Advertisement
If you have a new account but are having problems posting or verifying your account, please email us on hello@boards.ie for help. Thanks :)
Hello all! Please ensure that you are posting a new thread or question in the appropriate forum. The Feedback forum is overwhelmed with questions that are having to be moved elsewhere. If you need help to verify your account contact hello@boards.ie
Hi there,
There is an issue with role permissions that is being worked on at the moment.
If you are having trouble with access or permissions on regional forums please post here to get access: https://www.boards.ie/discussion/2058365403/you-do-not-have-permission-for-that#latest

Coimisinéir Teanga nua ainmnithe

  • 11-02-2014 12:49pm
    #1
    Registered Users, Registered Users 2 Posts: 781 ✭✭✭


    Is é Rónán Ó Domhnaill atá ainmnithe mar chomharba ar an gCoimisinéir Teanga Seán Ó Cuirreáin, a bhéas ag éirí as ar an 23 Feabhra. Tá an tUasal Ó Domhnaill ag obair faoi láthair i seomra nuachta RTÉ, mar chomhfhreagraí polaitiúil TG4.


Comments

  • Banned (with Prison Access) Posts: 31,117 ✭✭✭✭snubbleste


    Níl sé ach 38!
    Suimúil


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    Go n-éirí leis! Tá dúshlán mór roimhe.


  • Closed Accounts Posts: 222 ✭✭haveabanana


    Bútaisí mór le líonadh! fair play dhó.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 1,145 ✭✭✭Poll Dubh


    An scéal leis an Irish Times. Ní raibh mé ag súil go mbeidh iriseoir eile ceaptha don phost.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 288 ✭✭Bricriu


    Ní dea-scéala, ar chor ar bith, é ceapadh Rónáin Uí Dhomhnaill ina Choim. Teanga.

    Ní Comhfhreagraí maith Polaitíochta a bhí ann agus é in TG4. Sórt básachán a bhí ann, agus níor léirigh sé éirim ná géarchúis sa chúram sin. Agus, de réir tuairisce, ba le Béarla a tógadh é ar an gCeathrú Rua.


  • Advertisement
  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 3,620 ✭✭✭Grudaire


    Má's daoine le Gaeilge ó dúchás amháin atá sásúil duitse ar feadh gach post mór mar seo beidh fadhb ag an teanga.

    Níl fios agam aon rud faoi áfach..


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 2,842 ✭✭✭Micilin Muc


    Tá sé tábhachtach tréithe an iriseora a bheith ag an gCoimisinéir ó thaobh iniúchadh a dhéanamh ar ghearáin. Is dócha gur bhain an tréith sin le Seán Ó Cuirreáin chomh maith.

    Is cuma liomsa má tógadh le Béarla, Gaeilge nó Fraincis é. Tá Gaeilge mhaith aige agus tá tuiscint aige ar na deacrachtaí a bhaineann le gnó a dhéanamh leis an Stát trí mheán na Gaeilge.


  • Registered Users, Registered Users 2 Posts: 288 ✭✭Bricriu


    Sin cuid den fhadhb le Rónán Ó D. - tá a chuid Gaeilge lofa!


Advertisement