo ar eolas ag gach duine le deich mbliana anuas. Nuair a bhíonn tú ag scríobh teachtaireachtaí, deir sé rud éigin cosúil le 130/2 (carachtar/méad teachtairachtaí) ar beagnach gach uile gutháin. Téann an dara uimhir suas go tapaidh nuair a chuireann tú fada nó aon carachtar 'speisialta' eile isteach.

    Deir sé fiú, ar an suíomh o2, nuair atá tú ag cur isteach fada go núsáidfear níos mó ná teachtaire amháin. Bheadh orthu an chóras ionchódú (encoding) a athrú ar na ghrésán go léir nó níos lú charactar a chuir ar fáil do ghach duine.
    Nó dhá teachtairí a úsáid nuair a bhíonn fada ann agus gan ach airgead a thógáil do cheann amháin.

    Ceapaim nach mbíonn aon chostas do na ghréasáin (o2, vodafone, meteor, srl.) teachtaire 160 charactar a sheoladh toisc nach mbíonn ach beagánín sonraíocht i gceist. Ach nuair a sheolann tú pictiúir, teachtaireachtaí fada nó glaoch - bíonn costas ann ar na ghréasáin toisc go bhfuil sé tharr an bun leibhéal agus bíonn orthu íoc air mar chraolachán.

    Bheadh sé go hiontach dá mbeinn fada a chuir isteach ach níl a fhios agam an fiú gearán faoi ag an am seo.


  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean


    Ta feidhimclar Gaeilge ar fail ar gach uile samsung.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Feidhmchlár nó an chóras oibriúcháin uilligh a Coileain?


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Chur mé ceist ar mo chara, duirt sé go bhfuil an teanga Gaeilge ar a guthán Android (ó Samsung)

    Glacaim nár Gaeilgeoir é, ach tá píosa Gaeilge aige...!


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 6,710 ✭✭✭Monotype


    Go raibh maith agat. Breannóidh mé isteach ar sin. Is dócha go ndéanann sé ciall go mbeadh Gaeilge ag ceann Samsung toisc go mbeadh siad in ann cuid den aistriúcháin on tocco a ath-úsáid.


  • Closed Accounts Posts: 1,285 ✭✭✭An Coilean


    Cliste wrote: »
    Chur mé ceist ar mo chara, duirt sé go bhfuil an teanga Gaeilge ar a guthán Android ()

    Glacaim nár Gaeilgeoir é, ach tá píosa Gaeilge aige...!

    Bron orm faoi mall, is chóras oibriúcháin i nGaeilge ata ar fail ó Samsung, na roghchláir etc.


Advertisement